Ní beo Meiriceá gan a bheith ag cur a shúile thar a chuid

Tá sé déanta amach gur maraíodh thart ar mhilliún duine go díreach mar gheall ar an gcogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta a lean 9/11

Ní beo Meiriceá gan a bheith ag cur a shúile thar a chuid

Beidh sé fiche bliain Dé Sathairn seo chugainn ó rinneadh an t-ionsaí marfach leis na heitleáin i Nua-Eabhrac. Silfear deora goirte mar gheall air arís an iarraidh seo, go mór mór i Meiriceá féin.

Níl amhras ar bith nár mhór an sléacht a rinneadh an lá sin. Maraíodh 2,996 duine.

Figiúr é a luafar go minic sna laethanta beaga seo romhainn ach is beag trácht a dhéanfar ar an ár agus ar an martrú atá déanta ag Meiriceá ó shin sa gcogadh a d’fhógair siad ar an sceimhlitheoireacht go gairid i ndiaidh an ionsaithe i Nua- Eabhrac.

Tá sé déanta amach gur maraíodh thart ar mhilliún duine go díreach dá bharr agus gur cailleadh daoine gan áireamh go hindíreach.

Is iomaí bealach a ngoilleann cogadh ar shaighdiúirí, gan bacadh ar chor ar bith leis na sibhialtaigh. Tagann formhór na saighdiúirí slán de pháirc an chatha ach bíonn scéin chomh mór sin curtha iontu go gcuireann a lán acu lámh ina mbás féin ar fhilleadh abhaile dóibh.

Déanann ocht saighdiúir déag ar an meán é sin i Meiriceá chuile lá.

Déantar neart plé sna cúrsaí seo ar na treallchogaithe a leagann buamaí ach is annamh a labhraítear ar bhuamaí lucht na gcumhachtaí móra – sceimhlitheoireacht stáit, lena rá ar bhealach eile.

Chuirfeadh sé an ráiteas a bhíodh ag Brendan Behan i gcuimhne dhuit: ‘The terrorist is the one with the small bomb’.

Cén fáth a bhfuil na treallchogaithe ag ionsaí Mheiriceá agus thíortha eile an Iarthair ar aon bhealach? Ceist í sin nach gcloisfidh tú á plé ar chláracha díospóireachta RTÉ.

Nach maith nach ndéanann siad aon ionsaí ar an tSín, mar shampla? Nuair a dhíbir an Taliban na Meiriceánaigh as an Afganastáin fágadh ambasáid na Síne i gCabúl oscailte. Dúirt urlabhraí ar son an Taliban gur cairde leo na Sínigh.

Bhí ómós ag na Sínigh i gcónaí do neamhspleáchas na hAfganastáine, ar seisean.

Tá drochbhail ar gheilleagar na hAfganastáine faoi láthair agus teastaíonn iasachtaí airgid go ríghéar uathu. Tá sé tugtha le fios ag tíortha an Iarthair nach dtiocfaidh siad i gcabhair ar rialtas nua an Taliban; go gcoinneoidh siad siar an t-airgead le béasa a mhúineadh don Taliban.

B’fhéidir go gcoinneodh ach ní shin í an intinn atá ag na Sínigh.

Tá polasaí acusan atá bunaithe ar Bhóthar an tSíoda a bhíodh fadó ann. Tá siad ag infheistiú airgid go tréan i dtíortha éagsúla le bóthar nua tráchtála a réiteach dóibh féin.

Tá a fhios acu freisin go bhfuil neart copair agus litiam san Afganastáin.

Ceann de na cúiseanna is mó a ndéantar ionsaithe sceimhlitheoireachta ar Mheiriceá ná go bhfuil a srón sáite ag na Meiriceánaigh i gcúrsaí polaitíochta agus rialtais ar fud an domhain.

Impiriúlaigh atá iontu. Tá saighdiúirí ar dualgas acu i mbeagnach 150 tír ar fud na cruinne.

Shílfeá go bhfuil tír bhreá atá fada fairsing acu féin agus go mbeadh a ndóthain ansin ach ní beo iad gan a bheith ag cur a súile thar a gcuid.

Tá croitheadh bainte ag an Taliban as Impireacht Mheiriceá ar chuma ar bith.

Is ea, agus ós ag caint ar an Taliban arís mé, tá sé déanta amach anois go raibh pobal na tuaithe ar son an Taliban le fada agus go raibh sin ina chúis mhór leis an gcaoi ar bhain siad ceannas na tíre amach chomh sciobtha agus a rinne.

I gcathair Chabúl a bhí an chuid ba mhó de chomhthacaithe na n-eachtrannach. Focal é ‘comhthacaithe’ nach gcloisfidh tú go brách ar chláracha díospóireachta RTÉ faoi scéal na hAfganastáine.

Cén chéad toradh eile a bheas ar an bpraiseach seo ar fad? Is cinnte go bhfuil imní ag teacht ar lucht ceannais na Téaváine agus na Cóiré Theas nach féidir brath ar thacaíocht na Meiriceánach feasta.

Tá ceannairí san Aontas Eorpach ar an bport céanna agus iad ar a míne géire ag iarraidh arm Eorpach agus impireacht nua a bhunú.

Faraor, tá daoine díchéillí sa tír seo againn féin atá ar a shon sin freisin.

Fág freagra ar 'Ní beo Meiriceá gan a bheith ag cur a shúile thar a chuid'

  • Indrek

    A Sheosaimh, ní maith leat na Meiriceánaigh a bheith ina ‘n-impiúralaigh’, ach is cuma leat na Sínigh ‘Bóthar an tSíoda’ nua dá gcuid a bhrú ar thíortha atá ar ghannchuid airgid, tairiscint nach féidir leo siúd diúltú di, cé gur léir don dall é go mbeidh orthu airgead a fháil ar iasacht ón tSín féin leis an mbonneagar nua a thógáil, sa gcaoi go mbeidh siad ar a bos ag an tír sin gan mórán achair … Nach aontaobhach an scéal é atá á inseacht agat anseo?

  • Peter Gilmore

    Is mór an olc impiriúlachas Méiriceanach mar a thaispeanánn na fíricí seo go soiléir.

  • Fiachra

    Dob fhiú doaibh “The CIA as Organised Crime – How Illegal Operations Corrupt America and the World” Le Douglas Valentine, 2017, Clarity Press, Inc. a léamh… Tá léargas spéisiúil ann ar an scéal ó Vietnam i leith.

  • Gearóid

    A Sheosaimh, míle buiochas as meabhrú dúinn faoin impireacht Méiriceánach agus an droch éifeacht atá aige ar an Afghanistán. Gan dabht ar bith bíonn an fhírinne searbh ach ní bheidh sí le léamh i bpríomh meán cumarsáide an Iarthar!
    Rud eile, ba chóir bheith ag meabhrú dúinn féin ná ba é an C.I.A, féin, uirlis na hImpireacht agus eagráíócht choiriúil a chruthaigh an Taliban nuair a thug siad tacaíocht don Mujahaddín sna hochtaidí.

  • An Teanga Bheo

    Impireacht gan éifeacht sea súile móra le saint agus síor ionsai i réim go laidir sin é.
    éist leis an “Talamh Bán “