Neamhshuim na nÉireannach sa tsraith idirnáisiúnta agus scéalta móra eile spóirt na deireadh seachtaine amach romhainn

An dtiocfaidh cluiche na rialacha comhréitithe slán? Cén chaoi ar féidir an dá thrá a fhreastal i nGaillimh? An ndéanfaidh Jurgen Klopp a chéad ghaisce mar bhainsteoir Liverpool?

international-rulesAn tSraith Idirnáisiúnta i mbaol ó neamhshuim na hÉireannach an uair seo

Nuair a bhuail Éire an Astráil le 101 pointe thar an dá chluiche sa tsraith rialacha comhréitithe i 2013, ba chosúil go raibh an rás rite ag an gcluiche seo. Bhí neamhaird á tabhairt ag na hAstrálaigh ar an gcomórtas le cúpla bliain roimhe sin agus nuair a chuir siad foirne laga chun páirce, déanadh scrios orthu.

Anuraidh, agus fios acu go mbeadh orthu cúrsaí a athrú, rinne na hAstrálaigh cinneadh scoth na n-imreoirí ón AFL a phiocadh arís agus an fhoireann déanta suas d’fhir a raibh áit bainte amach acu ar an bhfoireann All-Australian, macasamhail na All-Stars abhus. Bhí rian an athraithe le feiceáil bliain ó shin nuair a thug fir na hAstráile greadadh do na hÉireannaigh i bPerth.

Is í an fhadhb anois ná suim an tslua in Éirinn a mhúscailt sa chomórtas. Anuraidh, bhí na hAstrálaigh i bhfad níos fearr ná na hÉireannaigh, fiú sna scileanna a cheapfá go mbeadh buntáiste ag na hÉireannaigh leo. Ba chruinne, mar shampla, iarrachtaí na n-Astrálach ar scóranna leis an mbróg. I rith an chluiche anuraidh, chuir na hAstrálaigh an liathróid thar an trasnán 17 n-uaire, i gcomparáid le naoi n-uaire ag na hÉireannaigh.

Níl CLG ag súil ach le thart ar 35,000 don chluiche i bPáirc an Chrócaigh amárach agus ní haon chabhair é go bhfuil cuid mhaith de na himreoirí a bheifeá ag iarraidh iad a fheiceáil sa chluiche seo in easnamh, leithéidí Michael Murphy, Ciarán Kilkenny, Tommy Walsh agus na hÉireannaigh uile a bhíonn ag imirt san AFL. Má bhíonn drochchluiche ann amárach, seans go gcuirfear deireadh leis an tsraith.

Ian Burke, imreoir Chorafinne. INPHO/James Crombie
Ian Burke, imreoir Chorafinne. INPHO/James Crombie

Cinneadh deacair le déanamh ag lucht tacaíocht CLG i nGaillimh an Domhnach beag seo

Agus an chaint uile ar cé chomh deacair is a bhíonn sé ag imreoirí an t-am seo den bhliain agus cluichí ag teacht sa mhullach ar a chéile, is iad an pobal a bheidh thíos leis i nGaillimh an deireadh seachtaine seo.

Tar éis dóibh críochnú ar comhscór coicís ó shin, imreoidh Na Sairséalaigh agus Ceachmhaoil a chéile arís i gcluiche ceannais iomána na Gaillimhe i bStaid an Phiarsaigh ag 1.45i.n.. Ceathrú uaire ina dhiaidh, ag 2i.n., cuirfear tús le cluiche ceannais peile Chúige Chonnacht idir Cora Finne agus Caisleán an Bharraigh i dTuaim.

Is é seo an chéad scrúdú ceart a chuirfear ar churaidh na hÉireann i mbliana agus leis na cúil uile atá a scóráil ag Caisleáin an Bharraigh le gairid – 16 sna sé chluiche is déanaí acu – caithfidh Cora Finne a bheith aireach. Is coimhlint neamhghnách a bheidh sa chluiche iomána; níl craobh an chontae buaite ag Creachmhaoil ó 1931 agus tá Na Sairséalaigh tite siar go mór ón ré órga a bhí acu i rith na nóchaidí.

Faraor, ní féidir don duine a bheith sa dá áit ag an am céanna agus b’fhéidir gurb é an plean is fearr ná freastal ar an gcluiche iomána agus an choimhlint peile, a chraolfar ar TG4, a thaifead.

Bainisteoir nua Liverpool, Jurgen Klopp. Pictiúr le Tim Reckmann
Bainisteoir nua Liverpool, Jurgen Klopp. Pictiúr le Tim Reckmann

Klopp fós ag iarraidh a mharc a fhágáil ar Liverpool

Bhí gach duine ar bís nuair a fógraíodh go mbeadh Jurgen Klopp ag teacht isteach mar bhainisteoir nua Liverpool, ach lucht leanúna an chlub fós ag fanacht ar an mbainisteoir nua a mharc a fhágáil ar chúrsaí.

Ní tús éasca a bhí ag Klopp agus cluichí as baile i gcoinne Tottenham agus Chelsea ag Liverpool, agus cé gur bhuaigh siad i Stamford Bridge, léirigh an cluiche comhscóir in aghaidh Southampton agus an chailliúint in aghaidh Crystal Palace go bhfuil obair mhór fós le déanamh ag Klopp agus a chuid imreoirí.

Tá cluiche deacair eile rompu an Satharn seo agus iad ag taisteal go dtí an Etihad chun aghaidh a thabhairt ar Manchester City, cluiche ina mbeidh Raheem Sterling ag imirt in aghaidh a sheanchlub. Seans go mbeidh Daniel Sturridge ar fáil do Liverpool tar éis dó a bheith gortaithe agus beidh sé ag teastáil má tá siad chun a gcéad chluiche a bhuachan ag an Etihad ó 2008.

Fág freagra ar 'Neamhshuim na nÉireannach sa tsraith idirnáisiúnta agus scéalta móra eile spóirt na deireadh seachtaine amach romhainn'