Naomh Anna réidh chun catha agus iad ag iarraidh Craobh Chonnacht a choinneáil i gConamara

Foirne ó Chonamara a bhuaigh Craobh Idirmheánach Chonnacht roimh theacht an Covid agus tá Naomh Anna anois ag seasamh an fhóid do Ghaillimh sa chomórtas

Naomh Anna réidh chun catha agus iad ag iarraidh Craobh Chonnacht a choinneáil i gConamara

Paraic S Ó Ceallaigh. Naomh Anna, Leitir Móir. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Craobh Idirmheánach Peile Chonnacht

Naomh Pádraig, Droim Dhá Thiar v Naomh Anna, Leitir Móir – Béal an Átha Móir, 1.30pm

An uair dheiridh a bhuaigh Naomh Anna, Leitir Móir Craobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe in 2009, d’éirigh le fir Cheantar na nOileán Craobh Chonnacht a bhuachan agus beidh siad ag iarraidh an gaisce céanna a dhéanamh i mbliana.

Coicís tar éis dóibh craobh an chontae a bhuachan go drámatúil in aghaidh an Dúin Mhóir, beidh Naomh Anna ag dul chun páirce i Liatroim tráthnóna agus iad ag imirt in aghaidh Naomh Pádraig, Droim Dhá Thiar i gcluiche ceathrú ceannais Chonnacht.

Ba é Warren Seoige an laoch a bhí ag Naomh Anna i gcluiche ceannais an chontae agus pointe an bhua aimsithe aige in am cúitimh ach tá meascán maith ar an bhfoireann seo idir ógánaigh agus seanfhondúirí.

Tá breis is mí ann ón uair dheiridh a ndeachaigh Droim Dhá Thiar chun páirce. Bhuaigh siad Craobh Liatroma in aghaidh Bhaile na gCléireach ar an 24 Deireadh Fómhair, sin fanacht fada go leor orthu don chluiche seo.

D’aimsigh Martin Feeney 1-5 do Naomh Pádraig sa chluiche ceannais sin agus ón imirt a fuair sé 1-2 de sin. Ba é an cosantóir Jamie Conlon a roghnaíodh mar laoch na himeartha agus dhá phointe scóráilte aige.

Ach an oiread le Naomh Anna, chaith Naomh Pádraig cúpla bliain sa chraobh idirmheánach nuair a díbríodh ón ngrád sinsir in 2019 iad ach bhí siad cúig bliana ag imirt sa phríomhghrád roimhe sin agus tá súil acu go seasfaidh an taithí sin leo.

Léirigh an cluiche i gCraobh Shinsir Chonnacht an deireadh seachtaine seo caite nach féidir le fir na Gaillimhe beag is fiú a dhéanamh d’fhoirne Liatroma. Ní raibh ach cúpla pointe le spáráil ag an gCreagán/Maigh Locha ar Bhéal an Átha Móir ina gcluiche ceathrú ceannais Dé Domhnaigh agus seaimpíní na Gaillimhe sé phointe chun deiridh ag tráth amháin.

Ba cheart go mbeadh Naomh Anna réidh chun catha, áfach, agus má éiríonn leo a gcumas a léiriú, ba cheart go mbeidís sách maith leis na babhtaí leathcheannais a bhaint amach.

An dá bhliain sular tháinig an Covid-19, foirne as Conamara a bhuaigh Craobh Idirmheánach Chonnacht – An Spidéal in 2018 agus Uachtar Ard in 2019. Déanfaidh Naomh Anna a míle dícheall an corn a choinneáil thiar bliain eile.

Fág freagra ar 'Naomh Anna réidh chun catha agus iad ag iarraidh Craobh Chonnacht a choinneáil i gConamara'