‘Neart Gaeilge’ ag Ard-Rúnaí nua na Roinne Gaeltachta agus ‘grá don teanga’ aici – Kyne

Bhí díomá ar dhaoine nuair a tuairiscíodh nach raibh Gaeilge líofa ag Ard-Rúnaí nua na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

‘Neart Gaeilge’ ag Ard-Rúnaí nua na Roinne Gaeltachta agus ‘grá don teanga’ aici – Kyne

Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne, go bhfuil “neart Gaeilge” ag an té atá ceaptha sa phost is sinsearaí ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta sa státseirbhís.

Dúirt an tAire Stáit go bhfuil “grá don Ghaeilge” ag Katherine Licken, Ard-Rúnaí nua na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.

Nuair a ceapadh Licken mar Ard-Rúnaí an mhí seo caite, thug urlabhraí ón Roinn le fios do Tuairisc.ie go bhfuil ar a cumas “comhrá a dhéanamh i nGaeilge”, nach bhfuil sí “líofa” ach go bhfuil “socruithe” déanta cheana féin aici “le teagasc a fháil”.

“Tá sé i gceist aici líofacht a bhaint amach chomh luath agus is féidir,” a dúirt urlabhraí na Roinne.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn, gur “údar díomá” é nach raibh líofacht sa teanga luaite mar riachtanas don phost agus gur léiriú a bhí ann “ar an bhfadhb ghinearálta” maidir leis an nGaeilge sa chóras earcaíochta sa státseirbhís.

Dúirt an tAire Stáit Kyne go raibh “Gaeilge mhaith” cheana ag Ard-Rúnaí nua a Roinne agus go mbeadh sí ag dul i mbun foghlama.

“Tá Ard-Rúnaí nua againn sa Roinn, Katherine Licken, agus cuirim fáilte roimpi. Tuigim ó bheith ag caint leis an Ard-Rúnaí nua go bhfuil neart Ghaeilge aici. Feicfidh mé é sin amach anseo. Tuigim go bhfuil i gceist aici cuairt a thabhairt ar oifigí na Roinne agus ar Údarás na Gaeltachta sna Forbacha. Táim lánmhuiníneach go bhfeicfidh daoine ina dhiaidh sin go bhfuil Gaeilge mhaith aici.

“Tá ceangal aici le hOileáin Árann. Chaith a seanathair, sílim, 12 bhliain ar Inis Mór. Chaith sí cúpla seachtain i rith an tsamhraidh ar Inis Oírr nuair a bhí sí ina déagóir í fhéin. Tá grá aici don Ghaeilge agus tá sé ráite liom go mbeidh sí ag dul ar aghaidh chun í a fhoghlaim,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne sa Seanad.

Fág freagra ar '‘Neart Gaeilge’ ag Ard-Rúnaí nua na Roinne Gaeltachta agus ‘grá don teanga’ aici – Kyne'

  • Seán F. Ó Drisceoil

    Is ceist proifisiúnachais é seo seachas ceist teanga. Má tá pobal ann go mbeadh Ard-Rúnaí nua na Roinne Gaeltachta ag deileáil leo go díreach mar chuid dá post agus go dteastaíonn uathu san cumarsáid a dhéanamh tré Ghaeilge léithi, ba chóir go mbeadh Gaeilge líofa luaite i measc na sonraí pearsanra a bheadh mar riachtanas don phost.