Neamhspleáchas don Chatalóin? (…agus ceisteanna do Máiría Cahill)

Tá an teannas idir Madrid agus Barcelona ag dul i dtreise ó vótáil parlaimint na Catalóine i bhfabhar dícheangail ón Spáinn agus tugann ceapachán Mháiría Cahill léagas dúinn ar chás an tSeanaid

Catalan_National_Day

Tá amhras orm faoin bhfocal sin ‘dícheangal’. Ar vótáil parlaimint réigiúnach na Catalóine i bhfabhar neamhspleáchais?

Níor vótáil. Mhol an rún a ritheadh Dé Luain go gcuirfí tús le dícheangal nó le scaradh an réigiúin ón gcuid eile den Spáinn.

Fógraíodh sa rún freisin nach mbeadh an Chatalóin faoi smacht Chúirt Bhunreachtúil na Spáinne as seo amach, agus go mbunófaí córas cánach agus leasa shóisialta ar leith sa réigiún faoi cheann 50 lá.

Neamhspleáchas le fírinne, mar sin?

Ní hea. Céim eile i dtreo neamhspleáchais a bhí ann dáiríre, seachas fógairt iomlán neamhspleáchais.

Cén sórt freagra a thug an rialtas i Madrid ó shin?

Dúirt an Príomh-Aire, Mariano Rajoy, go n-iarrfaí ar an gCúirt Bhunreachtúil (féach thuas) an rún a ritheadh i bparlaimint na gCatalóine a chur ar ceal. Dúirt airí rialtais eile i Madrid go bhféadfaí aistriú íocaíochtaí ón státchiste a chur ar ceal, dá rachadh na Catalónaigh chun cinn le feidhmiú iomlán an rúin.

Léigh mé tuairisc eile a dúirt go mbeadh comhaltaí rialtas na Catalóine os comhair cúirte sara i bhfad, mura ngéillfidh siad don rialtas náisiúnta.

Molaim duit an focal sin ‘náisiúnta’ a sheachaint, go háirithe má phléann tú an scéal le duine ar bith ón gCatalóin. Buaileam sciath a bhí ann dáiríre. Cé a bheadh ábalta iachall a chur orthu teacht os comhair cúirte? Gan trácht ar dheacrachtaí eile.

Éirigh as an ‘b’fhéidireacht’ go léir, in ainm Dé. An dóigh leat go mbeidh an Chatalóin neamhspleách ón Spáinn, abair, i gceann deich mbliana?

Sílim go mbeidh an Chatalóin níos neamhspleáiche ná mar atá sí faoi láthair, mar a bheidh Albain. Ina dhiaidh sin, cá bhfios?

Chuir vóta na parlaiminte i mBarcelona imní ar chuid mhór de lucht gnó na Catalóine. Bí cinnte go ngéarófar ar an teannas idir an réigiún agus Madrid agus olltoghchán na Spáinne ar an 20 Nollaig, ach tháinig maolú go minic roimhe seo ar an gcaidreamh eatarthu.

Ceist againn ort, a Sheanadóir nuathofa

20/10/2014: Mairia Cahill addresses the media outs

Toghfar comhalta nua den teach uachtarach Dé hAoine. Níl aon amhras faoin rogha a dhéanfar. Níl vótaí sa bhfothoghchán seo ach ag 225 Seanadóir agus Teachta Dála. Ba léir ó thús go mbeadh móramh ag Máiría Cahill, 88 vóta ó Fhine Gael agus 44 ón Lucht Oibre.

Dhiúltaigh sí ceist ar bith faoina stair pholaitiúil phearsanta a fhreagairt ó d’ainmnigh Páirtí an Lucht Oibre í mar iarrthóir. Chuir beirt Sheanadóirí, David Norris agus Fidelma Healy-Eames, a neamhthoil i gcuimhne don teach uachtarach Dé Máirt.

An cheist nár fhreagair Máiría Cahill? Cén fáth gur fhreastail sí ar chruinnithe den ghrúpa poblachtach easaontóirí ar a dtugtar an ‘Republican Network for Unity’ (eagraíocht atá in aghaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta agus an PSNI)? Ceapadh í mar Ard-Rúnaí ar an ngrúpa i 2010. Dúirt sí roimhe seo gur éirigh sí as an bpost tar éis cúpla uair an chloig).

Dúirt Páirtí an Lucht Oibre thar ceann Máiría Cahill go bhfuil sí i bhfabhar síochána agus daonlathais. Ach chuir a neamhthoil ceisteanna a fhreagairt i gcuimhne dúinn arís eile an méid seo a leanas:

1. Nach ‘toghchán’ dáiríre ach ceapachán, a dhéanann scata polaiteoirí de réir rogha a gceannairí, a oireann mar chur síos ar an bpróiseas.

2. Nach bhfuil aon bhaint ag an bpobal leis an rogha a dhéantar, ná deis acu freagraí ar cheisteanna réasúnta a chloisteáil sara ndéantar é.

3. Nach bhfuil ballraíocht ná struchtúr an tSeanaid leasaithe in aon chor ó dhiúltaigh vótóirí don iarracht a rinne an rialtas deireadh a chur leis an teach uachtarach i reifreann 2013, ainneoin na ngeallúintí a thug an rialtas tar éis an reifrinn sin.

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTÉ Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'Neamhspleáchas don Chatalóin? (…agus ceisteanna do Máiría Cahill)'

  • alan

    An t-Ainniseoir Joan Burton agus an Seanadóir Mairia (sic) Cahill. Cleas suarach eile polaitíochta chun béim síos a bhaint as Shinn Féin agus ‘uaisleacht’ agus ‘fairsinge chroí’ Burton a ‘speáint don phobal.
    Ach féach gur bhain agus go mbainfidh an ghalamaisíocht sin miotóg as thóin Burton féin, milleadh is máchail uirthi.