Neamhchiontach ar fad a bhí an deichniúr a maraíodh i Sléacht Bhaile Uí Mhurchú – rialú cróinéara

Bhí, ‘sléacht Bhaile Uí Mhurchú’ i 1971, mar a thugtar air, i measc na n-eachtraí ba chonspóidí le linn na dTrioblóid

Neamhchiontach ar fad a bhí an deichniúr a maraíodh i Sléacht Bhaile Uí Mhurchú – rialú cróinéara

Neamhchiontach ar fad a bhí an deichniúr a maraíodh i Sléacht Bhaile Uí Mhurchú i 1971, a rialaigh an cróinéir, an Breitheamh Siobhán Keegan.

Rialaigh an cróinéir go raibh an deichniúr a maraíodh “neamhchiontach, nárbh aon chontúirt iad agus nach raibh aon bhaint acu le paraimílteataigh”. 

Díol faoisimh de chineál a bheidh i gcinneadh an chróinéara do ghaolta na marbh a raibh feachtas fada acu ag éileamh go nglanfaí ainmneacha a muintire.

Bhí, ‘sléacht Bhaile Uí Mhurchú’, mar a thugtar air, i measc na n-eachtraí ba chonspóidí le linn na dTrioblóidí. 

Ba é leagan na n-údarás míleata den scéal gur úsáid siad fórsa dlisteanach le linn teannais agus iad i gcontúirt.

Rialaigh an cróinéir gurb iad saighdiúirí na Breataine a mharaigh naonúr den deichniúr neamhchiontach. ach dúirt sí nárbh fhéidir léi a dheimhniú cé a mharaigh an duine eile, John McKerr.

Ba iad na daoine a maraíodh: Francis Quinn, 19, an tAthair Hugh Mullan, 38, Daniel Taggart, 44, Joan Connolly, 44, Noel Philipps, 19, Joseph Murphy, 41, John Laverty, 20, Joseph Corr, 43, Edward Doherty, 31 agus John McKerr, 49.

Paratrúpaí ó Arm na Breataine a bhí freagrach as marú na ndaoine idir an 9 agus 11 Lúnasa 1971, an deireadh seachtaine ar chuir rialtas Stormont imtheorannú i bhfeidhm. 

Tharla an eachtra – nó na cúig eachtra – sé mhí roimh Dhomhnach na Fola i nDoire, ach níor tugadh oiread airde orthu ag an am. 

Ní raibh ceamaraí ná meáin chumarsáide ar an láthair agus bhí corraíl i dtaca leis an imtheorannú ar fud an tuaiscirt.

Bhí bean amháin, Joan Connolly, i measc na marbh. Bhí ochtar clainne aici. Scaoileadh léi nuair a chuaigh sí amach chun a páistí a bhailiú agus a thabhairt abhaile slán. Maraíodh sagart, an tAthair Hugh Mullan, nuair a chuaigh sé i gcabhair ar fhear a bhí gonta. 

Rinneadh iniúchadh ar chúig eachtra i gcúig láthair i gceantar Bhaile Uí Mhurchú. 

In 2018, 47 bliain ó maraíodh an deichniúr in iarthar Bhéal Feirste, a cuireadh tús le scrúdú cróinéara ar a mbás. 

Bhí coiste cróinéara ann i 1972 ach bhí sé easnamhach agus d’ordaigh Ard-Aighne Thuaisceart Éireann ionchoisne nua in 2011. 

Dúirt Uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald gur dhearbhaigh breithiúnas an choiste cróinéara inniu go raibh an ceart ag muintir na ndaoine sin a mharaigh Reisimint Paratrúpaí i mBaile Uí Mhurchú 50 bliain ó shin.

Dúirt sí nach údar áthais ar fad a bhí ann mar go ndéanfadh rialtas na Breataine iarracht anois an ceart a chosc agus cúl a thabhairt leis an gcomhaontú a bhí acu le rialtas na hÉíreann faoi conas déileáil le hoidhreacht na staire.

Fág freagra ar 'Neamhchiontach ar fad a bhí an deichniúr a maraíodh i Sléacht Bhaile Uí Mhurchú – rialú cróinéara'

  • Pádraig Ó Baoill

    Faoiseamh éigin agus cuid den fhírinne nochtaithe faoi dheireadh

  • An Teanga Bheo

    Fírinne ró mhall ag tiocht tareis 50 bliain i díl chuimhne orthu an 10 neamh chiontacht.