Netflix ag sluaisteáil chugainn ar a ndícheall le Triple Frontier

Cuibheasach gan a bheith maíteach atá 'Triple Frontier' ó Netflix agus éiríonn sé liobarnach agus díchéillí in amanna

Netflix ag sluaisteáil chugainn ar a ndícheall le Triple Frontier

Triple Frontier
Stiúrthóir: J. C. Chandor
Cliar: Ben Affleck, Charlie Hunnam, Osca Isaac, Garrett Hedlund, Pedro Pascal.

Cúpla lá ó shin d’fhógair seirbhís nuachta Bloomberg go bhfuil an comhlacht Apple á bprapáil féin le guailleáil isteach i lár aonach na seirbhísí sruthlaithe.  Chuige sin tá siad ag iarraidh cluain a chur ar leithéidí Showtime agus an piarda mór é féin, HBO. Má éiríonn leo comhghuaillíocht éigin a fhógairt ar an 25 Márta beidh céile comhraic eile ar an láthair chatha mar a bhfuil an ceannródaí Netflix in adharca leithéidí Amazon agus Hulu. Idir an dá linn tá Netflix ag sluaisteáil chugainn ar a ndícheall, agus is minic gur róchuma leo faoi chaighdeán na saothar.

Éiríonn leo meitheal chuidsúlach a bhailiú le chéile don táirge seo; Affleck, Hunnam, Isaac agus Pascal. Déantar scannán eachtraíochta, atá machnamhach ar uairibh, a sholáthar. I ndeireadh na dála, áfach is saothar é atá cuibheasach gan a bheith maíteach.

I dtosach an scannáin cuirimid aithne ar Garcia (Isaac) atá fostaithe mar ‘chomhairleoir míleata’ i dtír anaithnid éigin i Meiriceá Theas (tagraíonn an teideal don teorainn idir an Bhrasaíl, an Airgintín agus Paragua). Tá an tús spleodrach agus léirítear dúinn nach bhfuil Garcia istigh leis féin agus go bhfuil frustrachas air lena phost agus leis an saol.

Tá brathadóir dá chuid tar éis a insint dó go bhfuil a fhios aici cá bhfuil an mangaire drugaí a bhfuil sé sa tóir air. Tá sé, agus a shaibhreas, buailte fúthu i ndún i lár an dufair. Ceapann Garcia seift agus filleann sé ar an bhfód dúchais lena iarchomrádaithe airm a earcú.

Ba é Tom (Affleck) an saoiste a bhí orthu; fear atá sa Táin dar leo féin. Tá cuma na hainnise anois air. É scartha óna bhean, ag streachailt ina ghairm mar dhíoltóir tithe, coiscéim bhacaí ann agus é ag iarraidh friotháil ar dhá theaghlach. Cuirtear abhaile orainn arís agus arís agus arís eile nach mbíonn sé istigh leis féin ach amháin nuair a bhíonn gunna á bheartú aige. Tá an triúr eile William (Hunnam), Ben (Hedlund) agus Francisco (Pascal) ag strácáil leo ar éigean. Tá na fir seo iad féin dubh dóite den saol. Iad ar fad ag dul in aois agus iad cráite ag a bhfuil déanta acu ar son a dtíre.  Tá olc orthu chomh mar go bhfuilid, in ainneoin a gcuid gaiscí, caite fé thóin chártaí. Deir Garcia linn go bhfuil a dhá ghlúin ag teip air agus go bhfuil sé in am acu tochras ar a gceirtlín féin. Maíonn sé go mbeadh a gcótaí bána déanta dá mbeadh an oiread céanna bainte amach acu in iomairí eile. D’fhéadfadh cíoradh a bheith déanta ar na téamaí tathagacha seo ar fad ach níor tugadh dúinn ach tagairtí fánacha sular caitheadh i dtraipisí iad. 

Géilleann na fir agus luíonn an scannán le gnás cuid mhaith as sin amach. Tugann an cliar taispeántais shásúla uathu, agus bhí Affleck an-mhaith ar uairibh, ach ní thugann an scéal a ndúshlán.

Shamhlófá go slogfadh an ruathar ar an dún cuid mhaith den scannán agus go mbeadh sé slachtmhar seiftiúil. Ní hamhlaidh atá agus is ábhar mór díomá é ó thaobh an aicsin agus na heachtraíochta. Tugann siad na cosa leo ón dún ach téann siad ón tine chun na gríosaí agus iad ag iarraidh cnoic na nAindéas a chur díobh. Lena cheart a thabhairt don saothar déantar iarracht arís eile tagairt dá míshástacht lena saol ach faoin tráth sin, bhí an rud ar fad éirithe liobarnach agus díchéillí.

Fág freagra ar 'Netflix ag sluaisteáil chugainn ar a ndícheall le Triple Frontier'