Netanyahu agus Gantz gob ar ghob sa toghchán

Is cosúil go bhfuil tréimhse chorrach mhargáintíochta roimh Iosrael agus gan móramh ag aon pháirtí

Netanyahu agus Gantz gob ar ghob sa toghchán

Is cosúil go mbeidh polaiteoirí Iosrael ag tabhairt faoi chainteanna comhrialtais in athuair agus chuile chosúlacht air nach aon réiteach ar an tsáinn pholaitiúil ann an toghchán is déanaí, an dara ceann le cúig mhí.

Gob ar ghob atá príomh-aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, agus an té is mó a thug a dhúshlán, Benny Gantz, sa dara holltoghchán a ritheadh sa tír le bliain.

Agus cuid mhaith de na torthaí oifigiúla istigh dealraíonn sé nach mbeidh tromlach glan ag ceachtar ceannaire, fiú dá mbeadh feisirí eile sásta dul i gcomhrialtas leo.

Is é is dóichí go mbeidh cainteanna agus idirbheartaíocht ag dul ar aghaidh ar feadh tamall fada eile agus gur tréimhse eile éiginnteachta atá ar na bacáin.

Agus fáil ar os cionn 60% de na torthaí bhí páirtí Gantz, Gorm agus Bán, beagáinín chun cinn ar Likud, páirtí coimeádach Netanyahu.

D’fhágfadh toradh dá leithéid gur páirtí beag éigin eile a shocródh cé a bheadh i gcumhacht.

Buille é an toradh seo do Netanyahu, an duine is faide riamh a bhí ina phríomh-aire ar Iosrael.

Deich mbliana atá caite ag Netanyahu ina phríomh-aire. Shocraigh sé sa mBealtaine olltoghchán a ghairm nuair a theip air comhrialtas a cheapadh, seachas deis a thabhairt do Gantz iarracht a dhéanamh comhrialtas a bhunú.

Ní fhéadfadh Netanyahu drochthoradh a fháil ag am níos measa agus éisteachtaí réamhthrialach roimhe i gceann cúpla seachtain maidir le trí chás caimiléireachta. Dá n-éireodh leis tromlach a bheith aige sa bparlaimint ina bhfuil 120 teachta, d’fhéadfaidís díolúine ó ionchúiseamh a cheadú dó.

Tuairiscítear ó fhoinsí neamhoifigiúla gur 32 suíochán a bheidh ag Netanyahu agus ag Gantz araon nuair a bheidh na vótaí ar fad comhairthe.

Ní mór do phríomh-aire Iosrael tromlach 61 feisire a bheith aige sa bparlaimint.

Dúirt Netanyahu go dtabharfadh sé faoi rialtas Síónach a bhunú.

“Sna laethanta amach romhainn, rachaidh muid i mbun idirbheartaíochta ar mhaithe le Rialtas láidir Síónach a bhunú agus rialtas contúirteach frithShíónach a sheachaint,” arsa Netanyahu.

Dúirt sé nach bhféadfaí glacadh lena leithéid de rud is rialtas a bheadh ag brath ar pháirtithe Arabacha “frith-Shíónacha”.

“Ní féidir ligean dó sin. Ní féidir é a shamhlú,” a dúirt Netanyahu.

Tá ráite ag ceannaire an pháirtí choimeádaigh Likud go nglacfadh a rialtas seilbh ar na lonnaíochtaí Giúdacha agus ar thalamh eile i gcríocha gafa an Bhruach Thiar.

Dúirt Benny Gantz, ceannaire an pháirtí Gorm agus Bán, go mbunódh sé féin rialtas aontais le Likud cé nach mbeadh aon fháilte aige roimh Netanyahu féin. Dúirt Gantz gur léir go raibh muinín curtha ag an bpobal ina pháirtí “don dara huair”.

D’fhéadfadh gur ag Avigdor Lieberman atá an mámh mór maidir le bunú rialtais agus a dhá oiread tacaíochta anois ag a pháirtí tuata is a bhí sa mBealtaine.

B’fhearr leis siúd cleamhnas idir Netanyahu agus Gantz chun na Giúdaigh fhíor-cheartchreidmheacha a choinneáil as rialtas.

Fág freagra ar 'Netanyahu agus Gantz gob ar ghob sa toghchán'