Tá Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta faoi lán seoil an tseachtain seo.
An oidhreacht bheo téama na bliana seo agus é mar aidhm léi go spreagfaí daoine le scileanna, cleachtais agus eolas a roinnt leis an gcéad ghlúin eile.
Is léir nach gceapann an Chomhairle Oidhreachta go mbaineann an Ghaeilge leis an oidhreacht sin más aon fhianaise a laghad de na himeachtaí ná na contaetha is féidir a aimsiú i nGaeilge ar a suíomh.
Má tá léamh an Bhéarla agat is iontach go deo an lear imeachtaí éagsúla atá ar siúl go dtí an 20 Lúnasa ar fud na tíre, amuigh faoin spéir agus istigh faoi dhíon.
Ar ndóigh tá go leor imeachtaí breátha nach bhfuil ar an gclár oifigiúil mar nach raibh na socruithe uilig deimhnithe faoin dáta cláraithe. Tá siúlóidí, ceardlanna, cainteanna, ceol, ceardaíocht agus imeachtaí taighde ilghnéitheacha le fáil ar fud na tíre saor in aisce.
I gCiarraí féadfaidh daoine a bheidh thart ar An Siopa Dubh in Uíbh Ráthach tráthnóna Dé hAoine spléachadh eile a fháil ar na seantáirgí agus na fógraí a bhíodh thart sna blianta a caitheadh.
Nár dheas leis tamall a chaitheamh Dé Sathairn i nDairbhre i dteannta Chairde Mhíolta Móra na hÉireann ag foghlaim faoi na mamaigh iontacha sin.
Más i mBaile Átha Cliath thú agus spéis sa phíobaireacht agat, beidh Joe Byrne romhat ag na Píobairí Uilleann i Sráid Henrietta le teagasc duit leis na feagacha a dhéanamh.
I Maigh Cuilinn i gConamara ar an 19 Lúnasa beidh caint in Áras Uilinn ar na toibreacha beannaithe sa gceantar.
I Mainistir na Coille Móire beifear ag caint maidin Dé Céadaoin faoin bhfear a thóg an teach mór sin, Mitchell Henry.
Más spéis leat ceardaíocht is caomhnú troscán buail siar go dtí Leitir Fraic Dé hAoine mar a míneofar duit na scileanna caomhnaithe ar fad atá ag na ceardaithe sa gcoláiste oiliúna sin. Leithscéal breá le bualadh suas ar Ghuaire (442 méadar) agus aoibhneas Chonamara is an Atlantaigh a bhreithniú óna bharr.
Am lóin Dé hAoine ar an Trá Mhór in Indreabhán a bheidh an spraoi agus an trá agus a cuid á gcuartú agus á scrúdú.
I gcathair na Gaillimhe is fiú cuairt a thabhairt ar Shéipéal Naomh Nioclás don taispeántas lásaí ‘Ó Ghlúin go Glúin’ ag lásadóirí na cathrach.
Más i mBaile Locha Riach thú tá neart imeachtaí ansin agus siúlóid dúlra maidin Dé Domhnaigh ar cheann acu.
I nGaoth Dobhair tá taispeántas pictiúr as Uaigh a rinne Tina Gallagher ar an oileán sin le feiceáil sa leabharlann.
Tá neart le ceiliúradh againn ach am a fháil le Seachtain na hOidhreachta a bhlaiseadh.
Fág freagra ar 'Neart le déanamh Seachtain na hOidhreachta, ach is trua an easpa Gaeilge'