Néal codlata féin ní bhfuair na heilifintí ná na moncaithe nuair a buaigh Port Láirge cluiche ceannais na hÉireann

Fad agus a bhí Chipperfield ag crochadh a chuid canbháis bhí 77,285 duine laistigh de bhallaí Pháirc an Chrócaigh

Néal codlata féin ní bhfuair na heilifintí ná na moncaithe nuair a buaigh Port Láirge cluiche ceannais na hÉireann

Tá sé os cionn 300 bliain ó bhunaigh fear darbh ainm James Chipperfield ceann de na sorcais is cáiliúla dá bhfuil ann. Tá Chipperfields ar an bhfód i gcónaí, an Eoraip siúlta acu ag cur seónna ar fáil in ollphubaill – ceann acu sin a raibh áit ag 6,000 duine ann.

Duine dá shliocht a bhí i gceannais nuair a tosaíodh ag crochadh ceann de na pubaill sin i gCathair Phort Láirge ar an Domhnach an 4 Deireadh Fómhair 1959, áit a raibh siad le seachtain a chaitheamh.

Ar na hainmnithe fiáine a bhí acu bhí dosaen eilifintí, ocht gcamall agus moncaithe den uile mhianach. Leo freisin bhí a gcuid bobaidí agus fear a scaoiltí amach as gunna mór le deireadh a chur le sceitimíní na hoíche.

Terry Duggan a bhí air siúd. Ba i Mala a rugadh a thuismitheoirí. Dá bharr sin tá chuile sheans ann gur eisean amháin a thuig cén fáth a raibh Cathair Phort Láirge chomh tréigthe agus a bhí i lár an lae ghléigil an tráthnóna Domhnaigh sin i gceartlár an Fhómhair 1959.

Mac an pheata ní raibh le feiceáil ag lucht an tsorcais agus iad ag taisteal na sráideanna ag crochadh póstaer. Ní raibh dé ná amharc ar na malraigh a mba ghnáth leo a theacht in áiteacha eile go bhfaigheadh siad a gcéad amharc ar shioráf nó ar chrogall.

Bhí an chathair tréigthe agus tharlódh go mba ag Terry Duggan amháin a bhí fios an údair – athimirt Chluiche Ceannais Iomána na hÉireann a bheith ar siúl ar Pháirc an Chrócaigh.

Ceithre seachtaine roimhe sin agus gan fanta ach cosamar nóiméid ansiúd, bhí tús trí chúilín ag Cill Chainnigh ar Phort Láirge nuair a scóráil Séamus Power as Cnoc Síon an cúl comhscóir. Fad agus a bhí Chipperfield ag crochadh a chuid canbháis bhí 77,285 duine laistigh de bhallaí Pháirc an Chrócaigh ag an athimirt – iad siúd nár fhéad a bheith i láthair bailithe timpeall gléasanna raidió ag éisteacht le tráchtaireacht Mhichíl Uí Eithir.

Dhá bhliain roimhe sin bhí buaite ag Cill Chainnigh ar na Déisigh d’aon chúilín amháin. Ó bhuaigh siad an chraobh i 1948, chinn ar iománaithe na ngeansaithe gorm agus bán a dhul chomh fada le cluiche ceannais na Mumhan féin.

Faoin am a dtáinig 1959 bhí lá an leithscéil caite go maith.

Litir a scríobh Déiseach a bhí ar deoraíocht i mBleá Cliath chuig an Waterford News and Star is fearr a thugann léargas ar mheoin an chontae.

Dear Sir,

I would send the following message to the Waterford hurlers who play Kilkenny in the All-Ireland Final on Sunday nest in Croke Park:

(1) Let there be no ‘moral victories’ this time.
(2) Let the win be clear-cut and decisive

Supporters of Waterford in many parts of the world wait expectantly for the result of this match. Do not disappoint them.

Yours sincerely
Jim Walsh
Baggot St.

Thug fógraí sa nuachtán céanna le fios gur ag 6.30am a léifí formhór Aifrinn an Domhnaigh i bPort Láirge agus ceann i nGaeilge ag inseacht go mbeadh Córas Iompair Éireann ag cur busanna ar fáil a fhágfadh an Cúrsa Fada le dul chun na príomhchathrach.

Bhí cácaí milse ar díol i ndathanna an chontae ag Modern Bakeries ar Bhóthar an Bhaile Nua – bhí fios a leasa ag an dream céanna mar go raibh cinn ar fáil i ndathanna Chill Chainnigh freisin dá gcustaiméirí ar bhruach thall na Siúire!

San athimirt rinne an captaen Frankie Walsh agus a chomrádaithe mar a d’iarr Breathnach Shráid Bhagóid orthu – sin má bhí 3-12, 1-10 ‘decisive and clear-cut’ a dhóthain dósan. Seans go raibh.

Níos deireanaí an tráthnóna sin bhí 20,000 duine bailithe i gceantar na gCéanna tar éis do na buaiteoirí agus do Chorn Mhic Cárthaigh Droichead na Siúire a thrasnú agus iad faoi bhealach chuig Halla na Cathrach.

Bhí scáileán mór ar an láthair – inniu cluiche an lae a bheadh á thaispeáint aige, i 1959 bhíothas taobh le tráchtaireacht raidió ar an gcluiche comhscóir agus grianghrafanna de bhua 1948.

Níor chuir sé sin isteach ná amach ar an gceiliúradh ar cuireadh clabhsúr air i Halla Rince an Olympic agus 1,600 duine i láthair ag Céilí an Bhua.

Agus é ag breathnú amach trí fhuinneog a charbháin, chonaic agus chuala Dickie Chipperfield an réabadh agus an ruaille buaille ar fad agus thochas sé mullach a chinn. An néal codlata féin ní bhfuair na heilifintí ná na moncaithe agus mhúch an callán taobh amuigh glóir a míshástachta.

Tar éis 300 bliain bhí sorcas eile casta orthu a bhí níos mó ná iad féin.

Fág freagra ar 'Néal codlata féin ní bhfuair na heilifintí ná na moncaithe nuair a buaigh Port Láirge cluiche ceannais na hÉireann'