Naomh Muire ag súil le bua eile a fháil i gCorn Mhic Shigiúir agus gan coinne ag mórán leis

Is iad Coláiste na hOllscoile, Corcaigh rogha láidir na coitiantachta don chluiche ceannais i gCorn Mhic Shigiúir anocht ach ní chuirfidh an chaint sin aon mhairg ar Choláiste Ollscoile Naomh Muire

Naomh Muire ag súil le bua eile a fháil i gCorn Mhic Shigiúir agus gan coinne ag mórán leis

Jarlath Óg Burns. INPHO/Laszlo Geczo

Coláiste na hOllscoile, Corcaigh v Coláiste Ollscoile Naomh Muire – Páirc Uí Mhórdha, 7.30pm (Beo ar Chainéal Youtube TG4)

Is í foireann Choláiste na hOllscoile, Corcaigh rogha láidir na coitiantachta chun Corn Mhic Shigiúir a thabhairt leo anocht. Tabharfaidh ollscoil Chorcaí aghaidh ar Choláiste Ollscoile Naomh Muire sa chluiche ceannais anocht i bPort Laoise agus an-imirt déanta na coláisteánaigh cois Laoi go dtí seo sa chomórtas tríú leibhéal.

Bhuaigh Corcaigh go héasca ar Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain sa chéad bhabhta agus ar Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach sa bhabhta ceathrú ceannais agus ba iad OÉ Gaillimh an t-aon fhoireann a chuir foireann Chorcaí faoi bhrú nuair a thug siad aghaidh ar a chéile sa chluiche leathcheannais Dé Domhnaigh seo caite.

Ní raibh OÉ Gaillimh ach aon phointe amháin chun deiridh ag leath ama, 2-3 in aghaidh 0-8, ach d’éirigh le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, dhá chúl eile a aimsiú sa dara leath chun foireann na Gaillimhe a chur de dhroim seoil, 4-9 in aghaidh 1-15.

Sé chúl déag atá scóráilte ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, sna trí chluiche atá imeartha acu go dtí seo agus tá tosaithe den scoth acu. Tá Seán O’Shea ar dhuine de na himreoirí is fearr sa tír faoi láthair agus tá Paudie Clifford, Eimhin Courtney, Killian Spillane, Breandán Ó Beaglaoich na Gaeltachta agus fear an Daingin, Conor Geaney an-ábalta chomh maith.

Tá seanchleachtadh ag Coláiste Ollscoile Naomh Muire ar gan ach seans caol a bheith á thabhairt ag daoine dóibh. Is é an coláiste oiliúna múinteoirí seo an institiúid is lú sa chomórtas agus gan ach 150 fear óg ag freastal uirthi. Mar sin féin, tá a rian fágtha acu ar chomórtas Chorn Mhic Shigiúir. Go deimhin, bhuaigh siad an comórtas dhá bhliain ó shin nuair a tháinig siad aniar aduaidh ar fhoireann iomráiteach as Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sa chluiche ceannais.

Trí chluiche crua atá curtha díobh acu freisin ag foireann Bhéal Feirste le háit a bhaint amach i gcluiche na hoíche anocht. Comórtas ciceanna saora a scar iad féin agus OÉ Gaillimh óna chéile sa chéad bhabhta agus ní raibh ach dhá phointe le spáráil acu ar Ollscoil Mhá Nuad sa chéad chluiche eile. Thug siad taispeántas lán díograise eile uathu sa chluiche leathcheannais nuair a bhuail siad an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, 0-10 in aghaidh 0-7.

Ba é Jarlath Óg Burns laoch na foirne go dtí seo sa chomórtas agus an-cheannaireacht léirithe aige lár páirce. Bhuaigh a athair Corn Mhic Shigiúir leis an gcoláiste céanna 30 bliain ó shin agus beidh súil ag Jarlath Óg an gaisce céanna a dhéanamh anocht.

Rogha Tuairisc.ie: Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

Fág freagra ar 'Naomh Muire ag súil le bua eile a fháil i gCorn Mhic Shigiúir agus gan coinne ag mórán leis'