Nára fada uaim an lá go mbeidh pas nua agam agus gnó agam dó

Tá liosta pleananna á dhéanamh agam do 2021, ach faraor tá rudaí ann nach féidir talamh slán amach is amach a dhéanamh díobh

Nára fada uaim an lá go mbeidh pas nua agam agus gnó agam dó

Is é an pas a insíonn an scéal. Gach uair a d’fhéach mé ar an gcéad leathanach le mo chuid sonraí a ionchur ar fhoirm ar líne Ryanair, thugadh mé faoi deara go mbeadh sé as dáta am éigin in 2021 – níor cheap mé go dtiocfadh an dáta go deo.

Ach seo chugainn 2021 agus i measc rudaí eile a tharlóidh, imeoidh an pas as dáta. Beidh an tír fós ag comóradh dátaí stairiúla a bhaineann le Cogadh na Saoirse an bhliain seo chugainn. Ach is mó aird a bheas agam féin ar dhátaí eile sa bhféilire.

Ar aon chuma, an mise an t-aon duine sa tír atá tinn tuirseach den síorchomóradh staire?

Is cuimhneach liom nuair a bhí Jimmy Deenihan ina Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta in 2013, gur chuir sé tús le sraith comórtha – Deich mBliana na gCuimhneachán mar a tugadh air.

Lainseáladh nuachtán digiteach – Century Ireland a mhairfeadh ar feadh na ndeich mbliana, ag an am. Cé nach bhfaca mé le scaitheamh é, nuair a rinne mé beagáinín fiosrúcháin, fuair mé amach go bhfuil sé fós beo agus go bhfuil tvuíteanna á gcur amach faoi ag @CenturyIRL.

Bhíomar chomh tógtha leis an smaoineamh a bhí taobh thiar den chomóradh, gur eagraigh RTÉ sórt ‘réamhchomóradh’ ar 1916 sa mbliain 2015, chun a chinntiú go ngabhfadh chuile shórt i gceart an bhliain dár gcionn.

Ach i ndiaidh 2020, tá mo dhóthain den tinneas, den bhás, den anró ar fad a bhain leis an bpaindéim feicthe agam agus braithim nach bhfuil dúil ar bith agam níos mó aon rud a chomóradh a bhfuil baint aige le cruatan an tsaoil san aois seo caite.

Sa mbliain nua, beidh m’aird dírithe ar rud amháin – an mbeidh fáil againn ar fad ar an vacsaín nua seo –  ceann ar bith díobh? Agus maidir le daoine atá in amhras faoi – cuiridís ceist orthu féin, an raibh siad riamh in amhras faoi pheinicillin, vacsaín an phóilió, faoi dhrugaí croí?

Agus maidir le daoine a déarfas nach nglacfaidh siad léi – ar thaistil siad riamh go Meiriceá Theas, go dtí an Afraic, go dtí tíortha áirithe in oirthear an domhain?

Ní ghabhfaidh tú i bhfad gan do chárta vacsaíne in aghaidh an fhiabhrais bhuí agus an chalair, nó do chuid piollaí in aghaidh na maláire i gcuid mhaith tíortha i bhfad i gcéin.

Tá comhlachtaí taistil nach ligfidh ar bord eitleáin tú, gan do chuid dintiúirí sláinte a bheith i gceart agat.

Tá rud amháin cinnte, chomh luath agus a ghlaofar ar m’aoisghrúpa féin, beidh mé ag barr na scuaine. Ní bhuailfeadh an té a d’éireodh moch le bheith i scuaine Arnotts don sladmhargadh geimhridh mé chun áit mhaith a aimsiú sa líne.

Nuair a bhreathnaím ar an bhféilire do 2021, feicim na dátaí a d’fhéadfadh a bheith feiliúnach do rásaí báid dragain. I mí na Bealtaine 2020, bhíomar le bheith in Barcelona na Spáinne, don chéad regatta thar lear i mbliana. Cén seans a bheas againn ar eitilt i mí na Bealtaine 2021, má bhíonn an regatta ar siúl arís an tráth sin?

