Naomh Abán ag fáil réidh do chluiche ceannais na hÉireann a bhuíochas do thaispeántas breá

Fuair Naomh Abán an ceann is fearr ar Bhaile na Lorgan i mBaile Bhuirne, bhuaigh Daingean Uí Chúis Craobh Chiarraí Thiar don chúigiú bliain as a chéile ach chaill an Clochán Liath i gCraobh Uladh

Naomh Abán ag fáil réidh do chluiche ceannais na hÉireann a bhuíochas do thaispeántas breá

Grace Murphy agus Amy McDonagh, Naomh Abánh le Noel McDonagh agus Kay McDonagh. Pictiúr: Cian O’Regan/Sportsfile

Corcaigh

Imreoidh Naomh Abán i gcluiche ceannais Chraobh Shóisir Ban na hÉireann an mhí seo chugainn tar éis d’fhoireann Bhaile Bhuirne an ceann is fearr a fháil ar Bhaile na Lorgan sna babhtaí leathcheannais ag an deireadh seachtaine.

Bhí Naomh Abán i gceannas ó thús go deireadh agus taispeántas cumasach tugtha acu chun seaimpíní Uladh a chloí le cúig phointe, 0-12 in aghaidh 0-7. D’aimsigh Allanagh Ní hUidhir agus Grace Ní Mhurchú trí phointe an duine ach bhí lámh ag gach duine d’imreoirí Naomh Abán sa bhua seo agus iad anois le haghaidh a thabhairt ar Bhóthar na Trá-Cnoc na Cathrach as Gaillimh i gcluiche ceannais na hÉireann ar an 11 Nollaig.

Is i mBaile Bhuirne a imríodh an cluiche leathcheannais agus chuir Allanagh Ní hUidhir Naomh Abán chun tosaigh théis ocht nóiméad ach bhí iomaíocht ghéar ann agus ní fhacthas ach trí scór sa chéad 20 nóiméad, an fhoireann bhaile chun tosaigh 0-2 in aghaidh 0-1.

Is ag imirt in aghaidh na gaoithe a bhí Naomh Abán sa chéad leath sin ach níor choinnigh sí siar iad agus d’fhág pointí ó Ní hUidhir, Annie Ní Mheachair agus Lydia Ní Dhonncha go raibh na Corcaígh 0-5 in aghaidh 0-2 chun tosaigh ag leath ama.

Scóráil Baile na Lorgan 2-17 sa chluiche ceathrú ceannais roimhe seo ach is beag seans a bhí a fuair an t-imreoir contae Jodie McQuillan ó Mhuirinn Ní Dhuinnín agus cosantóirí eile Naomh Abán agus bhí bearna cúig phointe idir na foirne luath sa dara leath, 0-7 in aghaidh 0-2.

Méadaíodh an bhearna sin go seacht bpointe ag tráth amháin agus rith an ráis le Naomh Abán ach tháinig mná Mhuineacháin ar ais go láidir sa cheathrú uaire dheireanach agus fuair ceithre scór as a chéile.

Níor fhág sin ach cúl idir na foirne agus thart ar chúig nóiméad fágtha ach is iad imreoirí Naomh Abán is láidre a chríochnaigh, pointí aimsithe ag Allanagh Ní hUidhir agus Grace Ní Mhurchú lena chinntiú go mbeidís i gcluiche ceannais na hÉireann faoi cheann coicíse.

Dún na nGall

Tháinig deireadh le haistear an Chlocháin Léith i gCraobh Shinsir Peile Uladh ag an deireadh seachtaine agus na Conallaigh cloíte ag dream Thír Eoghain, Piarsaigh Ghallbhuaile, 1-12 in aghaidh 0-10.

Agus gaoth láidir ina gcoinne, fágadh an Clochán Liath 0-10 in aghaidh 0-3 chun deiridh ag leath ama agus obair mhór le déanamh acu. Cé gur laghdaigh siad an bhearna sa dara leath, níor éirigh leo í a dhúnadh go hiomlán.

Ní raibh ach pointe idir na foirne théis an chéad deich nóiméad ach thóg Gallbhuaile ceannas ar chúrsaí ina dhiaidh sin agus d’aimsigh cúig phointe as a chéile. Bhí deiseanna ag an gClochán Liath ach theip ar na Conallaigh scóranna a aimsiú.

Chuir an Clochán Liath tús maith leis an dara leath agus an chéad dá phointe faighte acu ach thóg seaimpíní Thír Eoghain céim mhór i dtreo an bhua trí nóiméad isteach sa dara leath nuair a d’aimsigh Seán Murphy cúl tábhachtach a chuir naoi bpointe idir na foirne, 1-11 in aghaidh 0-5.

Níor aimsigh Gallbhuaile ach pointe amháin eile idir sin agus an deireadh ach ní raibh an Clochán Liath in ann dóthain scóranna a fháil chun teacht ar ais sa chluiche.

Ciarraí

Tá Craobh Shinsir Chiarraí Thiar buaite den chúigiú huair as a chéile ag Daingean Uí Chúis tar éis d’fhir an bhaile an ceann is fearr a fháil ar an nGaeltacht i gcluiche ceannais na bliana seo. Farasbarr trí phointe a bhí ag an Daingean, 0-9 in aghaidh 0-6, sa chluiche, a imríodh i nGallarus.

Bhí imreoirí mór le rá ar iarraidh ar an dá fhoireann, Brian Ó Beaglaoich in easnamh ar an Ghaeltacht agus Paul Geaney ag tosú ar an mbinse don Daingean ach duine eile d’imreoirí Chiarraí a bhuaigh Craobh na hÉireann i mbliana, Tom O’Sullivan, a chuaigh i bhfeidhm go mór ar an imirt agus gradam laoch na himeartha bronnta air ar deireadh.

Agus iad ag imirt le cóir na gaoithe sa chéad leath, chuir an Daingean an-tús leis an gcluiche agus an chéad sé phointe aimsithe acu, ceithre cinn acu ó bhróg Uí Shúilleabháin. Bhí thart ar 25 nóiméad imithe faoin am go bhfuair an Ghaeltacht a gcéad scór, cic saor ó Dhara Ó Sé agus cé gur éirigh leis ceann eile a chur leis go luath ina dhiaidh sin, sé phointe arís a bhí idir na foirne ag leath ama nuair a fuair Tom agus Barry O’Sullivan pointí don Daingean.

Tháinig Paul Geaney isteach mar ionadaí ag leath ama ach, agus an ghaoth leo anois, ba iad an Ghaeltacht is fearr a thosaigh sa dara leath agus pointí faighte ag Pádraig Óg Ó Sé, Dara Ó Sé agus Cian Ó Murchú chun an bhearna a laghdú faoina leath. Cé eile a scóráil cic saor ach Tom O’Sullivan chun an bhearna a mhéadú don Daingean agus ó tharla nach bhfacthas ach scór amháin eile sna deich nóiméad deiridh, pointe ó PJ Mac Láimh na Gaeltachta, ba leis an Daingean a bhí an lá.

Fág freagra ar 'Naomh Abán ag fáil réidh do chluiche ceannais na hÉireann a bhuíochas do thaispeántas breá'