Nasc déanta idir Logainm.ie agus placenamesni.org

Tá os cionn 10,000 nasc idir an dá bhunachar logainmneacha ar fáil anois

Apple-Magic-Mouse

Tá nasc anois ann idir Logainm.ie agus placenamesni.org, suíomh ar a bhfuil eolas cuimsitheach faoi logainmneacha Thuaisceart Éireann. Tá breis agus 10,000 nasc idir an dá bhunachar ar fáil anois ar shuíomh logainm.ie.

Nuair a chuardófar logainm Tuaiscearteach, níl le déanamh ag an úsáideoir ach an cnaipe ‘Tuilleadh eolais faoin áit seo ag placenamesni.org’ a chliceáil agus déanfar é a atreorú chuig an iontráil chuí ar an suíomh sin. Is ann a bhfaighfear cúlra an ainm chomh maith le roinnt foinsí staire a bhaineann le hábhar.

Tá os cionn 20,000 ainmneacha ar placenamesni.org, idir chontaetha, bhailte agus pharóistí chomh maith le haibhneacha, locha agus sléibhte. Is é an Northern Ireland Place-Name Project in Ollscoil na Banríona a chuir a t-eolas i dtoll a chéile ó léarscáileanna agus ó fhoinsí eile. Táthar ag cur leis an mbailiúchán logainmneacha i gcónaí.

Ba é an moladh ba mhó a bhí ag an bpobal ar cheistneoir a scaip Logainm.ie i measc na n-úsáideoirí níos luaithe i mbliana ná go mbeadh léarscáil Ghaeilge de Thuaisceart Éireann ar an suíomh. Dúirt Logainm.ie i ráiteas faoi go raibh moill ar an togra toisc go bhfuiltear ag brath ar “pháirtithe seachtracha” chun cuid den obair a dhéanamh.

Ní raibh freagra faighte ag Tuairisc.ie ó Logainm.ie faoin léarscáil faoin am a foilsíodh an t-alt seo.

Fág freagra ar 'Nasc déanta idir Logainm.ie agus placenamesni.org'

  • Gabhán Ó Dochartaigh

    Má thagann ann in am ar bith do leagan clóite den nuachtán seo, thiocfadh libh méid millteanach dúigh a choigilt tríd ‘an tuaisceart’ a úsáid seachas an leagan níos faide sin atá agaibh agus tá mé measartha cinnte go dtuigfidh gach duine sa tír cén áit go díreach atá i gceist agaibh fosta. :-)