Neart le foghlaim ag McCarthy agus foireann na hÉireann

Amárach Imreoidh foireann na hÉireann a gcéad chluiche faoi Mick McCarthy ó d’fhill sé gus seans acu misneach a mhúscailt athuair

Neart le foghlaim ag McCarthy agus foireann na hÉireann

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Imreoidh foireann na hÉireann amárach agus iad faoi cheannas Mick McCarthy den chéad uair le cúig bliana déag. Giobráltar a bheidh rompu i mbabhtaí cáilithe Chraobh na hEorpa 2020.

Tháinig McCarthy i gcomharbacht ar Martin O’Neill mí na Samhna seo caite agus beidh sé buíoch as deis a bheith aige faoi dheireadh díriú ar chluiche seachas a bheith ag freagairt ceisteanna faoi Declan Rice.

Beidh an bainisteoir sásta go maith leis na cluichí atá rompu, ceann in aghaidh Ghiobráltar amárach agus ansin cluiche sa bhaile in aghaidh na Seoirsia Dé Máirt seo chugainn agus cé gur cheart go mbeadh foireann na hÉireann sách maith chun an dá chluiche sin a bhuachan, beidh neart le foghlaim uathu.

Cén córas imeartha a bheidh in úsáid ag Éirinn?

Bhíodh córas 4-4-2 in úsáid ag McCarthy nuair a bhí sé i gceannas ar Ipswich agus le linn na chéad tréimhse a chaith sé i gceannas ar Éirinn ach is beag seans go bhfeicfimid an córas sin an tseachtain seo.

Gach seans go mbeidh córas 4-4-3 nó 4-2-3-1 ag an mbainisteoir. Oibríonn an córas go maith in aghaidh an-chuid foirne agus feileann sé na himreoirí atá againn. Níl na himreoirí againn chun beirt tosach a imirt agus is maith a thuigeann McCarthy sin.

Tá sé ráite aige nach mbeidh Robbie Brady ag imirt mar chosantóir níos mó agus d’fhéadfadh sé féin nó James McClean imirt ar an gcliathán clé nó ar an gcliathán deas nuair is gá. Tá rogha eile ag McCarthy don chliathán deas, áfach…

An mbeidh Doherty agus Coleman in ann imirt le chéile?

Tá Matt Doherty ag imirt ar fheabhas do Wolves ó thús na bliana ach is í an fhadhb atá ag McCarthy ná go bhfuil cúlaí ar dheis eile den chéad scoth aige, Seamus Coleman.

Is é Coleman captaen na foirne agus tá sé ar dhuine de na himreoirí is fearr a bhí againn le fada an lá. Ní raibh sé i mbarr a mhaitheasa d’Everton le roinnt míonna anuas ach is imreoir díocasach é an Conallach agus ba mhór an peaca a bheith fágtha i measc na n-ionadaithe.

Bheadh trua agat do Doherty,áfach. Ní bheidh sé éasca aige a bheith imirt níos faide suas sa bpáirc nuair atá an oiread sin taithí aige ar imirt i measc na gcúlaithe. Ní bheidh an spás céanna os a chomhair agus é ar an ionsaí ach is imreoir cliste é agus dhéanfadh sé a dhícheall dul i dtaithí ar an ról nua ach an deis a fháil.

D’fhéadfadh McCarthy fear Wolves a imirt mar chúlaí ar chlé feisin, rud a thabharfadh an tsaoirse is ansa leis do Doherty, ach is athrú mór a bheadh ansin dó chomh maith.

An dtapóidh duine de na tosaithe an deis?

Beidh deis iontach ag pé fear a imreoidh mar thosach d’Éirinn amárach. Ba cheart go mbeadh Éire in ann cúpla cúl a scóráil i gcoinne Ghiobráltar agus thabharfadh taispeántas maith ó thosach an-spreagadh don fhoireann go léir.

Agus Shane Long ar iarraidh, is beag atá idir na tosaithe eile atá againn ó thaobh taithí de. Is é David McGoldrick is mó a d’imir cluichí d’Éirinn ach gan ach sé cinn imeartha aige. Tá ceithre cinn an duine imeartha ag Seán Maguire agus Aiden O’Brien agus níor imir James Collins riamh don fhoireann shinsir.

Tá mí-ádh ceart ar Maguire nach bhfacthas ag imirt d’Éirinn níos minice é ach bhí roinnt gortuithe ag spochadh leis. Tá sé tagtha chuige féin arís agus chruthaigh sé go maith le Preston le cúpla mí anuas.

Tá McGoldrick breá ábalta imirt beagáinín níos faide siar, idir na tosaithe agus lár páirce, agus seans gur ansin is mó a fheicfear é, seachas é a bheith ag imirt chun tosaigh agus gan aon chúnamh ar fáil dó.

Tá luas ag Maguire agus tá McGoldrick cumasach go maith agus seilbh na liathróide aige. D’fhéadfadh go mbeadh comhimirt mhaith eatarthu má thugtar an deis dóibh.

An mbeidh aon imreoir nua in ann briseadh tríd?

Nuair a bhí cúrsaí ag dul in olcas do Martin O’Neill, ceann de na rudaí is mó a chuir as do dhaoine ná gurbh iad na himreoirí céanna, nach mór, a chuireadh sé chun páirce arís agus arís eile. Lena cheart a thabhairt do O’Neill, bhí neart imreoirí aige nár thapaigh an deis a tugadh dóibh ach bíonn sé deacair ag imreoir nua dul i bhfeidhm ar an imirt nuair a bhíonn an fhoireann uile ag streachailt.

Agus bainisteoir nua anois ag Éirinn agus iad ag cur tús le feachtas nua, tá beagáinín dóchais ag borradh arís. Bhí leithéidí Conor Hourihane, David McGoldrick agus Alan Judge ina measc siúd nár thapaigh na deiseanna a thug O’Neill dóibh ach bheadh tú ag súil go mbeidís ar an mbionda ag  iarraidh an beart a dhéanamh má thugann McCarthy seans eile dóibh.

Chomh maith leo sin, tá beirt imreoirí níos óige ann nár imir d’Éirinn roimhe seo – Jack Byrne agus Josh Cullen. B’fhéidir nach bhfuil siad réidh fós le bheith ag imirt i ngach cluiche ach ba cheart go mbeadh siad sách maith chun imirt i gcoinne Ghiobráltar. Thabharfadh sé ardú meanman d’an-chuid daoine na hógánaigh a fheiceáil ar an bpáirc.

Fág freagra ar 'Neart le foghlaim ag McCarthy agus foireann na hÉireann'