Naomh Conaill agus Cill Charthaigh an cluiche mór i nDún na nGall an deireadh seachtaine seo

Beidh foirne Gaeltachta san iomaíocht i mbabhtaí ceathrú ceannais agus leathcheannais na gcraobhacha peile i nDún na nGall, Maigh Eo agus contae na Mí an deireadh seachtaine seo

Naomh Conaill agus Cill Charthaigh an cluiche mór i nDún na nGall an deireadh seachtaine seo

Dún na nGall

Dé Sathairn, an 23 Deireadh Fómhair

Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall
Naomh Adhamhnáin v Naomh Micheál – Páirc Mhic Cumhaill, 5pm

Craobh Idirmheánach Peile Dhún na nGall
Naomh Columba v An Clochán Liath – Páirc Mhic Cumhaill, 2.30pm
Dé Domhnaigh, an 24 Deireadh Fómhair

Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall
Cill Charthaigh v Naomh Conaill – Páirc Uí Dhomhnaill, 1.45pm

Craobh Idirmheánach Peile Dhún na nGall
Cloich Cheann Fhaola v Bun Cranncha – Páirc Uí Dhomhnaill, 3.00pm

Is ón tine chun na gríosaí atá peileadóirí Naomh Conaill ag léim agus coimhlint ollmhór eile rompu i gCraobh Shinsir Peile Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo. Thug fir na nGleanntach taispeántas cumasach uathu Dé Domhnaigh seo caite nuair a chloígh siad Gaoth Dobhair sna babhtaí ceathrú ceannais ach caithfidh siad anois ceann eile de na foirne is fearr sa chontae a shárú agus Cill Charthaigh rompu Dé Domhnaigh.

Tá cleachtadh maith ag na foirne seo ar a chéile i gcluichí móra. Seo í an séú huair le seacht gcraobh anuas go mbeidh Naomh Conaill agus Cill Charthaigh ag imirt in aghaidh a chéile i mbabhtaí díbeartha na craoibhe.

Le ciceanna éirice a bhuaigh Naomh Conaill an ceann is deireanaí, cluiche ceannais 2020 níos luaithe i mbliana ach tá an cluiche sin le hathimirt tar éis do Chill Charthaigh agóid a dhéanamh. Bhuaigh Cill Charthaigh trí cinn de na ceithre chluiche eile a imríodh idir na foirne ó 2015 ach is deacair cluiche an Domhnaigh a thuar.

Déarfá go mbeidh Naomh Conaill ullmhaithe níos fearr don ghéarchoimhlint. Tá cosaint thar a bheith láidir acu agus bhí roinnt cluichí crua acu go dtí seo i mbliana. Ar an taobh eile, thug Cill Charthaigh greadadh do nach mór gach dream a chas orthu go dtí seo sa chraobh. Bhí farasbarr ocht bpointe dhéag acu in aghaidh Sheáin Mhic Cumhaill sna babhtaí ceathrú ceannais.

Pé foireann acu a thugann leo cluiche leathcheannais an Domhnaigh beidh siad ina rogha láidir na coitiantachta don chraobh. Naomh Adhamhnáin agus Naomh Micheál a bheidh sa chluiche leathcheannais eile inniu. Bhí bua cumasach ag Naomh Micheál ar Aodh Ruadh Bhéal Átha Seanaidh an deireadh seachtaine seo caite agus tá foireann Dhún Fionnachaidh ag iarraidh an cluiche ceannais a bhaint amach den chéad uair le deich mbliana. Bhuaigh Naomh Adhamhnáin ar Naomh Náille sa chluiche ceathrú ceannais eile agus fir Leitir Ceanainn ag iarraidh an cluiche ceannais a shroichint den chéad uair ó 2015.

Beidh na babhtaí leathcheannais sa Chraobh Idirmheánach Peile ann an deireadh seachtaine seo freisin. Beidh Naomh Columba ag súil le taispeántas maith eile ó Aaron Doherty agus iad ag imirt in aghaidh an Chlocháin Léith inniu. Beidh Cloich Cheann Fhaola, a chaill an cluiche ceannais sa chomórtas seo le dhá bhliain anuas, ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar Bhun Cranncha amárach.

