Naomh Adhamhnáin agus Naomh Conaill le dul in adharca a chéile arís i nDún na nGall

Inniu, casfaidh fir na nGleannta agus curaidh na bliana seo caite ar a chéile i gcluiche ceannais Dhún na nGall don cheathrú huair ó 2005

Imreoir Naomh Adhamhnáin, Rory Kavanagh. INPHO/Presseye/Lorcan Doherty
Imreoir Naomh Adhamhnáin, Rory Kavanagh. INPHO/Presseye/Lorcan Doherty

Imreofar cluiche ceannais chraobh sinsear Dhún na nGall inniu, mar a mbeidh Naomh Conaill ag tabhairt aghaidh ar churaidh na bliana seo caite, Naomh Adhamhnáin.

Is foirne a bhfuil an-aithne acu ar a chéile iad seo agus seo é an ceathrú huair a imreoidh siad a chéile sa chluiche ceannais ó 2005. Chas siad lena chéile sa ghrúpa níos luaithe i mbliana chomh maith. Ba iad Naomh Conaill a bhuaigh an cluiche sin agus bua éasca go maith acu. Tá dul chun cinn déanta ag an dá fhoireann ó shin, áfach.

Bunaithe ar h-imreoirí atá acu agus na buanna a bhí acu go dtí seo, níl mórán amhrais ann ach gurb iad seo an dá fhoireann is fearr sa chontae i mbliana. Ní féidir a rá gur ar an ‘taobh éasca’ den tarraingt a bhí ceachtar foireann agus mórfhoirne eile na craoibhe sáraithe acu sna babhtaí roimhe seo.

Bhí aistear Naomh Adhamhnáin go háirithe thar a bheith crua. Thug siad aghaidh ar Ghleann tSúilí, an dream céanna a bhuail siad sa chluiche ceannais anuraidh sa bhabhta ceathrú ceannais, ach bhí bua cuimsitheach ag fir Leitir Ceanainn i gcluiche na bliana seo, 3-7 le 0-8.

Cuireadh dúshlán mór eile rompu sa chluiche leathcheannais agus Naomh Micheál ag fanacht leo. Ach arís bhí foireann Maxi Curran róláidir don bhfreasúra, Naomh Adhamhnáin ag buachan 2-15 in aghaidh 0-11.

Bhí Naomh Conaill ag streachailt ar feadh tamaill ina gcluiche ceathrú ceannais in aghaidh an Tearmann, ach tháinig siad slán sa deireadh, 0-11 i gcoinne 1-5. Ba an bua a bhí acu in aghaidh Chill Chartha sa chluiche leathcheannais a tharraing aird an phobail, áfach. Bhí súil ag daoine go mbeadh Cill Chartha in ann an chraobh uile a bhuachan i mbliana agus an méid tallainn atá acu, ach rinne fir na nGleanta scrios orthu i gcluiche a chríochnaigh 4-10 in aghaidh 0-10.

Agus iad anois ag tabhairt aghaidh ar a chéile sa chluiche ceannais, tá deacair na foirne a scaradh. Ar cheann de na cúiseanna is mó a bhfuil an oiread sin measa ag daoine ar na foirne seo tá an taithí atá acu. Seo é an cúigiú cluiche ceannais ag Naomh Conaill ó 2005, iad ag buachan i 2005 agus 2010, agus an 11ú ceann ag Naomh Adhamhnáin ó 2000 (thug siad leo craobhacha 2001, ’07, ’08, ’09, ’12 agus ’14).

Bíonn láidreacht Naomh Adhamhnáin bunaithe go minic ar an gceannas a bhíonn acu ar lár na páirce agus iarimreoirí Dhún na nGall, Rory Kavanagh agus Kevin Rafferty, ag stiúradh na himeartha ann. Sna tosaithe, is ar Conall Dunne agus Lee McGonagle is mó a chaithfidh cosantóirí Naomh Conaill súil a choinneáil orthu.

Sa chluiche leathcheannais, ba iad cúil Naomh Conaill a chuir lagmhisneach ar imreoirí Chill Chartha agus a chuir deireadh leo, agus tá tosaithe thar a bheith dainséarach ag fir na nGleannta. Idir Leo McLoone, captaen na foirne, Leon Thompson agus Dermot ‘Brick’ Molloy, tá meascán de luas, cruinneas agus neart ag Naomh Conaill. Beidh sé deacair iad a stopadh.

Ba cheart gur coimhlint den scoth a bheidh ann.

– Déanfar craoladh iarbheo ar chluiche ceannais Dhún na nGall ar TG4 i ndiaidh craoladh cluiche ceannais Mhuineacháin idir An Bhoth agus Cláirseacha Mhuineacháin ag 3i.n.

Fág freagra ar 'Naomh Adhamhnáin agus Naomh Conaill le dul in adharca a chéile arís i nDún na nGall'