Netflix ag rómhar in iomaire na gcoirscéalta fírinneacha arís eile le How to Fix a Drug Scandal

In ainneoin na moráltachta ar fad taibhsíodh dom ar uairibh nach raibh ó dhlíodóirí na gcosantóirí ach an lúb ar lár agus an pointe teicniúil a aimsiú le go bhféadfadh a gcuid cliant na cosa a thabhairt leo

Netflix ag rómhar in iomaire na gcoirscéalta fírinneacha arís eile le How to Fix a Drug Scandal

Is dócha gurbh í an tsraith Making a Murderer agus an podchraoladh Serial ba chúis leis an mborradh in iomaire na gcoirscéalta fírinneacha. Tá rabharta tagtha chugainn ó shin, an dara sraith de Making a Murderer agus leagan físe de Serial i measc an iliomad saothar nua. Is ceann eile fós é How to Fix a Drug Scandal agus tá cad é bús faoin tsraith is déanaí seo ó cheárta Netflix.

Ba cheimiceoirí iad Sonja Farak agus Annie Dookhan a d’oibrigh i saotharlanna fóiréinseacha de chuid Stát Massachusetts agus a ciontaíodh as mí-iompar is iad i mbun tástálacha ar cheaisteanna drugaí do chásanna cúirte. Nuair a cúisíodh Dookhan in 2012 agus Farak i dtosach 2013 is beag a cheap go mbainfeadh a gcuid gníomhartha creathadh as córas dlí is cirt an Stáit agus go mbeadh tionchar chomh forleathan aige agus go mairfeadh an fothragadh ar feadh na mblianta.

Is ar Farak is mó a dhíríonn an clár. Duine meabhrach, cumasach, díograiseach í a bhí ag obair i saotharlann in Amsted, gar do chathair Springfield. Bhí a cuid fadhbanna meabhairshláinte féin aici agus d’éirigh sí gafa le drugaí nach raibh ach coiscéim coiligh uaithi sa tsaotharlann. Léiríonn an tsraith tuiscint is bá di ach cuirtear abhaile orainn go raibh impleachtaí dlí ag baint lena cuid iompair; go mórmhór nuair a tugadh le fios go raibh sí ar na ribí agus í i mbun tástálacha. Is cúbláil cheart a bhí ar súil ar Dookhan. An cóngar á thógaint aici is tuairiscí á scríobh faoi thástálacha nár dhein sí in aon chor. De thoradh ghníomhartha na beirte tarraingíodh amhras ar an dtástáil a dheineadar ar thuairim is 60,000 píosa fianaise i gcaitheamh na mblianta. I ndeireadh na dála cuireadh 35,000 ciontú coiriúil ar neamhní.

Príomhthéama na sraithe, go mórmhór agus dlíodóirí na gcosantóirí ag cur díobh, ná go gcaithfidh ionadaithe an chórais dlí a bheith gan locht is iad i mbun a gcúraimí. Faoi mar a deir an seanrá is fearr go scaoilfí saor an té atá ciontach ná go ndaorfaí an té atá neamhchiontach. Ní rabhas chomh tógtha sin leis an tuiscint a bhí ag na dlíodóirí seo gur acu a bhí an ceart go hiomlán ó thaobh na moráltachta. Taibhsíodh dom ar uairibh nach raibh uathu ach an lúb ar lár agus an pointe teicniúil a aimsiú le go bhféadfadh a gcuid cliant na cosa a thabhairt leo. Ábhar iontais dom nár chuala focal nó trácht ar dhuine amháin a ciontaíodh san éagóir; is é sin go ndúradh go raibh drugaí ina seilbh nuair nach raibh. Ag pointí eile bhíos an-tógtha le crógacht, dúthracht agus dílseacht na ndlíodóirí seo agus iad ag seasamh an fhóid do dhuine atá brúite fé chois ag an gcóras. Bhí sin le feiscint in Luke Ryan ach go háirithe is é ag troid in éadan an Stáit ar feadh na mblianta maidir leis an gcúbláil is an cheilt a deineadh ar fhianaise thábhachtach.

Téama amháin a dhéantar a chíoradh go caolchúiseach, agus go mb’fhearr go mbeadh tuilleadh iniúchta déanta air, ná cé chomh neamhéifeachtach is atá cogadh na ndrugaí i Meiriceá. Cos ar bolg á himirt ar an gcosmhuintir agus na céadta mílte caite fé thóin cártaí i bpríosúin. Lena chois sin caitheann an tsraith slais ar na húdaráis as gan córas is cleachtais shlándála níos fearr a bheith acu mar aon le cúram is pá níos fearr a thabhairt dá bhfostaithe.

Is cinnte go dtéann an tsraith seo i ngleic le hábhair thábhachtacha ach d’fhéadfadh sí a bheith níos snoite agus lena chois sin ní rabhthas chomh tógtha sin leis an léamh a deineadh ar thoisí áirithe.

Fág freagra ar 'Netflix ag rómhar in iomaire na gcoirscéalta fírinneacha arís eile le How to Fix a Drug Scandal'