Neart imeachtaí Gaeilge ar fud na tíre anocht d’Oíche Chultúir 2016

Os cionn 90 imeacht Gaeilge ar siúl d’Oíche Chultúir 2016 anocht, agus beagnach 30 ceann acu sin sa Ghaeltacht

Neart imeachtaí Gaeilge ar fud na tíre anocht d’Oíche Chultúir 2016

Beidh ealaín agus ceol i gConamara, Mícheál Ó Coileáin fillte ar Ardoifig Chonradh na Gaeilge, an Asgard i nGaoth Dobhair an athuair agus go leor leor imeachtaí eile ar siúl d’Oíche Chultúir na bliana seo.

Beidh beagnach 30 imeacht ar siúl sa Ghaeltacht mar chuid d’Oíche Chultúir 2016 anocht. Beidh na himeachtaí ar siúl i ngach aon cheantar Gaeltachta sa tír agus beidh suas le 60 imeacht Gaeilge eile ag tarlú in áiteanna eile ar fud na tíre.

I measc bhuaiceanna na Gaeltachta beidh oíche ‘Spraoi, Draíochta agus Siamsaíochta’ ar an Spidéal i nGaillimh, oíche shiamsaíochta i Ráth Chairn, ‘Ealaín sa Lab’ sa Daingean, agus oíche airneáin sa Chrannóg sna Doirí Beaga.

Is imeacht bliantúil í an Oíche Chultúir atá ar siúl anois ó 2006, nuair a thosaigh sí i gceantar Bharra an Teampaill i mBaile Átha Cliath. Tapaíonn tuairim is 350,000 duine an deis chun cuairt a thabhairt ar imeachtaí na hoíche a bhíonn ar siúl i músaeim, gailearaithe, agus ionaid chultúir eile timpeall na tíre anois.

Is í seo an seachtú bliain don Ghaeltacht a bheith páirteach san oíche agus tá na himeachtaí go léir á n-eagrú saor in aisce ar fud na Gaeltachta i gcomhar le hEalaín na Gaeltachta Teo.

Dúirt lucht eagraíochta na hOíche Cultúir sa Ghaeltacht go bhfuil na healaíona “fíorthábhachtach” d’fhéiniúlacht na Gaeltachta agus gur deis atá san oíche “cur i gcuimhne dár bpobal féin agus go náisiúnta an ealaín ardchaighdeáin atá á cruthú sa Ghaeltacht”.

Tá clár iomlán na Gaeltachta ag bun an ailt seo agus an t-eolas breise ar fad faoi na himeachtaí ar fáil ar shuíomh na hOíche Cultúir 2016.

Tá os cionn 60 imeacht Gaeilge ar siúl anocht taobh amuigh den Ghaeltacht. I measc na n-imeachtaí sin, beidh oíche amhránaíochta faoi stiúir Dhoiminic Mhic Ghiolla Bhríde in Ionad Uiscebhealaí na hÉireann i mBaile Átha Cliath; seisiún ceoil do dhaoine óga agus rang damhsa ar an sean-nós do dhaoine fásta in Áras na nGael i nGaillimh; ceardlann agus ceolchoirm le Emma Ní Fhíoruisce agus JJ Ó Dochartaigh in Ard Mhacha; agus go leor eile timpeall na tíre.

Ar cheann de na himeachtaí ba mhó a tharraing caint anuraidh bhí Rásaí na gCurachaí ar an Life a d’eagraigh Oireachtas na Gaeilge. Beidh na rásaí sin ann arís i mbliana. Cuirfear ús leis ag 5.30 in aice leis an Jeanie Johnston agus rachaidh na hiomróirí chomh fada le Droichead na Leathphingine agus ar ais.

Beidh Foras na Gaeilge ag ceiliúradh Oíche Chultúir freisin anocht agus filíocht ó pheann Sheán Uí Ríordáin á cur le ceol i gceannáras na heagraíochta i mBaile Átha Cliath ag 8.

Tábla Oiche Cultúr

Fág freagra ar 'Neart imeachtaí Gaeilge ar fud na tíre anocht d’Oíche Chultúir 2016'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Ní fheicim an clár iomlán ag bun an ailt a Mhaitiú.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Níl ‘fhios agam an bhfuil imeachtaí Gaeilge ar bith ar siúl i Leitir Ceanainn, i dTír Chonaill?