‘Ní ar leas aon duine a bheadh gníomh aontaobhach faoin bprótacal’ – an Taoiseach

Tuairiscítear go bhféadfadh go bhfoilseodh Rialtas na Breataine reachtaíocht amárach a cheadódh dóibh gan cloí le cuid den phrótacal a tugadh isteach chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint

‘Ní ar leas aon duine a bheadh gníomh aontaobhach faoin bprótacal’ – an Taoiseach

Deir an Taoiseach Micheál Martin gurb é an buille is measa fós nó “ísealphointe stairiúil” a bheadh ann dá ndéanfadh Rialtas na Breataine cinneadh aontaobhach codanna den Phrótacal iarBhreatimeachta a chur ar ceal.

Dúirt an Taoiseach an méid sin in óráid a thug sé i bParlaimint na hEorpa inniu.

Tuairiscítear go bhféadfadh go bhfoilseodh Rialtas na Breataine reachtaíocht amárach, Déardaoin, a cheadódh dóibh gan cloí le cuid den phrótacal a tugadh isteach chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint.

Dúirt an Taoiseach go raibh Rialtas na Breataine á n-iompar féin “le drochintinn” i gcás an phrótacail.

Dúirt Martin go ndéanfadh gníomh aontaobhach i leith an phrótacail “dochar an-mhór” agus gurb é fírinne an scéil nach mbeadh a leithéid “ar leas aon duine”.

Bheifí ábalta teacht ar fhuascailt na bhfadhbanna praiticiúla a bhain leis an bprótacal ach an toil pholaitiúil a beith ann, arsa an Taoiseach. Chuige sin, bheadh gá le comhoibriú agus cur chuige macánta dáiríre ó Rialtas na Breataine, ar sé.

“Dá ndéanfaí gníomh aontaobhach chun comhaontú sollúnta a chur ar leataobh dhéanfadh sin dochar an-mhór. “Ísealphointe stairiúil” a bheadh ann a dhéanfadh neamhaird ar phrionsabail an dlí arb iad bunchloch an chaidrimh idirnáisiúnta.”

Socrú iarBhreatimeachta idir an tAE agus Rialtas na Breataine an prótacal a leagann síos conas a théann earraí iseach sa Tuaisceart ón Ríocht Aontaithe. An aidhm atá leis an bprótacal ná a chinntiú nach mbíonn teorainn chrua in Éirinn.

Faoin bprótacal déantar earraí áirithe ón mBreatain a sheiceáil ag calafoirt an Tuaiscirt rud a fhágann go bhfuil ‘teorainn ar muir’ anois idir Éirinn agus an Bhreatain.

Deir an DUP agus aontachtaithe eile go mbaineann costais bhreise agus moilleadóireacht leis na seiceálacha nua agus go gcuireann an prótacal as do shláine na Ríochta Aontaithe.

Chuir leascheannaire Shinn Féin Michelle O’Neill i leith na dTóraithe go ndéanann siad pé rud a iarrann an DUP orthu agus nach bhféadfaí glacadh leis sin.

Dúirt sí gur cheart don DUP deireadh a chur lena mbaghcat ar Stormont. Deir an DUP nach dtacóidh siad le hathbhunú an Fheidhmeannais nó go ndéanfar an prótacal a leasú.

Fág freagra ar '‘Ní ar leas aon duine a bheadh gníomh aontaobhach faoin bprótacal’ – an Taoiseach'