Naonúr eile básaithe, 379 cás nua den víreas fógartha

Tá an dara dáileog den vacsaín anois faighte ag breis is milliúin duine in Éirinn, thuaidh agus theas

Naonúr eile básaithe, 379 cás nua den víreas fógartha

Tá naonúr eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte. 379 cás nua den ghalar a deimhníodh.

117 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 34 díobhsan in aonad dianchúraim.

Tá an dara dáileog den vacsaín anois faighte ag breis is 1 milliúin duine in Éirinn, thuaidh agus theas. Tá an chéad dáileog faighte ag os cionn 2.3 milliúin duine ar fud na hÉireann go dtí seo.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí ó dheas, tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,347,561 duine agus an dara dáileog faighte ag 501,186 duine.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis Tony Holohan tráthnóna gur “seachtain dóchais í an tseachtain seo” agus go raibh “an uile dhuine againn” ag súil lena leithéid.

Dúirt sé gur thángamar chomh fada seo trína bheith “ag obair le chéile” agus ag cloí leis an gcomhairle sláinte phoiblí.

Dúirt sé go gcaithfí cloí leis an gcomhairle sin chun sinn féin agus daoine eile a chosaint ón Covid-19.

Dúirt sé gurb iad an dá “phríomhsprioc” a chaithfí a bhaint amach chun an phaindéim a chur dínn ná ráta an ghalair a choinneáil íseal agus an tsnáthaid a chur ar fáil “d’oiread daoine agus ab fhéidir”.

Dá ndéanfaí é sin d’fhéadfaí a thuilleadh srianta a scaoileadh, ar sé.

Bhain 27 de na cásanna nua a fógraíodh inniu le Dún na nGall, 22 cás a bhí i gCorcaigh, 17 cás a bhí i nGaillimh agus 15 cás a bhí i gcontae na Mí.

Bhí níos lú ná cúig chás i gCiarraí agus b’amhlaidh an scéal i Maigh Eo agus i bPort Láirge.

Meánráta 128 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas.

Tá an ráta i nDún na nGall tite go dtí 253, ach is ann atá an ráta is airde sa stát go fóill. Ráta 137 a bhí i gcontae na Mí, ráta atá níos airde ná an meánráta náisiúnta freisin.

Ráta 88 a bhí i gCorcaigh, 74 a bhí i nGaillimh agus 73 a bhí i bPort Láirge. Ráta 34 a bhí i Maigh Eo agus 14 a bhí i gCiarraí, an dara ráta is ísle sa tír.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu go raibh duine amháin eile básaithe ansin de dheasca an víris. 89 cás nua a deimhníodh.

56 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá seisear acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 982,038 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 503,087.

7,077 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,148 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,929 duine ó dheas di.

374,678 cás a deimhníodh go nuige seo in Éirinn, 253,567 cás ó dheas den teorainn agus 121,111 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar 'Naonúr eile básaithe, 379 cás nua den víreas fógartha'