Ní aimsíonn Branagh an sprioc lena dhara geábh faoi Hercule Poirot

Bainfear súp as an mbleachtaireacht agus na cultacha seanré ach paiste éalúchais atá in Death on the Nile, sin uile 

Ní aimsíonn Branagh an sprioc lena dhara geábh faoi Hercule Poirot

Death on the Nile
Stiúrthóir: Kenneth Branagh
Cliar: Kenneth Branagh, Gal Gadot, Armie Hammer, Emma Mackey, Annette Bening, Russel Brand, Jennifer Saunders, Dawn French, Sophie Okonedo, Letitia Wright

I gcaitheamh na mblianta tá iliomad aisteoirí ildánacha tar éis léiriú a dhéanamh ar dhéantús Agatha Christie – Hercule Poirot; Peter Ustinov, Albert Finney, David Suchet agus John Malkovich ina measc. Is díol suntais an dúil shíoraí atá i ngaiscí bleachtaireachta fhear an chroiméil agus Miss Marple go deimhin, ó chéad fhoilsíodh leabhar faoin lorgaire Beilgeach beagán sa bhreis ar chéad bliain ó shin. 

Sheol an tÉireannach Kenneth Branagh a léamh féin ar dhúnmharú na traenach oirthearaí in 2017. Sé an Béal Feirsteach a bhí ar an stiúir mar aon leis an bpríomhról a ghlacadh chuige féin. Bhí rath thar na bearta ar an saothar úd agus daoine gafa in athuair le teannas na bleachtaireachta, an suíomh neamhghnách, na feistis seanré agus meitheal bhreá carachtar. Saothar éalúchais má bhí a leithéid riamh ann. 

Ní dóigh liom go n-éiríonn leis an saothar seo an sprioc a aimsiú. Táthar i mbun maruithe ar uiscí na Níle an babhta seo. Tá breis agus ceathrú uair an chloig caite sara dtugtar chun na hÉigipte sinn agus tá breis agus leathuair an chloig caite sara dtéimid ar bord na loinge cáiliúla.

I mír fhada oscailte tugtar léiriú ealaíonta dubh is bán ar chogaíocht an Chéad Chogaidh Dhomhanda agus conas mar a shábháil seiftiúlacht an Poirot óg mórán dá chomhshaighdiúirí. Léirítear chomh maith gur gortú sa chath céanna a thug air an croiméal suaithinseach a fhás. 

Seoltar isteach sna caogaidí sinn ansin agus tosnaímid ag cur aithne ar na carachtair a mbeidh amhras fúthu sula i bhfad. Tá Jacqueline de Bellefort (Emma Mackey) agus Simon Doyle (Hammer) geallta dá chéile agus leáite anuas ar a chéile, ach tagann Linnet Ridgeway (Gadot) eatarthu. Ag pósadh Ridgeway agus Doyle tamall ina dhiaidh sin buailimid le meascán mearaí de charachtair eile; Brand, an dochtúir croíbhriste,

Bening an bhean ardnósach, an sóisialach Saunders agus a thuilleadh eile nach iad. Déanann Branagh iarracht cuma níos ilchiníche a chur ar an saothar trí na carachtair Salome agus Rosalie Otterbourne (Okonedo agus Wright) a chumadh; amhránaí blues í Salome agus sí a neacht Rosalie atá mar bhainisteoir aici. Déanann siad ar fad a gcúram cé nach deacair san mar nach dtugann róil den saghas seo a ndúshlán. 

Ar deireadh thiar téimid ar bord loinge agus cuirtear ainniseoir eile de dhroim seoil. Ní éiríonn leis an saothar an teannas cuí a chruthú agus ní raibh suan na muice bradaí le haireachtáil sa saothar seo mar a bhí sa saothar roimhe. Tá míreanna áirithe neafaiseach agus tá cuid den chabaireacht, atá in ainm is a bheith cliste greannmhar, tuirsiúil. 

Is cinnte go mbainfidh mórán súp as na cultacha seanré agus an léiriú a dhéantar ar shaol sócúl na huasaicme.  Lena chois sin tá cuma álainn ar an Éigipt cé gur baineadh an iomarca úsáide as éifeachtaí speisialta, rud a d’fhág cuma an-mhíréalaíoch ar radharcanna áirithe.

Saothar éalúchais. Sin uile. Ní hin le rá nach bhfillfidh Branagh mar fhear an chroiméil. 

Fág freagra ar 'Ní aimsíonn Branagh an sprioc lena dhara geábh faoi Hercule Poirot'