‘Ní baol don ‘aontas’ an Ghaeilge, ach ní ghéillfear d’Acht don Ghaeilge amháin’ – Arlene Foster

Mhol ceannaire an DUP anocht go dtiocfaí ar mhargadh a thabharfadh aghaidh ar cheisteanna teanga agus féiniúlachta laistigh de 'thréimhse áirithe ama' i ndiaidh athbhunú an fheidhmeannais, moladh ar dhiúltaigh Sinn Féin agus an SDLP araon dó

‘Ní baol don ‘aontas’ an Ghaeilge, ach ní ghéillfear d’Acht don Ghaeilge amháin’ – Arlene Foster

Tá molta ag ceannaire an DUP Arlene Foster go ndéanfaí ‘margadh cultúrtha’ maidir le cúrsaí teanga agus féiniúlachta chun go bhféadfaí feidhmeannas a athbhunú láithreach.

In óráid a thug sí d’fheidhmeannas an DUP i mBéal Feirste anocht, dúirt Foster nár bhaol don ‘aontas’ ná d’aontachtaithe an Ghaeilge.

“We have nothing to fear from the Irish language nor is it any threat to the union,” a dúirt Foster.

Thug ceannaire an DUP le fios, áfach, nach ngéillfí don éileamh go dtabharfaí acht teanga don Ghaeilge amháin isteach, an dris chosáin is mó roimh athbhunú Stormont.

Dhiúltaigh Sinn Féin agus an SDLP araon anocht do mholadh Foster maidir le ‘margadh cultúrtha’ a dhéanamh.

Tá ráite ag Uachtarán Shinn Féin Gerry Adams nach dtacóidh a pháirtí le hathbhunú an fheidhmeannais d’uireasa acht teanga don Ghaeilge amháin.

Dúirt Foster, áfach, nach ngéillfí d’éilimh ‘aontaobhacha’ agus mhol sí go dtiocfaí ar mhargadh a thabharfadh aghaidh ar cheisteanna teanga agus féiniúlachta laistigh de ‘thréimhse áirithe ama’ i ndiaidh athbhunú an fheidhmeannais.

“However what we cannot and will not do is simply agree to one-sided demands. I have also heard from those within the unionist community who hear others speaking about respect, while at the same time they engage in a campaign to denigrate and demonise any and all aspects of our British identity in Northern Ireland or insult the Ulster-Scots community. That is not acceptable,” a dúirt Foster.

Mhaígh sí gur thacaigh an DUP cheana le ‘beartais phraiticiúla’ ar son na Gaeilge agus go ndéanfaí amhlaidh arís dá bhféadfaí teacht ar ‘aontú níos leithne faoi na ceisteanna seo’.

 

Fág freagra ar '‘Ní baol don ‘aontas’ an Ghaeilge, ach ní ghéillfear d’Acht don Ghaeilge amháin’ – Arlene Foster'