Dún na nGall
Is iad Naomh Conaill curaidh shinsir peile Dhún na nGall den seachtú huair tar éis dóibh bua cuimsitheach a bheith acu ar Ghaoth Dobhair i gcluiche ceannais an chontae ar an Domhnach.
Ocht bpointe a bhí idir na foirne ar deireadh i bPáirc Mhic Cumhaill, 1-16 in aghaidh 1-8, agus cuid mhaith den obair déanta ag Naomh Conaill sa chéad leath agus iad seacht gcinn de phointí chun tosaigh ag an mbriseadh.
In 2005 an chéad uair riamh ar bhuaigh cumann na nGleanntach craobh an chontae ach tá siad imithe ó neart go neart ó shin. Tá an cluiche ceannais bainte amach acu seacht mbliana as a chéile agus ceithre cinn de chraobhacha tugtha leo acu ó shin.
Ba iad Naomh Conaill rogha láidir na coitiantachta don chluiche ceannais seo agus ghlac siad ceannas ar an gcoimhlint luath go maith. Chabhraigh pointí ó John O’Malley agus cinn den scoth ó Odhrán Doherty agus Ciarán Thompson leo bearna mhór a chur idir na foirne sa chéad leath sin, iad ocht bpointe chun cinn ar Ghaoth Dobhair tráth, ach rinne imreoirí uile na gConallach a gcuid chun iad a fhágáil chun tosaigh.
Micheál Ó Rabhartaigh agus Daire Ó Baoill a d’aimsigh na pointí do Ghaoth Dobhair sa chéad leath agus cé gur aimsigh siad cúpla pointe ag tús an dara leath chun an bhearna a laghdú, bhí freagra ag Naomh Conaill dóibh agus d’fhág cúl ó Charles McGuinness go raibh Naomh Conaill 1-13 in aghaidh 0-5 chun cinn agus ceathrú uaire fanta.
Fuair Fearghal Ó Dúshláine cúl do Ghaoth Dobhair agus an t-am beagnach caite chun an bhearna a laghdú ach bhí rás fhir Mhachaire Gathlán rite le fada roimhe sin agus Naomh Conaill fágtha ag ceiliúradh arís.
Lá díomách a bhí ann do Ghaoth Dobhair agus foireann chúltaca an chumainn sáraithe i gcluiche ceannais chomh maith agus an ceann is fearr faighte ag Aodh Ruadh orthu.
Ciarraí
Tháinig deireadh tubaisteach le feachtas Dhaingean Uí Chúis i gCraobh Shinsir Peile Chiarraí agus iad cloíte go maith ag Ciarraí Láir Dé Sathairn. Farasbarr deich bpointe a bhí ag an bhfoireann dúiche sa deireadh, 3-10 in aghaidh 0-9, agus an Daingean tite as a chéile sa dara leath.
Cuireadh fear an AFL, Mark O’Connor den pháirc in am cúitimh ach tháinig cor níos cinniúnaí níos túisce ná sin sa chluiche nuair a fuair Mikey Geaney an dara cárta buí leath bealaigh tríd an dara leath. Ní raibh an Daingean ach pointe chun deiridh nuair a cuireadh Geaney den pháirc ach níor scóráil siad arís as sin go deireadh agus 2-2 aimsithe ag Ciarraí Láir san achar céanna.
Muintir Geaney a bhí i lár an aonaigh don Daingean sa chéad leath, trí phointe ag Conor, péire ag Paul agus ceann an duine ag Dylan agus Niall, ach d’fhág cúl ó Cillian Burke díreach roimh leath ama go ndeachaigh Ciarraí Láir i dtreo na seomraí feistis agus iad 1-6 in aghaidh 0-7 chun tosaigh.
Thug an cárta dearg a taispeánadh do Mikey Geaney spreagadh mór do Chiarraí Láir agus d’aimsigh Daire Cleary cúl chun iad a chur sé phointe chun tosaigh sular aimsigh Jack Brosnan ceann eile agus an cluiche nach mór thart.
Tabharfaidh Ciarraí Láir aghaidh anois ar Chiarraí Thoir sa chluiche ceannais den tríú huair le ceithre bliana tar éis do Chiarraí Thoir an Ráth Mhór a bhualadh sa chluiche leathcheannais eile.
