Níl an ‘tsíleáil ghloine’ in a smidiríní fós

Tá bean tofa den chéad uair mar Chathaoirleach ar Choiste Contae de chuid CLG agus bean eile ceaptha ar phainéal náisiúnta réiteoirí an IRFU ach beidh tamall eile ann sula ndéanfar smidiríní den 'síleáil ghloine'

An réiteoir, Helen O'Reilly ©INPHO/Dan Sheridan
An réiteoir, Helen O’Reilly
©INPHO/Dan Sheridan

Léiríonn an dea-scéala a tháinig an tseachtain seo caite go bhfuil bean tofa den chéad uair mar Chathaoirleach ar Choiste Contae de chuid Chumann Lúthchleas Gael agus bean eile ceaptha ar phainéal náisiúnta réiteoirí an IRFU tuilleadh den dul chun cinn atá á dhéanamh ag mná sa saol spóirt.

Beidh tamall eile ann, faraor, sula gcaithfidh daoine a bheith cúramach cá leagfaidh siad a gcos ar eagla do seasfadh siad ar na scealpóga deireanacha a bheidh fágtha agus an tsíleáil ghloine curtha de dhroim seoil.

An bóthar traidisiúnta a thaistil Róisín Jordan gur bhain sí Cathaoirleacht Choiste Thír Eoghain amach – iarimreoir a chuaigh ag plé le cúrsaí riarcháin ina club san Eaglais ar dtús agus as sin ag leibhéal an chontae, áit a bhfuil tréimhsí caite aici ar choistí éagsúla agus cúig bliana mar Leas-Chathaoirleach.

De réir a chéile a tharla sé freisin go bhfuil Helen O’ Reilly ar an mbean is túisce a bhfuil áit bainte amach aici ar Liosta Náisiúnta Réiteoirí an IRFU.

As sin a ainmnítear na réiteoirí do Shraithchomórtas an Ulster Bank agus is as freisin a roghnaítear réiteoirí agus réiteoirí cúnta do chomórtais an Guinness Pro 12, an Champions agus an Challenge Cup.

Arís ar ais, is iarimreoir í O’ Reilly, a rinne réiteoireacht ag Corn Domhanda na mBan i mbliana agus a fheicfear i bhfeighil na feadóige i Sraith na hÉireann san athbhliain.

Tá sé thar a bheith deacair tomhas a dhéanamh ar an athrú atá ag teacht ar ról na mban laistigh agus lasmuigh de línte na bpáirceanna agus na gcúirteanna imeartha.

Tá sin amhlaidh mar gur minic roinnt a bheith déanta ar na heagrais faoi leith atá ag plé lena leagan siúd den spórt agus le leagan na bhfear; tá sin fíor, cuir i gcás, sna ceithre spórt is forleithne a imrítear in Éirinn – An Pheil Ghaelach, Iománaíocht/Camógaiocht, Sacar agus Rugbaí.

Cé is móite den Chumann Camógaíochta, is le blianta beaga a tháinig eagraíochtaí eile na mban chun cinn agus, dá réir, tá lámh na hinscne sin go láidir ina riaradh.

Scéal eile atá ann nuair a scrúdaítear na boird agus na coistí is tábhachtaí i móreagraíochtaí spóirt na tíre – go háitiúil agus go náisiúnta.

Beirt rúnaithe contae ban atá sa Chumann Lúthchleas Gael. Níl aon bhean ar an gCoiste Bainistíochta, an coiste is cumhachtaí sa chumann, ná fiú ar an Ard-Chomhairle.

Níl aon bhean ach oiread ar Ardchoiste an IRFU ná ar Bhord Stiúrtha Chumann Peile na hÉireann (FAI), cé go bhfuil roinnt acu ar Chomhairle na hEagraíochta sin, ar a bhfuil os cionn 60 ball.

Eagraíocht nach bhfuil chomh seanbhunaithe leo sin is ea Comhairle Spóirt na hÉireann agus tá beirt bhan ar an mBord ansiúd.

Mná ab ea beirt den cheathar uachtarán is deireanaí ar Chumann Haca na hÉireann, tá bean ina ball de Bhord Stiúrtha Chumann Dornálaíochta na hÉireann agus mná is ea na rúnaithe cúige i gConnachta agus i Laighin.

Ach más léiriú iomlán atá uait ar an tábhacht a bhaineann le ról na mban i gcúrsaí spóirt in Éirinn ná go deimhin in aon tír eile ar domhan, faraor, níl sin le fáil agat. Níl ar dhuine ach dul trí na liostaí na ndaoine a dhéanann reachtú agus maoirseacht ag an leibhéal is airde.

