Neart reifreann geallta ach an mbeidh am ag an rialtas seo iad a reáchtáil?

Is iomaí gealltanas atá tugtha ag airí faoi athruithe ar an mbunreacht ach má chuirtear deireadh le ré na Dála in earrach na bliana seo chugainn, ní bheidh deis ag an bpobal vótáil ar cheann ar bith acu

Neart reifreann geallta ach an mbeidh am ag an rialtas seo iad a reáchtáil?

Tá ceithre reifreann, chomh maith leis an reifreann a reáchtáladh le gairid, geallta ag an rialtas ó chuaigh siad i mbun oibre dhá bhliain ó shin.

Is i gclár an rialtais, a foilsíodh ar dhul in oifig don rialtas i mí na Bealtaine 2016, atá na sonraí maidir leis na ceithre ábhar a dúradh an uair sin a chuirfí faoi bhráid na vótóirí:

1. Leasú ar an tagairt atá in airteagal 41.2 den Bhunreacht don chúnamh a thugann bean don stát “trína saol sa teaghlach”.

2. Leasú a thógfadh diamhasla amach as airteagal 40.6.1(i).

3. Leasú ina mbeadh tagairt do rannpháirtíocht na hÉireann sa Chúirt Idirnáisiúnta Paitinní.

4 Leasú faoina dtabharfaí stádas Bunreachtúil d’oifig an Cheann Comhairle.

Tá cúig cinn de reifrinn eile geallta ag an rialtas le dhá bhliain anuas, ina n-iarrfaí ar an bpobal vótáil ar:

5 Leasú faoina mbeadh ceart vótála i dtoghchán na huachtaránachta ag gach saoránach Éireannach atá ina chónaí sa stát nó lasmuigh de.

6 Leasú faoina mbeadh ceart vótála ag gach duine cáilithe ar shroichint 16 bliain d’aois dóibh.

7 Leasú a neartódh cumhacht fiosrúcháin choistí Oireachtais.

8 Leasú faoina gceadófaí colscaradh tar éis dhá bhliain in áit cheithre bliana.

9 Leasú faoina dtoghfaí méaraí baile go díreach.

Níl seans ar bith ann go reáchtálfar formhór na reifreann sin sula mbeidh deireadh le ré an rialtais. Go deimhin, má chuirtear deireadh le ré na Dála in Earrach na bliana seo chugainn, ní bheidh deis ag an bpobal vótáil roimhe sin ar ábhar ar bith thuas.

Tá leathnú ar chearta vótála curtha ar an méar fhada ag an rialtas le cúig bliana. Is in 2013 a mhol an Coinbhinsiún Saoránach go mbeadh vóta i dtoghcháin uachtaránachta ag Éireannaigh atá ina gcónaí taobh amuigh den stát.

Gheall Enda Kenny agus airí éagsúla (iar-aire an Diaspóra, Joe McHugh ina measc) ina dhiaidh sin go reáchtálfaí reifreann faoin gceist i mbliana.

Ainneoin (nó b’fhéidir mar gheall ar) an toil vótála agus taistil a léirigh eisimircigh sna reifrinn ar chothromaíocht phósta in 2015 agus ar ghinmhilleadh i mbliana, is soiléire ná riamh drogall an rialtais. Ba léir ó 2013, fiú dá reáchtálfaí reifreann agus fiú dá vótálfaí i bhfabhar leathnú ar chearta vótála, gur ar éigean a bheadh córas nua vótála i bhfeidhm i gcomhair thoghchán na huachtaránachta i mbliana – má bhíonn gá leis.

Thug Ciarán Cannon, a chuaigh i gcomharbacht ar Joe McHugh mar aire stáit atá freagrach as cúrsaí an diaspóra, geallúint i mí na Nollag go reáchtálfaí reifreann in 2019 faoi vóta a cheadú d’imircigh ón mbliain 2025. Mhol sé freisin, dála an scéil, go mbreithneofaí leasú eile a thabharfadh deis dóibh ionadaí Dála a thoghadh chomh maith.

Níl feoil curtha ar chnámha an bheartais seo fós agus, déanta na fírinne,  níl aon chosúlacht ar an scéal go bhfuil sé á mheá dáiríre ag páirtí ar bith. Faraor, ní bheidh deis ar feadh i bhfad ag Teachta Dála aon leigheas ar na deacrachtaí a bhaineann le filleadh ar Éirinn (mar is eol do Chiarán Cannon) a mholadh i nDáil Éireann.

Ní hionann sin agus a rá nach mbeidh deis ag an rialtas vóta d’imircigh, agus ábhar nó dhó eile ón liosta thuas, a chur faoinár mbráid in 2019. Tabharfaidh toghchán Pharlaimint na hEorpa seans dóibh reifreann a reáchtáil ar an lá céanna.

Is é sin, ar ndóigh, mura gcuireann olltoghchán idir an dá linn moill ar gach ceist reifrinn, arís eile.

Fág freagra ar 'Neart reifreann geallta ach an mbeidh am ag an rialtas seo iad a reáchtáil?'