Ní aimsíonn ‘Transatlantic’ agus a théamaí tromchúiseacha an sprioc

D’fhéadfadh saothar le téagar a bheith bainte as gaiscí tarrthála an Emergency Rescue Committee i rith an Dara Cogadh Domhanda ach téann an tsraith seo sa bhfraoch

Ní aimsíonn ‘Transatlantic’ agus a théamaí tromchúiseacha an sprioc

Cuireadh an Fhrainc de chuid Vichy ar bun i samhradh na bliana 1940 i ndiaidh do na Naitsithe an Fhrainc a ghabháil. Mar thoradh air sin agus uafáis na Naitsithe ar fud na hEorpa thosaigh teifigh ag triall ar chalafort Marseille le teitheadh chuig Meiriceá agus tíortha eile nach é.

Chuir an t-iriseoir agus gníomhaí Varian Fry (Cory Michael Smith ) oifig ar bun in óstán i Marseille 1940 agus é ag iarraidh teacht i gcabhair orthu siúd a bhí ar a dteitheadh. Bhí sé ann thar ceann an Emergency Rescue Committee, eagraíocht chabhrach a cuireadh ar bun an bhliain chéanna i Nua-Eabhrac. An phríomhuirlis chabhrach a bhí acu na víosaí chuig Meiriceá a sholáthar ach faoi mar a thugann an tsraith Transatlantic (Netlflix) le fios d’oibríodar ar chúla téarmaí agus i gcoinne na n-údarás le daoine a tharrtháil.

Tá an t-adhmad anseo le saothar le téagar a bhaint as, saothar a choimeádfadh ar tinneall sinn ó thús go deireadh amhail Argo (2012). Buíon gaiscíoch i mbun beartaíochta is eachtraíochta agus é ar fad ag tarlú faoi scáth bhrúidiúlacht an Dara Cogadh Domhanda. Ar an drochuair ní aimsíonn an saothar seo an sprioc. Dar liom go dtugtar faoin ábhar sollúnta goilliúnach seo ar shlí atá ró-éadrom agus tá míreanna áirithe áiféiseach agus áibhéalach. Blas an ghrinn ropánta mar chuid de.

Sí Mary Jayne Gold (Gillian Jacobs) an príomhcharachtar, banoidhre ó Chicago nach bhfuil ag iarraidh filleadh ar an mbaile agus ar chleamhnas. Í ag caitheamh a cuid airgid go fial agus ag éirí ceanúil ar theifeach amháin, Albert Hirschman (Lucas Englander). Ní  dóigh liom go bhfuil Jacobs os cionn a buille anseo agus bhí sé deacair glacadh leis an gcarachtar a bhí á léiriú acu. Tá scéal grá eile againn le Varian, fear a bhfuil a bhean chéile ar an bhfód dúchais ach a bhfuil  caidreamh collaí aige lena chomhghleacaí Thomas Thomas (Amit Rahav). Tagann na scéalta sa tslí ar an bpríomhscéal.

Déantar iarracht anseo agus ansiúd téamaí tromchúiseacha na tréimhse a réiteach. Tá Hirschman ag broc lena fhéiniúlacht Ghiúdach agus tugann Graham Patterson (Corey Stoll) éachtaint ar dhearcadh fuarchúiseach na bPoncánach ag an am. Iad ar nós is cuma liom faoi chúrsaí agus ag tarraingt uisce ar a muileann féin (níl puinn athraithe ó shin a deir tú). Gan aon bhuairt ar Patterson fé na Naitsithe, ar a laghad ní cumannaigh iad dar leis.

“Nár dhíol Henry Ford 60,000 Model C sa Ghearmáin le cúig bliana anuas,” a deir sé go gealgháireach.

Rud eile a rith liom ná go mbeadh an bheart déanta ag scannán nó mionsraith de cheithre chlár seachas na seacht gclár a seoladh chugainn. D’fhéadfadh saothar le téagar a bheith bainte as gaiscí tarrthála an Emergency Rescue Committee ach is saothar é seo a théann sa bhfraoch go minic.

Fág freagra ar 'Ní aimsíonn ‘Transatlantic’ agus a théamaí tromchúiseacha an sprioc'