Más fada ó chéile iad na bainisteoirí ban ag aon leibhéal sa spórt aimitéireach, tá siad chomh hannamh le sneachta sa samhradh sna ag an leibhéal gairmiúil.

Níl bainisteoir ban ar aon cheann de na foirne sacair sna 5 roinn sacair is uachtaraí i Sasana agus nuair a ceapadh a leithéid sa mBealtaine seo caite i gceannas Clermont Foot Auvergne 63 i Ligue 2 na Fraince, níor fhan Helena Costa ach dhá mhí i mbun an chúraim.

Ba bheag éisteacht a fuair sí óna cuid fostóirí, a cheannaigh imreoirí gan dul i gcomhairle léi, a shocraigh cluichí gan a cead agus a rinne neamhaird dá cuid gearán.

Deir Susie Wolff, an chéad bhean a facthas ar thraiceanna Formula 1 le os cionn scór bliain nach mór do mhná a dhá oiread iarrachta a dhéanamh agus a dhéanann fir le go bhfaigheadh siad aitheantas sa spórt ina mbíonn sí féin ag iomaíocht.

Ní hiontas sin agus é ráite ag duine de na mórlaochra tiomána, Sterling Moss, go bhfágann a nádúr nach bhfuil an cumas meabhrach atá riactanach don spórt ag mná!

Meabhraíonn ceapadh Helen O’ Reilly dúinn nach bhfaca muid aon bhean ag déanamh réiteoireachta ag ardleibhéil CLG go fóill, rud a fhágann go bhfuil siad ar gcúl anois ar an IRFU agus chun deiridh le fada ar an FAI, a bhfuil ceathrar dá gcuid réiteoirí ban ar liosta idirnáisiúnta FIFA anois – Paula Brady agus Rhona Daly a bhfuil lánchaílíochta acu agus Michelle O’ Neill agus Sinéad Forde mar réiteoirí cúnta.

I mí Feabhra 2010, bhain Amy Fearn áit amach di féin i stair an tsacair i Sasana nuair a tugadh an fheadóg di agus 20 nóiméad fanta sa chluiche Championship idir Coventry City agus Nottingham Forest – bhain gortú don té a raibh an cúram air go dtí sin.

Is mó sin de cháil atá ar Sian Massey Ellis a bhí ar an gcéad bhean ar dualgas i gcluiche Premiership agus í ina réiteoir cúltaca i gcluiche idir Sunderland agus Blackpool i mí na Nollaig 2010.

Trí seachtaine dar gcionn, bhí an cúram céanna uirthi sa chluiche inar bhuaigh Liverpool ar Wolves 3-0.

B’shin an ceann a d’fhág fear ainilíse Sky, Andy Gray, briste as a phost agus an láithreoir Richard Keyes éirithe as de bharr tarcaisní gnéasaíocha a thugadar di.

Ba í an Gearmánach Bibiana Steinhaus a rinne réiteoireacht ar Chluiche Ceannais Sacair na mBan ag na Cluichí Oilimpeacha i Londain – bíonn sí ar dualgas taobhlíne go minic i gcluichí sa Bundeslegia agus níl sé ach cúpla seachtain ó tháinig idir í agus Pep Guardiola agus cluiche idir Bayern Munich agus Borussia Moenchgladbach ag drannadh lena dheireadh.

Déanann sí réiteoireacht iomlán ar chluchí sa tsraith faoina bhun sin.

Go fiú sna Stáit Aontaithe, áit a bhfuil sé níos deacra meoin agus aigne an phobail a athrú ná atá sa gcuid seo den domhan, tá corrléas dóchais le fáil, cé gur ar éigin a cheapfaí Shannon Easton ar dhuine de na réiteoirí i gcluiche NFL, mar a déanadh i 2012, murach na gáthréiteoirí a bheith ar stailc.

Le 17 bliain tá réiteoireacht déanta ag Violet Palmer ar na céadta cluiche cispheile san NBA, agus i mí Feabhra seo caite bhí sí ar an gcéad bhean a rinne sin i gcluiche All Star in aon cheann de na ceithre phríomhspóirt a imrítear go gairmiúil i Meiriceá.

Bíonn súil le muir.

 

Fág freagra ar 'Níl an ‘tsíleáil ghloine’ in a smidiríní fós'