Maigh Eo

Dé Sathairn, an 23 Deireadh Fómhair

Craobh Shinsir Peile Mhaigh Eo
Cill tSéadhna v Na Dáibhéidigh – Bréachmhaigh, 2pm
Dé Domhnaigh, an 24 Deireadh Fómhair

Craobh Shinsir Peile Mhaigh Eo
Béal an Mhuirthead v Bréachmhaigh – Béal an Átha, 1.30pm

Is iontach a chruthaigh Béal an Mhuirthead agus babhtaí ceathrú ceannais na Craoibhe Sinsir a bhaint amach i Maigh Eo ach tá dúshlán mór rompu amárach agus iad ag tabhairt aghaidh ar Bhréachmhaigh. Chríochnaigh fir na Gaeltachta ar bharr a ngrúpa a bhuíochas dá mbua in aghaidh Achadh Mór an deireadh seachtaine seo caite agus iad buíoch do thaispeántas Ryan O’Donoghue a scóráil sé phointe sa chluiche céanna. Seans go bhfuiltear ag brath rómhór ar fhear Mhaigh Eo, áfach, agus fiú má bhíonn lá maith eile aige, seans go mbeidh Bréachmhaigh róláidir dóibh go fóill.

Tabharfaidh Cill tSéadhna agus Na Dáibhéidigh aghaidh ar a chéile sna babhtaí dícháilithe tráthnóna. Cé gur chaill siad an deireadh seachtaine seo caite, thug fir Iorrais taispeántas maith uathu in aghaidh na hÉille agus beifear ag súil go seasfaidh sé sin dóibh agus iad ag iarraidh a n-áit sa Chraobh Shinsir a choinneáil ar feadh bliana eile.

An Mhí

[/infobox]Dé Domhnaigh, an 24 Deireadh Fómhair

Craobh Shinsir Peile na Mí
Bhulf Tón v Ráth Tó – Páirc Tailteann, 3.30pm

D’fhéadfadh Bhulf Tón cluiche ceannais na Craoibhe Sinsir a bhaint amach den chéad uair le naoi mbliana má éiríonn leo ina gcluiche leathcheannais an deireadh seachtaine seo. Caithfidh fir Bhaile Ghib an ceann is fearr a fháil ar churaidh 2020 má táthar chun an beart a dhéanamh.

Bhuaigh Bhulf Tón ar Na Fianna sna babhtaí ceathrú ceannais ach beidh taispeántas níos fearr ag teastáil más leo Ráth Tó a chloí i bPáirc Tailteann tráthnóna.

Gaillimh

[infobox]Dé Sathairn, an 23 Deireadh Fómhair

Craobh Idirmheánach Iomána na Gaillimhe
Maigh Cuilinn v An Carn Mór – Staid an Phiarsaigh, 3.30pm
Dé Domhnaigh, an 24 Deireadh Fómhair

Craobh Idirmheánach Iomána na Gaillimhe
An Spidéal v Cill Tormóir

Na craobhacha iomána a bheidh faoi chaibidil i nGaillimh an deireadh seachtaine seo agus foirne Gaeltachta ag dul chun páirce sa Chraobh Idirmheánach. Beidh Maigh Cuilinn, a chaill cluiche ceannais 2020, ag imirt sna babhtaí ceathrú ceannais in aghaidh an Chairn Mhóir tráthnóna agus súil acu an chéad bhabhta eile a bhaint amach.

Ag iarraidh ísliú céime a sheachaint a bheidh iománaithe An Spidéil agus iad ag imirt i mbabhta leathcheannais dícháilithe in aghaidh Chill Tormóir amárach.

Fág freagra ar 'Naomh Conaill agus Cill Charthaigh an cluiche mór i nDún na nGall an deireadh seachtaine seo'