Neilí Mhic Giolla Bhríde, múinteoir, scríbhneoir agus bean phobail, ar shlí na fírinne 

Le linn di a bheith ina múinteoir ar an Bhun Bheag, agus ina dhiaidh sin, rinne Neilí Mhic Giolla Bhríde saothar mór ar mhaithe le ceol, amhránaíocht agus drámaíocht a chothú i ndaoine óga

Neilí Mhic Giolla Bhríde, múinteoir, scríbhneoir agus bean phobail, ar shlí na fírinne 

D’imigh Neilí Mhic Giolla Bhríde, múinteoir, scríbhneoir agus bean phobail aitheanta as Gaoth Dobhair, ar shlí na fírinne Dé Sathairn an 30 Meán Fómhair 2023.  

Lena taobh ag an am, bhí a fear céile ionúin, Doiminic, a clann, Mícheál, Marina, Eoghan agus Doimnic, agus a garpháistí.

Ba ar Charraig Mhic Eachmharcaigh i bParóiste Ghaoth Dobhair a tháinig Neilí ar an tsaol.  Ba níon í le hEoghan John Shéimí Mac Suibhne agus a bhean, Máire John Sheáin Éamoinn Ní Mhaolagáin as Machaire Chlochair i nGaoth Dobhair.  

Ar Scoil Náisiúnta na Luinní a chuaigh sí agus ina dhiaidh sin, ar Chlochar Naomh Lughaidh i Muineachán, áit a dteachaidh go leor de chailíní na Gaeltachta le meánoideachas a fháil ag an am. Bhain sí a cáilíocht bhunmhúinteora amach i gColáiste Bhantiarna na Trócaire ar an Charraig Dhubh i mBaile Átha Cliath.  

Chaith sí daichead bliain dá saol ag teagasc agus múinteoir den scoth a bhí inti.  Bhí sí i mBaile Shéamais Dhuibh i gContae an Chabháin, ar an Dumhaigh agus i dTráigh Éanach i Leitir Mhic an Bhaird sula dtáinig sí go Scoil Chonaill, an Bun Beag i 1975. Bhí sí ag teagasc i Scoil Chonaill go dtí gur éirigh sí as i 1997.   

Le linn daoithe a bheith ina múinteoir ar an Bhun Bheag, agus go fiú ina dhiaidh sin, rinne Neilí saothar mór ar mhaithe le ceol, amhránaíocht agus drámaíocht a chothú i ndaoine óga na paróiste. Lean sí leis an traidisiún sin a bhí ag múinteoirí Ghaoth Dobhair i gcónaí ón am ar bunaíodh Aisteoirí Ghaoth Dobhair i 1932, complacht a raibh baint aici féin fosta leo.  

Bhíodh sí gníomhach in eagraíochtaí agus in imeachtaí éagsúla, leithéidí Chomórtas Scór CLG, Ghaeil Uladh, Choiste Áitiúil an Oireachtais, Chlann tSuibhne agus in obair phobail agus drámaíochta. 

Is maith a thiocfadh léithe grúpa scoraíochta a chur le chéile don Oireachtas mar go raibh féith an ghrinn agus na scríbhneoireachta go smior inti fosta. Bhaineadh sí féin sult mór as a cuid léirithe chomh maith leosan uilig a bhíodh páirteach iontu. Is minic a bhíodh an Corn chun an bhaile go Gaoth Dobhair leo!  

Rugadh buanna na n-ealaíon lena clann uilig fosta, le Mícheál, le Marina atá ina stiúrthóir ar Scoil Cheoil na Crannóige i nGaoth Dobhair; le Doimnic, ceoltóir, cumadóir ceoil agus buaiteoir Chorn Uí Riada; agus le hEoghan, scríbhneoir, file agus léiritheoir scannán.

Tá dhá leabhar do pháistí foilsithe aici féin agus a clann, Ící Pící (2010) agus Ní thuigimse daoine fásta (2014). Tá meascán d’amhráin agus de dhánta traidisiúnta agus nua-chumtha do pháistí sna saothair ghleoite, spreagúla seo. In 2003, d’fhoilsigh Coiscéim an saothar Mise agus na Maighigh, leabhar a scríobh Neilí faoina cuid taistil in Guatamala.  

Cheol sí i gCór Theach Pobail Chnoc Fola agus leis an chór iomráiteach, Cór Thaobh a’ Leithéid, faoi stiúir a mic, Doimnic. Rinne sí turais ó cheann ceann na tíre le Cór Thaobh a’ Leithéid, chomh maith le turais chuig féilte thar lear in Albain, sa Bhreatain Bheag agus sa Fhrainc. Eisíodh dlúthdhiosca leis an Chór in 2007, dlúthdhiosca ar a tugadh Siansaí.  

Bhronn Coiste Chnoc Fola i nGaoth Dobhair  ‘Pearsa na Bliana’ in 2010 ar Neilí 

Go raibh sé anois ina Oireachtas choíche agus go deo agat, a Neilí, agus tú i gcomhluadar do mhuintire agus mhórlaochra eile na nGael.   

 

Tabhair anuas dúinn na coinnleoirí óir,

Is iontu cuir coinnle geal céir,

Las suas iad i seomra an bhróin,

teach faire sheanteangaidh na nGael,

Sin a dúirt ár námhaid fadó,

Ach maireann beo teangaidh na nGael.

 

Tar chugainn ‘nár gcuideachta aniar,

Nó go gcluin sinn ann teangaidh na nGael,

Tar chugainn ‘nár gcuideachta aniar,

Nó go gcluin sinn ann teangaidh na nGael.

 

(Aistriúchán a rinne Neilí Mhic Giolla Bhríde ar an amhrán ‘Cànan nan Gàidheal’ le Murchadh MacPharlain, leagan atá le cloisteáil ar an dlúthdhiosca Siansaí agus anseo)

Fág freagra ar 'Neilí Mhic Giolla Bhríde, múinteoir, scríbhneoir agus bean phobail, ar shlí na fírinne '

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Á nach ba bhean lách í 7 dea-amhrán Gháidhlig aistrithe aici :-) A cuid de Phàrthas dhi.

  • Colette nì ghallchòir

    TRUA MHÒR À BÀS DÁ FEAR CÈILE AGUS A CLANN.
    LEABA I MEASC NA NAOMH GO RAIBH AICÌ.

  • Siobh

    Ar dheis Dé go raibh a hanam dílis.

  • Bernadette Ní Dhuibhir

    Is galánta an píosa sin ag Máire Mhic Niallais. Tá Neilí imithe uainn ach tá ár gcuid cuimhní maithe againn 🙏🏻