‘Ní aithníonn muintir na hÉireann a luachmhaire is atá an Ghaeilge’ – McHugh

‘Dúshlán’ seachas ‘géarchéim’ teanga atá sa Ghaeltacht agus tá ‘céimeanna praiticiúla á dtabhairt’ ag an Rialtas lena leigheas, arsa Aire Stáit na Gaeltachta

Joe McHugh

Is é an t-údar díomá is mó atá ag Joe McHugh ó ceapadh é ina Aire Stáit na Gaeltachta ná nach n-aithníonn muintir na hÉireann a luachmhaire is atá an Ghaeilge. Agus é ag freagairt sraith ceisteanna a chuir Tuairisc.ie faoina bhráid ar ríomhphost, dúirt an tAire:

“Sílim gur acmhainn luachmhar í an Ghaeilge agus go bhfuil go leor deiseanna ann an Ghaeilge a fhorbairt anseo in Éirinn agus thar lear.

“Nuair a amharcann tú ar an spéis atá ag an diaspóra sa Ghaeilge, b’fhéidir nach n-aithníonn muid anseo sa bhaile cé chomh luachmhar is atá an teanga.”

Cothrom an ama seo anuraidh a ceapadh McHugh mar Aire Stáit na Gaeltachta agus dúirt sé gurbh é an rud is mó a chuir iontas air in imeacht na bliana atá caite aige sa chúram ná an tacaíocht a fuair sé ón bpobal agus é ag tabhairt faoin teanga a fhoghlaim é féin.

“Is é an rud is mó a chuir iontas orm ná an méid daoine atá sásta an Ghaeilge a labhairt, fiú mura bhfuil ann ach cúpla focal, agus an dea-mhéin a thaispeáin daoine dom agus mé ag cur tús le mo thuras foghlama taca an ama seo anuraidh,” a dúirt sé.

Ní raibh sé sásta breithiúnas a thabhairt ar an dul chun cinn atá déanta aige maidir le foghlaim na Gaeilge.

“Fágfaidh mé an breithiúnas sin ag daoine eile,” arsa seisean.

Maidir leis an scéal nach raibh riachtanas Gaeilge luaite le hoiread agus post amháin den bheagnach 600 post a fógraíodh sa Státseirbhís anuraidh, dúirt sé go raibh sé i ndiaidh scríobh chuig an Taoiseach agus chuig Airí eile faoi pholasaí a fhorbairt le seirbhísí poiblí a chur ar fáil i nGaeilge, go háirithe sa Ghaeltacht.

Ní ghlacann sé leis go bhfuil “géarchéim teanga sa Ghaeltacht” ná nach bhfuil dóthain á déanamh ag an Stát chun dul i ngleic leis an ngéarchéim sin. D’admhaigh sé, áfach, go bhfuil dúshlán ann maidir le staid na teanga sa Ghaeltacht.

“Is cinnte go bhfuil dúshlán ann ach caithfear a thuiscint go bhfuil céimeanna praiticiúla á dtabhairt ag an Stát le feabhas a chur ar an scéal.

“Mar shampla, leag moltaí an dréachtpholasaí do sholáthar oideachais i gceantair Ghaeltachta, a d’fhoilsigh mo chomhghleacaí, an tAire O’Sullivan, le gairid, réimsí idirghabhálacha féideartha agus is iad sin bunús an phróisis chomhairliúcháin atá idir lámha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i gcomhar leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i láthair na huaire.”

Dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh tuiscint i bhfad níos fearr aige ó ceapadh é ina Aire “ar an méid oibre atá ar siúl ag na heagraíochtaí éagsúla agus ag an phobal féin ar bhonn deonach ó cheann ceann na tíre agus iad ag saothrú leo i rith an ama leis an Ghaeilge a chur chun cinn”.

Fág freagra ar '‘Ní aithníonn muintir na hÉireann a luachmhaire is atá an Ghaeilge’ – McHugh'

  • cormac

    Botun? idem……………ni aithnionn an rialtas seo a luachmhaire is ata an Ghaeilge.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Tá an fear seo ar phláinéad eile is cosúil.
    Dúshlán nó géarchéim? Cinnte tá géarchéim leis an Ghaeilge sa Ghaeltacht! Agus déarfainn go bhfuil dúshlán ag an rialtas, agus ag na ranna rialtais, aitheantas agus comhionannas a thabhairt d’ár dteanga dúchais taobh amuigh den Ghaeltacht – i gceantar an dátheangachais.
    ‘agus an dea-mhéin a thaispeáin daoine dom’ – olann chadáis ag duine ar bith??…

  • sean

    ‘Tá a droim le haill ag an nGaeilge’ a deir na tuarascálacha uile linn. Níl lé ag an nglúin óg lena dteanga náisiúnta ar an mórchóir, nó sin í mo thaithíse ar an scéal. Creidim go bhfuil an coimpléasc ísleachta fós ann i gcás an-chuid acu, cuid eile acu nach bhfuil aon mheas acu uirthi mar urlabhra nua-aoise (nach bhfuil aon eolas ceart acu uirthi) agus a lán lán acu ró-leisciúil chun aon dua a chur othu féin maidir lena foghlaim le slacht agus le líofacht. Ar cuireadh an cheist riamh ar chainteoirí dúchais; ‘Tuige an bhfuil do pháistí á dtógáil le Béarla agat?’ Bheadh na freagraí suimiúil. Tá deiseanna fostaíochta á gceilt acu ar a gclann féin in earnáil na Gaeilge, gan trácht ar fhuinneog eile a oscailt amach ar an saol dóibh. An bhfuil ciméar iarchóilíneach folaithe fós i psyche an Eíreannaigh maidir le teanga ársa na tíre seo a choisceann orthu í a urramú agus a labhairt ar nós mar a dhéanfadh agus mar a dhéanann mionlaigh eile dár macasamhail, na Breatnaigh mar shampla?