Naonúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, naoi gcás nua deimhnithe

2,228 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,691 duine ó dheas den teorainn agus 537 ó thuaidh di

Naonúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, naoi gcás nua deimhnithe

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil naonúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus go bhfuil naoi gcás nua den ghalar deimhnithe.

Seo an cúigiú lá as a chéile ar fógraíodh níos lú ná 30 cás agus an dara lá as a chéile ar fógraíodh níos lú ná deich gcás.

Naoi gcás a fógraíodh inné chomh maith agus b’in an líon is lú cásanna a fógraíodh ón 11 Márta.

2,228 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,691 duine ó dheas den teorainn agus 537 ó thuaidh di.

Duine amháin ó dheas ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal. 

30,020 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,215 cás ó dheas den teorainn agus 4,805 cás ó thuaidh.

Don tríú lá as a chéile, ní raibh aon bhás nua de dheasca an ghalair le fógairt ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt. 

Bás ar bith de dheasca Covid-19 fógartha ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt don tríú lá as a chéile

Trí chás nua den ghalar a deimhníodh ó thuaidh.

367,780 tástáil don ghalar atá déanta ó dheas ó thús na paindéime. Rinneadh 19,364 tástáil le seachtain anuas agus fuarthas go raibh an galar ar 185 duine, nó 1% de na daoine a tástáladh

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte, a bhain leis an 25,206 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Domhnaigh, an 7 Meitheamh:

  • Fir a bhí i gceist le 43% de na cásanna agus mná iad 57%
  • An aois airmheáin a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 3,331 duine, 13%
  • As na daoine sin, cuireadh 413 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim.
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 8,087 cás, 32%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 12,159 cás, nó 48%, bhí Corcaigh sa dara háit, le 1,529 cás, nó 6%, agus Cill Dara a bhí sa tríú háit le 1,424 cás, nó 6%
  • Bhain 10,246 cás le 892 braisle cásanna
  • 483 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (1.9%), 308 a bhí i gcontae Chiarraí (1.2%), 471 cás bhí i nDún na nGall (1.9%), 154 cás a bhí i bPort Láirge (0.6%), 804 cás a bhí i gcontae na Mí (3.2%) agus 570 cás a a bhí i Maigh Eo
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 38% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 59% agus taisteal thar lear ba chúis le 2%

Fág freagra ar 'Naonúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, naoi gcás nua deimhnithe'