Ní beo ach díbheo atá an Dáil seo

Chonacthas sampla breá Dé Máirt seo caite den saothar gan mhaith atá agus a bheidh ar bun ar an dá thaobh den Dáil idir seo agus an toghchán

Ní beo ach díbheo atá an Dáil seo

Ní thiocfaidh deireadh le tréimhse na Dála seo ago dtí Feabhra 2021 de réir dlí, ach tá a ré ghníomhach ídithe cheana féin.

Ar an gcéad amharc, tá chuile shórt ag leanacht ar aghaidh mar is gnáth. Cuirtear ceisteanna, tugtar óráidí, agus fiosraítear rudaí ag coistí. Craoltar giotaí gonta fuaime ó Theach Laighean ar chláir raidió agus teilifíse, agus cuireann Teachtaí Dála a gcuid cainte ar Facebook agus Twitter chun a thaispeáint go bhfuil siad gnóthach i gcónaí.

Mar sin féin, ní beo dáiríre ach leathmharbh atá an Dáil seo. Níl reachtaíocht ná polasaí nua a réitíonn fadhbanna dáiríre nó a thugann aghaidh ar roghanna crua á gcur chun cinn. Gan amhras, tá billí á moladh i gcónaí ag an bhfreasúra, agus bac á chur orthu ag an rialtas. Éistfear cás san Ard-Chúirt roimh an Nollaig, ina dtabharfaidh Bríd Smith agus triúr Teachtaí Dála sóisialacha eile dúshlán chinneadh an Cheann Comhairle nach féidir reachtaíocht ón bhfreasúra a rith má thugann an rialtas le fios go bhfuil caiteachas i gceist.

Beidh ceathrar Teachtaí Dála nua i láthair Dé Máirt nuair a thabharfaidh na Daonlathaigh Shóisialta dúshlán an rialtais. Pléifear agus vótálfar an lá sin ar rún a deir nach bhfuiltear muiníneach as an Aire Tithíochta Eoghan Murphy.

Má thugann móramh tacaíocht don rún, cuirfear an Dáil ar lánscor láithreach. Gan amhras, is é ‘má’ an focal is tábhachtaí san abairt sin. Ainneoin an buaileam sciath agus an briatharchath a chloisfear roimh am na vótála, is í tuairim na saoithe nach bhfuil seans dá laghad ann go vótálfaidh móramh i bhfabhar olltoghcháin. 

Chonacthas sampla breá Dé Máirt seo caite den saothar gan mhaith atá agus a bheidh ar bun ar an dá thaobh den Dáil idir seo agus an toghchán. D’fhógair an tAire Iompair Shane Ross pionóis nua luais a ghearrfar ar bhonn céimnithe ar thiománaithe amach anseo. Rachaidh na pionóis i ndéine dá ghasta a bhíonn na tiománaithe a mbeirtear orthu ag tiomáint. Mar shampla, má bhíonn luas faoi ghluaisteán atá 30 ciliméadar san uair thar an teorainn cheadaithe, gearrfar fíneáil suas le €2,000 ar an tiománaí, agus cuirfear seacht bpointe pionóis ar a cheadúnas tiomána.

Ní call, áfach, do thiománaithe mífhreagracha a bheith imníoch – sa ghearrthéarma ar a laghad. Níl aon seans go mbeidh an reachtaíocht, a theastaíonn le dlí a dhéanamh de na pionóis a d’fhógair Shane Ross, curtha i bhfeidhm nó rite fiú amháin roimh an olltoghchán. 

D’athraigh Ross an reachtaíocht, inar mhol sé i dtosach go gcuirfí tiomáint chontúirteach i leith tiománaithe a mbéarfaí orthu agus 30 ciliméadar á dhéanamh acu, nuair a chuir Michael Ring, Seán Kyne agus Paul Kehoe ina choinne. Is léir cheana féin go molfar leasuithe eile agus an bille á phlé sa Dáil. Mar shampla, níl aon idirdhealú sa chóras a d’fhógair an tAire Iompair (níl bille dréachtaithe aige fós) idir tiomáint ghasta ar chúlbhóthar agus tiomáint ghasta ar mhótarbhealach.

D’admhaigh Ross agus na pionóis nua á bhfógairt aige nach raibh an dlí atá i bhfeidhm faoi láthair á chur i bhfeidhm, fiú i gcás tiománaithe a chiontaítear. Dúirt Marc MacSharry ó Fhianna Fáil nár íocadh 35% de na fíneálacha luais (ar fiú €27 milliún iad) a gearradh ar thiománaithe.

Mhaígh urlabhraithe ó chumainn a labhraíonn ar son gaolta daoine a maraíodh ar na bóithre nach raibh na Gardaí feiceálach ná gníomhach ó thaobh teorainneacha luais de.

D’admhaigh an tAire nach raibh feidhmiú an dlí sásúil i gceantair áirithe.

Is léir mar sin go mbeidh go leor ábhar le plé, agus leasuithe á moladh, nuair a phléifear an bille sa Dáil, ach níltear ag súil go mbeidh tús curtha leis an díospóireacht sin roimh an olltoghchán. 

“An rud is annamh is iontach,” a dúirt cúlbhinseoir rialtais le scríbhneoir an cholúin seo i rith na seachtaine. “Tá muintir na hÉireann agus daoine ar chaon taobh den Dáil ar aon tuairim: ní theastaíonn olltoghchán uathu. Ní mian leo an doras a oscailt sa dorchadas. Agus b’fhearr lenár bhformhór gan a bheith amuigh sa bhfuacht ag caint ar chúrsaí polaitíochta.”

Is idir an Cháisc agus lár mhí na Bealtaine atáthar ag súil le fógairt an olltoghcháin. Spriocam é sin a thabharfadh ceithre mhí ar a mhéid do na Teachtaí Dála nuathofa sula mbeidh orthu aghaidh a thabhairt ar na vótóirí arís.

Fág freagra ar 'Ní beo ach díbheo atá an Dáil seo'