Nasc á chruthú idir ealaíontóirí na n-oileán

Tá an turas á dhéanamh ag Laoise Kelly, mar chuid den tionscadal ealaíne ‘Casadh na Taoide’ a bhfuil mar aidhm aige nasc a chruthú idir ealaíontóirí agus ceoltóirí ar na hoileáin ar chósta an iarthair

Nasc á chruthú idir ealaíontóirí na n-oileán

An húicéir ‘Mac Duach’. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Agus Lá Mhic Dara á cheiliúradh amárach, cuirfidh an cruitire aitheanta Laoise Kelly, tús le turas mara ar bhord ceann de húicéirí na Gaillimhe a thabharfaidh chuig sé cinn d’oileáin Ghaeltachta í le linn na míosa seo.

Roghnaíodh tús a chur leis an aistear ar Oileán Mhic Dara in ómós Naomh Mac Dara, éarlamh lucht na mara agus na mbád.

Tá an turas á dhéanamh ag Laoise Kelly, mar chuid den tionscadal ealaíne ‘Casadh na Taoide’ a bhfuil mar aidhm aige nasc a chruthú idir ealaíontóirí agus ceoltóirí ar na hoileáin ar chósta an iarthair.

Ar bord an húicéara ‘Mac Duach’, faoi stiúir an scipéara Michael Brogan, tabharfaidh Laoise Kelly agus Diarmuid Gielty, atá ag cur fúthu ar Oileán Acla, cuairt ar cheoltóirí, ealaíontóirí, scéalaithe agus staraithe atá ag maireachtáil ar na hoileáin, oileáin Ghaeltachta ina measc.

Is deis atá sa tionscadal, atá á mhaoiniú ag an Chomhairle Ealaíon, d’ealaíontóirí agus do cheoltóirí ceiliúradh a dhéanamh ar a gcultúir agus ar an oidhreacht “comhroinnte”, a deirtear.

Tá ealaíontóirí agus ceoltóirí ar Inis Bó Finne na Gaillimhe, Inis Toirc, Cliara agus Acaill i Maigh Eo agus Árainn Mhór i nDún na nGall páirteach sa tionscadal agus saothair nuachoimisiúnaithe á gcruthú acu.

I measc na n-ealaíontóirí atá páirteach sa togra agus saothar á chruthú acu mar chuid de, tá an t-amhránaí Andrew Murray as Inis Bó Finne; an ceoltóir Cathy O’Toole as Inis Toirc; Beth Moran, fíodóir ar Chliara; agus Proinsias Mac a’Bhaird, scríbhneoir ar Árainn Mhór.

Beidh toradh a gcuid oibre sin le feiceáil i dtaispeántas a bheas ina chuid d’Fhéile Chruite Acla mí Dheireadh Fómhair i mbliana.

Fág freagra ar 'Nasc á chruthú idir ealaíontóirí na n-oileán'

  • máire

    mór an trua nach mbeidh siad ag tabhairt cuairte ar Thoraigh mar a bhfuil scóth na gceoltóirí na namhránaithe agus scoil péintéireachta!