Gaillimh
Tá peileadóirí Mhaigh Cuilinn ar ais i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir na Gaillimhe tar éis dóibh An Creagán-Maigh Locha a bhualadh Dé Sathairn. Bhuail Maigh Cuilinn greadadh ar an dream céanna sna babhtaí leathcheannais in 2022 ach coimhlint i bhfad níos géire a bhí eatarthu i mbliana agus gan ach dhá phointe le spáráil ag Maigh Cuilinn an uair seo, 0-11 in aghaidh 0-9.
Bhí captaen na foirne Dessie Conneely ina laoch ag Maigh Cuilinn sa chéad leath mar is óna bhróg a tháinig cúig cinn de na sé phointe a d’aimsigh siad sa chéad 30 nóiméad sin. Bhí Eoin Finnerty ag déanamh gaisce don Chreagán-Maigh Locha freisin agus bhí na foirne cothrom ag an mbriseadh, 0-6 an taobh.
Bhí an choimhlint níos déine fós sa dara leath agus é deacair ag an dá taobh deiseanna a chruthú ach thug Maigh Cuilinn rúid chun tosaigh i dtreo an deiridh agus pointí ó Sheán Kelly agus Johnny Moloney a chinntigh go mbainfeadh siad áit amach sa chluiche ceannais den tríú huair ó 2020. Imreoidh siad in aghaidh Chora Finne tar éis d’fhir oirthear an chontae an ceann is fearr a fháil ar Bhaile an Mhuilinn sa chluiche leathcheannais eile.
Sna babhtaí díbeartha sa chraobh shinsir, bhí bua den scoth ag Naomh Anna, Leitir Móir ar Naomh Micheál, 1-15 in aghaidh 0-12, céim amháin i dtreo an tslánaithe ach tá An Spidéal anois i dtrioblóid mhór agus bua cuimsitheach faighte ag Cill Aithnín orthu, 0-7 in aghaidh 1-15.
Sa chraobh idirmheánach, chlis ar Oileáin Árann arís sna babhtaí leathcheannais agus bua dhá phointe faighte ag Cill Chonla orthu, 0-11 in aghaidh 0-13. Is sa chraobh shóisir a bheidh peileadóirí na Ceathrún Rua ag imirt in 2024 tar éis dóibh a bheith dícháilithe don dara bliain as a chéile. Bhí orthu Cill Chóirín-Cluain Bheirn a shárú Dé Sathairn le seans a bheith acu fanacht ag an ngrád idirmheánach ach chaill siad leis an scór 0-7 in aghaidh 1-12.
Port Láirge
Sáraíodh peileadóirí na Rinne i mbabhtaí leathcheannais Chraobh Shinsir Peile Phort Láirge tar éis do Ráth Ó gCormaic an ceann is fearr a fháil orthu Dé Domhnaigh, 1-14 in aghaidh 2-9.
Chuir an Rinn tús maith leis an gcluiche agus cic éirice aimsithe ag Ray Ó Ceallaigh is gan ach cúpla nóiméad imeartha ach bhí Ráth Ó gCormaic ar ais ar comhscór sula i bhfad agus d’imigh siad chun cinn nuair a scóráil Stephen Curry cúl théis seacht nóiméad.
Bhí Ráth Ó gCormaic cúig phointe chun tosaigh ag tráth amháin ach ní raibh ach pointe amháin idir na foirne ag leath ama, an Rinn chun deiridh 1-6 in aghaidh 1-7. Scóráil Ray Ó Ceallaigh cic éirice eile ag tús an dara leath chun na foirne a fhágáil ar comhscór, 1-9 in aghaidh 2-6 ach d’aimsigh Ráth Ó gCormaic ceithre phointe as a chéile chun ceannas a thógáil ar chúrsaí. Laghdaigh an Rinn an bhearna arís roimh an deireadh ach theip orthu teacht ar ais ar comhscór.
Fág freagra ar 'Naomh Conaill ag ceiliúradh arís, rás an Daingin rite i gCiarraí agus ísliú céime don Cheathrú Rua'