Agus ár gcuid seaicéad nua ordaithe agus faighte againn, samhlaítear dom go mbeidh liosta mór fada de ‘phaidléirí’ ag súil go mór a bheith ag taisteal leis an bhfoireann chuig na rásaí sin.

Agus céard faoin bhainis i Meiriceá a cuireadh ar athló i mí Dheireadh Fómhair i mbliana? Faoin am go raibh sí le bheith ann, bhí an víreas ag réabadh trí na Stáit Aontaithe.

Agus mise ag cuimhneamh nuair a chuir mé na ticéid sin in áirithe, go mbeinn ag baint ‘time’ amach ag an mbainis agus, ag scríobh alt nó dhó do Tuairisc.ie faoin gcaoi a raibh an t-olltoghchán ag dul sna Stáit.

Chomh fada siar le mí Aibreán na bliana seo, bhí figiúirí na marbh ón Covid bailithe thar an líon Meiriceánach a maraíodh i Vítneam (os cionn 58,000). Níor shíl mé an uair sin go mbeadh an tUachtarán féin buailte ag an víreas agus go mbeadh cúig oiread an líon Meiriceánach a maraíodh i Vítneam, caillte dá bharr faoi Shamhain 2020.

Ach i dtús na bliana níor cheap éinne go méadódh an t-uafás chomh mór sin. D’éirigh liom turas a dhéanamh thar lear i mí Feabhra, díreach sular thosaigh geataí an aerfoirt ag dúnadh don ghnáth-thurasóir.

Tá an masc bán, a cheannaigh mo dheirfiúr i siopa crua-earraí, fós agam ón turas sin ar an Iodáil.

Thug muid linn na mascanna toisc go raibh tuairiscí cloiste againn faoin tinneas áirithe seo a bhí ag dul thart i dtuaisceart na hIodáile. Bhíomar i bhfad uaidh, sa Róimh, shíl muid. An fhad is nach raibh éinne ag iarraidh dul ag sciáil, bheimis ceart go leor.

Agus mé ar an Via Nazionale maidin amháin chaith mé súil ar pháipéar áitiúil agus chonaic mé go raibh cás den víreas deimhnithe i Via Cavour, nach raibh i bhfad uainn. B’in tús na paindéime san Eoraip agus deireadh le mo chuid taistil don chuid eile de 2020. Tá liosta pleananna á dhéanamh agam do 2021, ach faraor tá rudaí ann nach féidir talamh slán amach is amach a dhéanamh díobh.

Cén chaoi a mbeidh cúrsaí i Meiriceá i gceann cúpla mí – don bhainis atheagraithe? An féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an víreas faoi smacht agus córas vacsaínithe i bhfeidhm don phobal ansin?

An dtabharfaidh an vacsaín cosaint ó scaipeadh an ghalair? Sin rud amháin nach bhfuil cinntithe go fós ag an heolaithe.

Cén uair a mbeidh gnóthaí, tithe ósta, bialanna, músaeim agus ionaid eile turasóireachta oscailte go hiomlán san Eoraip agus sna Stáit Aontaithe? Ní haon mhaith cuairt a thabhairt ar thír thar lear agus ansin a fháil amach, go mbeidh tú ag brath ar cheapairí agus ar an bpíosa sin de toblerone a thug tú leat as aerfort Bhaile Átha Cliath.

Tá rud amháin cinnte, má tá Oifig na bPasanna oscailte, beidh m’iarratas ar phas nua ag dul isteach ar líne chomh luath in Éirinn agus a bheas mé in ann. Tá an oifig sin ar cheann de na hoifigí is éifeachtúla sa státchóras agus is féidir chuile shórt a chur i gcrích gan d’oifig ag bord na cisteanaí a fhágáil.

Seo mise isteach sa scuaine.

Fág freagra ar 'Nára fada uaim an lá go mbeidh pas nua agam agus gnó agam dó'