Neamhaird déanta ag Ospidéal Beaumont ar imscrúdú de chuid an Choimisinéara Teanga ar feadh cúig mhí

D’fhág easpa comhfhreagrais ón Ospidéal go raibh ar an gCoimisinéir Teanga imscrúdú a sheoladh mí Iúil 2019 ach cúig mhí níos déanaí a tugadh freagra dó

Neamhaird déanta ag Ospidéal Beaumont ar imscrúdú de chuid an Choimisinéara Teanga ar feadh cúig mhí

Rinne Ospidéal Beaumont i mBaile Átha Cliath neamhaird ar imscrúdú a bhí ar bun ag an gCoimisinéir Teanga faoi shárú a bheith á dhéanamh ag lucht an ospidéil ar a ndualgais reachtúla i leith na Gaeilge.

idir 2015 agus 2019, fuair Oifig an Choimisinéara seacht gcinn de ghearáin faoi Ospidéal Beaumont inar maíodh go raibh sárú déanta ag an ospidéal ar an reachtaíocht teanga. Chuir an Coimisinéir tús le himscrúdú ach níor thug an tOspidéal freagra ar fhiosruithe an Choimisinéara go ceann roinnt míonna.

Rinne an Coimisinéir, Rónán Ó Dómhnaill, teagmháil leis an ospidéal ar dtús ar bhonn neamhfhoirmiúil chun na gearáin a fhiosrú ach deir sé nár tugadh aon fhreagra air.

Cinneadh imscrúdú a sheoladh i ndiaidh an “easpa dul chun cinn a rinne m’Oifig, in ainneoin iarrachtaí leanúnacha, réiteach neamhfhoirmiúil a fháil ar na gearáin,” a dúirt Ó Domhnaill i dTuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga, a foilsíodh an tseachtain seo.

Cuireadh tús leis an imscrúdú ar an 25 Iúil 2019 agus freagra á lorg ag an gCoimisinéir Teanga faoin 16 Lúnasa 2019. Ina ainneoin sin, níor chuir Ospidéal Beaumont freagra ar fáil don imscrúdú go dtí an 18 Nollaig – breis is ceithre mhí ón spriocdháta a leag an Coimisinéir Teanga síos agus nach mór cúig mhí ó seoladh an t-imscrúdú.

“Ghlac an tOspidéal leithscéal as an moill ach níor tugadh aon mhíniú ar an bhfáth nár tugadh freagra ar chuid mhór cumarsáide ón Oifig seo roimh an imscrúdú nó lena linn,” a dúirt Rónán Ó Domhnaill i dTuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga, a foilsíodh an tseachtain seo.

Na gearáin a rinneadh leis an gCoimisinéir Teanga faoi Ospidéal Beaumont, bhain siad le tuarascáil bhliantúil an ospidéil a bheith foilsithe i mBéarla, comharthaí éagsúla san Ospidéal nó ar champas an Ospidéil agus closfhógraí poiblí a bheith i mBéarla amháin, chomh maith leis na teachtaireachtaí ar chóras freagartha gutháin an Ospidéil a bheith i mBéarla amháin.

Maidir le tuarascálacha bliantúla an Ospidéil a chur ar fáil i nGaeilge go comhuaineach leis an leagan Béarla, dualgas atá leagtha ar chomhlachtaí poiblí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, dúirt Ospidéal Beaumont go bhfoilseofaí Tuarascáil Bhliantúil 2019 i nGaeilge agus i mBéarla i mí an Mhárta 2020.

In ainneoin a ndúradh leis an gCoimisineir Teanga, níl leagan Gaeilge de thuarascáil 2019, ná aon tuarascáil eile, le feiceáil ar shuíomh an Ospidéil.

Deimhníodh i bhfreagra an Ospidéil ar imscrúdú an Choimisinéara go raibh suirbhé déanta ar chomharthaí poiblí an Ospidéil agus go gcuirfí comharthaí nua i nGaeilge agus i mBéarla ina n-áit a luaithe agus ab fhéidir.

Chuir an tOspidéal in iúl freisin go raibh teachtaireacht i nGaeilge curtha ar an gcóras callaireachta poiblí ag an bpríomhbhealach isteach. Maidir leis an gcóras freagartha gutháin, áfach, dúradh nárbh fhéidir teachtaireacht i nGaeilge a chur air de bharr aoise. Dúradh go raibh iarratas déanta ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le córas nua freagartha gutháin a chur ina áit a chuirfeadh ar a chumas fógraí a thaifeadadh i nGaeilge agus i mBéarla.

Agus an t-imscrúdú curtha i gcrích ag an gCoimisinéir, mhol sé d’Ospidéal Beaumont cloí leis na dualgais reachtúla atá air i leith na Gaeilge agus socruithe a dhéanamh chun plé go cuí agus go tráthúil le gearáin faoi sháruithe ar an reachtaíocht teanga.

“Tá líon teoranta dualgas ar gach uile chomhlacht poiblí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus sna rialacháin atá déanta faoin Acht sin agus is féidir iadsan a chomhlíonadh gan mórán costais ná dua ach tabhairt fúthu ar shlí chórasach, stuama,” a dúirt Rónán Ó Dómhnaill.

Chuir an Coimisinéir Teanga imscrúduithe a bhain le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, An Roinn Oideachais agus an Foras Taighde ar Oideachas i gcrích le linn 2020 freisin.

Tugadh le fios i dTuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara gur bhain 20% de na gearáin a fuair sé le linn 2020 le teip an stáit eolas faoin bpaindéim Covid-19 a chur ar fáil i nGaeilge.

Fág freagra ar 'Neamhaird déanta ag Ospidéal Beaumont ar imscrúdú de chuid an Choimisinéara Teanga ar feadh cúig mhí'

  • Tuairisg

    Nuair atá Údarás na Gaeltachta go oscailte ag déanamh gnó trí Bhéarla maidir le Páirc na Mara agus Gteic, cén mhaith a bheith ag caitheamh am ar seafóid mar seo? Ba chóir go mbeadh an Coimisinéar ag fiosrú níos gaire do bhaile.

  • Caitríona

    Caithfidh clámhsán a dhéanamh Thuairisg!

  • Éamonn Ó Gribín

    Dhealródh sé nár iarr Tuairisg ar an Choimisineir imscrúdú a dhéanamh faoi Údarás na Gaeltachta go oscailte ag déanamh gnó trí Bhéarla maidir le Páirc na Mara agus Gteic! Caithfidh clámhsán a dhéanamh!