Tá drochnós agam. Agus mé i mbun scríbhneoireachta ar an ríomhaire (seachas i leabhar nótaí) bím go síoraí seasta i mbun cuardaigh ar an idirlíon féachaint an bhfuil leagan cainte éigin in úsáid agam i gceart, an bhfuil locht éigin ar mo chomhréir, nó chun fáil amach ar baineadh úsáid as meafar éigin cheana.
I dtús báire shíl mé gur mise amháin a dhéanann cuardach gan stad gan staonadh ar fhrásaí aite randamacha ar nós “fágadh ina staic”, “a bhfuil ar siúl” nó “glas a dhallfadh do chuid súl”. Bím ag scríobh in dhá theanga nach labhraítear timpeall orm go laethúil agus luífeadh sé le réasún go dtiocfadh meirg éigin orthu – agus fonn seiceála orm féin. Ach fuair mé amach de réir a chéile go bhfuil an nós seo coiteanta i measc scríbhneoirí ar fud an domhain, agus ghabhfainn chomh fada lena rá gur bréagnóir é an scríbhneoir a mhaífeadh nach bhfuil sé aige.
Cén fáth gur drochnós é? Toisc go n-ídíonn an síorchuardach seo an mhuinín a bhíonn ag an scríbhneoir as a chumas teanga féin. Fearacht an té a bhainfeadh úsáid go síoraí seasta as aipeanna chun a bhealach a dhéanamh timpeall a chathrach féin, déanfaidh scríbhneoir a bhíonn ag brath ar chomhairle theanga neamhoifigiúil an idirlín dearmad de réir a chéile ar leagan amach a theanga féin. Amhail an té a mbeadh drogall air casadh isteach i dtaobhshráid éigin toisc nach é sin an bealach atá á mholadh ag a ghuthán cliste, tiocfaidh drogall air i ndeireadh na dála úsáid a bhaint as leagan cainte ar bith nach dtagann aníos i gcuardach idirlín. Beidh drogall air roimh a shamhlaíocht féin – agus cá bhfágfaidh sé sin an scríbhneoir?
Ag dul timpeall i bhfáinne fí, mar a tharla dom féin an lá cheana nuair nach raibh ach toradh amháin ar an gcuardach a rinne mé ar fhrása éigin a raibh mé in amhras faoi: alt a scríobh mé féin.
Sin ar fad ráite, bíonn a bhuntáiste féin ag baint le chuile neamhord éigníoch dúghafach.
Ar dtús, bíonn sásamh éigin le baint as an mearbhall a chuirfidh na frásaí craiceáilte, randamacha ar fad ar na hinnill chuardaigh. Cén saghas fógraí a dhíreoidh siad ar chor ar bith ar dhuine a dhéanann cuardach ar leithéidí “níor fhéad mé gan” agus “faoi mar a bheadh”?
Lena chois sin, uair sna naoi n-aird, tiocfaidh tú ar sheoid.
‘Bhí aghaidh air amhail is go raibh Bayern München díreach tar éis bua 8-0 a fháil air’ ceann de na torthaí a tháinig aníos nuair a rinne mé cuardach an lá cheana ar leithéid an fhrása “aghaidh air amhail” i mo theanga dhúchais, an Ísiltíris. Níor fhéad mé gan an meafar sin a robáil agus a chur in oiriúint do dhuine de na príomhcharachtair san úrscéal atá idir lámha agam féin, agus atá suite sa Bhrasaíl: ‘Cén aghaidh sin ort? Shílfeá go bhfuil an Ghearmáin tar éis bua 7-1 a fháil ort!’
Dhá mholadh do scríbhneoirí a mbeadh an neamhord éigníoch dúghafach seo ag cur as dóibh féin agus nach mbeadh sé ar intinn acu éirí as: más i nGaeilge a bhíonn tú ag scríobh, bain triail as www.gaois.ie, áit a dtiocfaidh tú ar shamplaí úsáide as foinsí iontaofa amháin, agus má bhíonn tú ag cuardach sna gnáthinnill chuardaigh, cuir uaschamóga dúbalta timpeall ar an bhfrása chun an cuardach a theorannú!
Fág freagra ar 'Neamhord éigníoch dúghafach an tsíorchuardaigh idirlín'