Neart le déanamh ag Fear Manach agus ag Laois más fúthu na piardaí móra a chur dá mbuille

Imreofar cluichí ceannais peile Uladh agus Laighean tráthnóna. Caitheann Tuairisc.ie súil ar an gcluiche idir Dún na nGall agus Fear Manach agus an ceann idir Áth Cliath agus Laois

Neart le déanamh ag Fear Manach agus ag Laois más fúthu na piardaí móra a chur dá mbuille

Bainisteoir Fhear Manach, Rory Gallagher. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Fear Manach v Dún na nGall – Cluain Eois, 2.00i.n.

Ó 2012, tá Craobhacha Uladh Faoi-16, Faoi-17, Faoi-21 agus sna Mionúir buaite ag Dún na nGall faoi stiúir Declan Bonner. Tráthnóna, tá sé ag iarraidh an gaisce céanna a dhéanamh leis na sinsir agus a fhoireann ag tabhairt aghaidh ar Fhear Manach i gcluiche ceannais Uladh.

Tá roinnt mhaith imreoirí ag bláthú faoi stiúir Bonner – Eoghan Bán Gallagher, Stephen McBrearty, Jamie Brennan agus a leithéidí – agus ní beag an spreagadh atá á thabhairt ag na fir sin d’fhoireann na sinsear.

Rinne na Conallaigh ar fheabhas sa chraobh go dtí seo agus a gcumas léirithe acu sna cluichí ina bhfuair siad an ceann is fearr ar an gCabhán, Doire agus an Dún. Idir na trí chluiche sin, tá sé chúl agus 58 cúilín aimsithe acu go dtí seo sa chraobh ach beidh sé níos deacra acu deiseanna scórála a chruthú tráthnóna.

Bhí Fear Manach iontach cosantach i gcoinne Mhuineacháin agus, i ndáiríre, bhí an t-ádh orthu an cluiche sin a bhuachan. Tháinig an cúl cinniúnach ó phas mór fada isteach i mbéal an chúil agus lá eile, bheadh sí glanta amach ag na cosantóirí.

Ní hin le rá gur beag is fiú an obair atá déanta ag Rory Gallagher ó tháinig sé isteach mar bhainisteoir ar Fhear Manach. Níor shroich an contae sin cluiche ceannais Uladh ach cúig huaire riamh roimhe seo agus níor bhuaigh siad ceann ar bith acu. Is maith is eol do Gallagher nach mbeadh an rath céanna ar Fhear Manach le stíl níos oscailte.

Ní mór do Sheán Quigley, Tomás Corrigan agus a leithéidí a bheith i mbarr a maitheasa i measc na dtosaithe chun go mbeadh aon seans ag Fear Manach tráthnóna. Ó tharla na Conallaigh a bheith ag imirt chomh breá sin faoi láthair, is beag an t-iontas gurb iad rogha na n-údar inniu.

Beidh fear Ghaoth Dobhair, Neil McGee, ar iarraidh tráthnóna de bharr cárta dearg a bheith faighte aige sa chluiche leathcheannais. Ach tá idir ógánaigh a bhfuil gealladh fúthu agus imreoirí a bhfuil neart taithí acu ar fhoireann Dhún na nGall agus ba cheart go mbeadh an lá leo tráthnóna.

Rogha Tuairisc.ie: Dún na nGall

Conor Meredith (Laois) ag imirt i gcoinne Átha Cliath in 2016. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Áth Cliath v Laois – Páirc an Chrócaigh, 4.00i.n.

Bhí bliain den scoth ag peileadóirí Laoise go dtí seo, Roinn 4 na sraithe buaite acu agus iad anois i gcluiche ceannais Laighean inniu den chéad uair ó 2007. Tá cluiche iontach crua rompu anois, áfach, agus iad ag tabhairt aghaidh ar Áth Cliath ina nead féin i bPáirc an Chrócaigh.

Ní bhfuair Laois an ceann is fearr ar Áth Cliath ó 2003 agus bhuaigh foireann Jim Gavin go héasca orthu sa dá chluiche is deireanaí atá imeartha eatarthu, in 2014 agus 2016.

Rud amháin a d’fhéadfadh údar beag misnigh a thabhairt do Laois tráthnóna ná an gortú a bhain do Stephen Cluxton i gcluiche leathcheannais Laighean. Ceapadh ar dtús nach mbeadh fáil ar chaptaen Átha Cliath do chluiche an lae inniu ach tabharfaidh Gavin gach deis dó a bheith réidh. Mura mbeidh fáil ar Cluxton, is é Evan Comerford a thiocfaidh isteach ina áit. Níor imir an cúl báire óg ach cluiche amháin sa tsraith, an ceann in aghaidh na Gaillimhe agus d’éirigh leis na Gaillimhigh é a chur faoi bhrú agus é ag ciceáil amach na liathróide.

Mar sin féin, ba cheart go mbeadh Áth Cliath rómhaith do Laois. Ar Loch Garman, ar an Iarmhí agus ar Cheatharlach a bhuaigh Laois chun áit a bhaint amach sa chluiche ceannais, foirne atá i Roinn 3 nó Roinn 4 na sraithe agus ní haon ullmhú iontach iad na cluichí sin agus sárfhoireann seo Átha Cliath rompu.

Rogha Tuairisc.ie: Áth Cliath

Fág freagra ar 'Neart le déanamh ag Fear Manach agus ag Laois más fúthu na piardaí móra a chur dá mbuille'