Ní aontaíonn Conradh na Gaeilge le maíomh an Taoisigh nach í an stailc “an tslí is fearr” le réiteach a aimsiú ar dheacrachtaí maoinithe Fhoras na Gaeilge.
Chuaigh thart ar 40 eagraíocht agus grúpa Gaeilge ar stailc ar feadh leathlae inniu chun aird a tharraingt ar chás an Fhorais.
D’fhiafraigh urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, den Taoiseach sa Dáil tráthnóna inné an raibh sé ar an eolas faoin stailc a bhí beartaithe chun “infheistíocht chothrom a chinntiú do na grúpaí agus don Ghaeilge”.
“An nglacann an Taoiseach leis go bhfuil géarchéim ann agus an dtacóidh sé leis an stailc amárach? Cad atá á dhéanamh faoin éileamh atá acu?” a d’fhiafraigh Ó Snodaigh de.
Níor ghlac an Taoiseach leis go raibh “géarchéim” ann ach dúirt sé go nglacann sé leis go bhfuil “deacracht faoi leith ann” maidir le buiséad an Fhorais. Dúirt sé gur phléigh sé an scéal maidin inné le hAire na Gaeltachta, Dara Calleary.
“Glacaim [leis] go bhfuil deacracht ann gan amhras. Nílim cinnte gurb í stailc an tslí is fearr chun é seo a réiteach. Bhíos ag labhairt leis an Aire, an Teachta Calleary, faoi seo ar maidin. Bhí an tAire ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i rith an deireadh seachtaine agus bhí daoine ag caint faoi.
“Beimid, agus tá súil agam go mbeidh an Tánaiste, ag déanamh ár ndíchill chun feabhas a chur ar an scéal. Tá a fhios agam go bhfuil deacracht faoi leith ann,” a dúirt sé.
Bhí baill foirne ó chuid de na ceanneagraíochtaí Gaeilge agus eagraíocht agus grúpaí teanga eile ar stailc maidin inniu “mar chomhartha míshástachta” faoi na deacrachtaí airgeadais atá ag Foras na Gaeilge. Ghlac os cionn 40 grúpa agus eagraíocht páirt san agóid idir 9am agus 1pm inniu, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, agus Oireachtas na Gaeilge ina measc.
Níor aontaigh Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, le maíomh an Taoisigh nach stailc an tslí is fearr le déileáil leis an scéal. Dúirt de Spáinn gur féidir “dúshlán ceart a thabhairt do leatrom an stáit” trí ghníomhartha dála na stailce.
“Chonaic muid cumhacht [na stailce] ar maidin, nuair a sheas grúpaí Gaeilge thuaidh agus theas agus grúpaí Gaeltachta ar fad le chéile chun aird a dhíriú ar an easpa infheistíochta inár bpobal le fada fada an lá.
“Tá muid ar fad spreagtha agus tá an cheist go cinnte ar chlár oibre na bpáirtithe thuaidh agus theas,” a dúirt sé.
Bhí súil ag lucht na stailce “aird phráinneach” a tharraingt ar chás an Fhorais, a d’fhógair níos túisce an mhí seo go raibh ciorruithe beagnach €820,000 le déanamh ar an maoiniú a chuirfidh siad ar fáil i mbliana. D’fhógair an Foras go raibh na ciorruithe le déanamh de bharr “bearna mhór” i mbuiséad 2025 na heagraíochta.
Dúirt an tAire Gaeltachta Dara Calleary le baill Chonradh na Gaeilge an tseachtain seo caite go dtuigeann sé an “frustrachas” atá ar eagraíochtaí Gaeilge mar gheall ar na deacrachtaí maoinithe ach go bhfuil súil aige go dtiocfar ar réiteach.
“Tá gach rogha á scrúdú agus tá muinín agam go mbeidh muid in ann teacht ar réiteach. Táimid ag obair i dtreo comhaontaithe. Tuigim an mhífhoighne, agus táim ag déanamh gach rud chun réiteach a fháil. Ní leor réiteach gearrthéarmach, tá ábhair eile le plé le réiteach fadtéarmach a aimsiú,” a dúirt sé.
Dúirt Julian de Spáinn nach raibh i stailc an lae inniu ach “an chéad ghníomh” agus go mbeidh fostaithe an Chonartha agus grúpaí eile “ag dul chun sráide arís” mar chuid d’fheachtas náisiúnta.
“D’aontaigh muid ag an Tionól Géarchéime coicís ó shin go mbeadh feachtas náisiúnta de dhíth chun an cheist phráinneach thrasteorann seo a bhrú ar aghaidh.
“Beidh muid ag dul chun sráide arís go fíorluath agus muid ag éileamh ar an dá rialtas socrú cothrom práinneach fadtéarmach a aontú ar ghéarchéim atá ag déanamh scrios ar na pobail seo ar fud na tíre,” a dúirt sé.
Fág freagra ar 'Ní aontaíonn Conradh na Gaeilge le maíomh an Taoisigh nach stailc ‘an tslí is fearr’ le réiteach a fháil'