Naonúr eile básaithe, 443 cás nua den choróinvíreas fógartha

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna go bhfuil triúr eile básaithe de dheasca an Covid-19

Naonúr eile básaithe, 443 cás nua den choróinvíreas fógartha

Tá naonúr eile a raibh an Covid-19 orthu básaithe, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte.

443 cás nua den ghalar a fógraíodh tráthnóna.

261 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 60 díobhsan in aonad dianchúraim. Cuireadh 12 duine san ospidéal de dheasca an víris le lá anuas.

Dé Sathairn seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 660,800 duine agus an dara dáileog faighte ag 271,524 duine.

Bhain 32 den 443 cás den Covid-19 a fógraíodh inniu le Corcaigh.

20 cás a bhí i gcontae na Mí, 17 cás a bhí i nDún na nGall agus 12 cás a bhí i nGaillimh. Ocht gcás a bhí i Maigh Eo, sé chás a bhí bPort Láirge agus cúig chás a bhí i gCiarraí.

Meánráta 157 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas. Tá an tríú ráta is airde sa stát i nDún na nGall (246) agus tá an ráta i gcontae na Mí (194) níos airde ná an meánráta náisiúnta freisin.

Ráta 97 atá i Maigh Eo, 87 atá i nGaillimh agus 70 atá i bPort Láirge. Ráta 58 atá i gCorcaigh agus 31 atá i gCiarraí, an dara ráta is ísle sa tír.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann tráthnóna go bhfuil triúr eile básaithe de dheasca an Covid-19.

57 cás nua den ghalar a deimhníodh. 105 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá 16 acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 785,494 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 165,374.

6,848 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,121 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,727 duine ó dheas di.

356,640 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 238,907 cás ó dheas den teorainn agus 117,733 cás ó thuaidh di.

Idir an dá linn, tá na trí cheardchumann múinteoirí ar aon intinn faoi rún a thacaíonn le gníomhaíochtaí tionsclaíochta, fiú an stailc féin, mura dtabharfaidh an Rialtas ó dheas tosaíocht dá gcuid ball sa gclár vacsaínithe.

Dheimhnigh na ceardchumainn Cumann Múinteoirí Éireann (INTO), Cumann na Meánmhúinteoirí, Éire (ASTI) agus Aontas Múinteoirí Éireann (TUI) go mbeadh rún á chur faoi bhráid a gcomhdhálacha acu amárach.

Deir na ceardchumainn go dtabharfaidh an rún seo údarás dóibh gach aon rogha a scrúdú, aon bheart chomh fada le stailc, ach creidtear nach bhfuil aon bhaol ann nach n-athosclófar na scoileanna an tseachtain seo chugainn.

Chinn an Rialtas an tseachtain seo caite athrú a dhéanamh ar an gclár vacsaínithe in aghaidh an Covid-19 agus an sceideal a bhunú feasta ar aois an duine seachas ar shlí bheatha.

Dr Colm Henry. Pictiúr: Leon Farrell / Photocall Ireland

Dúirt Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an Dr Colm Henry, níos luaithe gur “míthreorach” iad na sonraí a léiríonn nár tholg ach duine amháin as gach 1000 cás sa Stát an Covid-19 amuigh faoin aer.

Dúirt an Dr Henry nár áiríodh sna figiúirí sin gníomhaíochtaí a bhaineann le himeachtaí amuigh faoin aer, cuir i gcás daoine ag cruinniú le chéile i seomraí feistis nó ag taisteal chuig imeachtaí agus abhaile uathu.

Dúirt sé go raibh imeachtaí lasmuigh níos sábháilte ach gurb í an chomhairle sláinte phoiblí gur féidir an galar a scaipeadh ag ócáidí a bhaineann leis na himeachtaí sin.

Agus é ag déanamh a chuid cainte ar News at One ar RTÉ, dúirt an Dr Henry gurb é “an ceacht” atá le foghlaim ó na figiúirí go bhfuil 19/20 uair níos lú baol ann go dtolgfaidh duine an galar ag imeachtaí faoin aer, ach cloí leis an scaradh sóisialta agus na bearta sláinte phoiblí eile.

Léirigh na figiúirí a fuair nuachtán an Irish Timesón Lárionad Faire um Chosaint Sláinte nár deimhníodh ach cás amháin a tolgadh amuigh faoin aer as gach 1000 cás den Covid-19.

As an 232,164 cás den Covid-19 a deimhníodh sa Stát seo go dtí an 24 Márta, níor tolgadh ach 262 acu amuigh faoin aer, nó 0.1 %. Deimhníodh 42 ráig a bhain le cruinnithe lasmuigh agus deimhníodh ráig amháin sa phobal ag ar tholg seachtar an galar.

 

 

Fág freagra ar 'Naonúr eile básaithe, 443 cás nua den choróinvíreas fógartha'