Nárbh aoibhinn a bheith ag ullmhú do chluiche ceannais na hÉireann amárach?

Bhí tábhacht ar leith ag baint i gcónaí leis an gcéad deireadh seachtaine de mhí Mheán Fómhair i saol ár gcolúnaí

Nárbh aoibhinn a bheith ag ullmhú do chluiche ceannais na hÉireann amárach?

Foirne Chill Chainnigh agus Tiobraid Árann roimh chluiche ceannais iomána na hÉireann 2019. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Tá mo shaol go léir caite agam ag imirt nó ag leanúint na hiomána nó ag bainistiú foirne iomána agus bhí an-tábhacht ag baint leis an gcéad Domhnach de Mheán Fómhair.

Bhuel, bhí an-tábhacht leis go dtí anuraidh nuair a athraíodh an dáta do chluiche ceannais iomána na hÉireann go dtí mí Lúnasa.

Is cuimhin liom mar ógánach ag freastal ar Choláiste na Mumhan i mBéal Átha an Ghaorthaidh gach Lúnasa fad is a bhí mé sa mheánscoil agus a bheith ag teacht abhaile agus mo chroí briste nuair a bhíodh an cúrsa thart.

Ach bhí ardú beag croí agam sula fada nuair a thosaigh na daltaí a bhí ábalta taisteal ag bailiú le chéile lasmuigh d’Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath ag meán lae ar Dhomhnach chluiche ceannais na hÉireann sa pheil agus ar Dhomhnach chluiche ceannais na hiomána. Bhí an t-ádh liom go raibh Corcaigh páirteach sa chluiche ceannais iomána cúpla uair sna blianta sin.

Cúpla bliain ina dhiaidh sin bhí d’onóir agam a bheith ar phainéal sinsir an chontae agus Corcaigh ag imirt i gcluichí ceannais 1976, 1977 agus 1978. Ag féachaint siar air, ní raibh mórán den razzmatazz a bhíonn ann anois ag baint leis an gcoicís roimh ré ná leis an ócáid féin. Bhíodh slua beag ag féachaint ar an traenáil agus bhíodh corrthuairisceoir agus ceamaradóir ann. Mar sin féin, bhain atmaisféar speisialta leis an traenáil roimh chluiche ceannais na hÉireann.

Bhí rudaí breise le labhairt fúthu…ticéidí don chluiche (fuaireamar dhá cheann saor in aisce) ticéidí don dinnéar mór i ndiaidh an chluiche, stocaí agus bríste gairid nua agus an chulaith éadaigh oifigiúil don deireadh seachtaine speisialta.

B’iontach an rud é a bheith ag déanamh isteach ar stáisiún traenach Cheannt sa chathair tráthnóna Dé Sathairn chun an t-aistear go dtí an ardchathair a dhéanamh.

Údar mór bróid a bhí ann a bheith mar bhall den ghrúpa speisialta seo agus an chéad Domhnach de Mheán Fhómhair ag teannadh leat. Ba speisialta an rud é freisin an turas ar ais Dé Luain má bhí an cluiche mór buaite agat. B’aoibhinn an turas ón stáisiún traenach ar an mbus oscailte suas go dtí an Mall Theas agus Corn Mhic Cárthaigh ag lonradh sa chlapsholas.

Bhí traidisiún eile ann a bhíodh mar chuid den deireadh seachtaine sin agus b’in é an turas Dé Máirt go dtí grúdlann Beamish ar an bPríomhshráid ó Dheas.

Is iomaí scéal inste agus amhrán ráite faoi na laethanta fíorspeisialta sin.

Déanach sna nóchaidí a bhí sé faoin am go raibh ról oifigiúil agam arís le hiománaithe an chontae agus iad ag ullmhú don Domhnach mór. Bhí cuid mhaith den deireadh seachtaine mar an gcéanna is tú mar chuid den lucht bainistíochta. Dar ndóigh cuireann toradh an chluiche cruth eile ar fad ar gach a dtarlaíonn i ndiaidh a cúig a chlog ar an Domhnach.

Idir 2003 agus 2006 nuair a bhí Corcaigh sa chluiche ceannais ceithre huaire i ndiaidh a chéile, bhí cúrsaí an deireadh seachtaine imithe i bhfeabhas.

Bhí níos mó ticéidí don chluiche agus don dinnéar mór ag na himreoirí, bhí níos mó éadaí foirmeálta agus neamhfhoirmeálta acu agus bhí an bia níos fearr agus níos sláintiúla. Bhí gach cuid den phrapáil níos eagraithe agus níos fearr chomh maith.

Tá an chéad deireadh seachtaine de Mheán Fómhair buailte linn anois agus gan aon chraobh na hÉireann amárach againn.

Seans nach mbeidh arís go deo.

Tá Beamish’s imithe freisin ach níl an misneach caillte againn cois Laoi.

Seans gur i mí na Nollag i mbliana a thiocfaidh Liam chugainn den chéad uair ó 2005.

Níor chaill fear an mhisnigh riamh é.

Fág freagra ar 'Nárbh aoibhinn a bheith ag ullmhú do chluiche ceannais na hÉireann amárach?'