Náisiúnaithe ag comóradh agus formhór na n-aontachtaithe ag casaoid

I measc aontachtaithe ó thuaidh, bhí an dioscúrsa poiblí ar fad maidir le 1916 faoi anáil na dTrioblóidí…

Belfast

Náisiúnaithe ag comóradh agus ag machnamh. Poblachtánaithe caithréimeach agus ag ceiliúradh. Roinnt aontachtaithe a bhí fiosrach faoin scéal ach a bhformhór acu ag casaoid. B’in iad na tuairimí ba choitianta ó thuaidh faoi chomóradh mór an chéid ar Éirí Amach na Cásca.

Ar éigean is gá a rá gurb é caomhnú an cheangail leis an mBreatain sa Ríocht Aontaithe raison d’être na n-aontachtaithe. Ar éigean is gá a rá ach oiread go mbraithfidís gur chúl le cine é comóradh a dhéanamh ar dhream eile a bhris an ceangal sin. Níor chúis iontais é mar sin ionadaithe aontachtacha a bheith ag fanacht glan ar an gcomóradh oifigiúil ar 1916 i mBaile Átha Cliath Domhnach Cásca.

Ach níorbh é sin an t-aon chúis, ar ndóigh, ná fiú an phríomhchúis. Bhí an dioscúrsa ar fad faoi anáil na dTrioblóidí. Dá dtabharfaí aitheantas, go hoifigiúil d’Éirí Amach na Cásca bheifí ag rá go raibh foréigean na dTrioblóidí bailí, dar le haontachtaithe agus roinnt daoine eile. Bhí an dearcadh aontachtach ag teacht le leagan amach na bparaimíleatach poblachtánach, idir (iar-)shealadaigh agus easaontóirí, gur ó 1916 a glacadh sainordú don lámh láidir. Anuas air sin, tá oiread achrainn faoi na hinsintí ar 1916 agus ar an gcríochdheighilt is atá faoi insintí ar na trioblóidí féin.

Rinne polaiteoirí aontachtacha iarracht cruth eile a chur ar a ndiúltú don gcomóradh, ar ndóigh. Thug Arlene Foster droim láimhe leis ag an tús nuair a ceapadh í mar Chéad Aire ach d’athraigh sí a port de bheagán nuair a cáineadh í as a bheith aontaobhach, ag freagairt d’aontachtaithe amháin, agus thoiligh sí a dhul ag ócáid Eaglais na hÉireann i mBaile Átha Cliath agus í sásta éisteacht le “plé agus scrúdú ar cheachtanna na staire”. Ansin dúirt sí gur daoine ‘féinchúiseacha’ a bhí i gceannairí an Éirí Amach nach raibh uathu ach onóir a tharraingt orthu féin.

Bhí sí meáite de gur ionsaí fuilteach ar an stát a dtugann sise dílseacht dó ab ea an tÉirí Amach a bhí ‘frithdhaonlathach’. Neamhdhaonlathach an aidiacht a d’úsáid ceannaire an Alliance, David Ford, an tAire Cirt i Stormont agus é ag diúltú do chuireadh chuig an gcomóradh oifigiúil. Sárú ar na rialacha do chogadh cóir ab ea an tÉirí Amach dar leis Ard-Aighne, John Larkin fear ar maith leis a thuairimí a nochtadh faoin iliomad ábhar. Gníomh neamhdhaonlathach, ar seisean fosta. Cén daonlathas a fiafraíodh? Daonlathas Acht an Aontais? Ní raibh freagra ag éinne acu ar an gceist sin, is cosúil.

Beidh aontachtaithe ag freastal ar imeachtaí i mBaile Átha Cliath i gcuimhne ar shaighdiúirí na Breataine a maraíodh seachtain na Cásca. Beidh siad i nGlas Naíon chomh maith nuair a nochtfar an balla cuimhneacháin le hainmneacha na marbh ar fad air. Creidim go bhfuil an-ráchairt ar an taispeántas comórtha i Halla na Cathrach i mBéal Feirste chomh maith le taispeántas faoi na deirfiúracha de mhuintir Corr i Leabharlann an Línéadaigh sa chathair. Bhí an-chuid léachtaí ar siúl ar fud an tuaiscirt agus obair mhór déanta ag scoláirí faoi ról na mban, ina measc Winifred Carney.

Seans nach raibh éinne ó chúlra aontachtach ar an bparáid ollmhór a bhí ag Sinn Féin i mBéal Feirste – ná ag na himeachtaí a bhí ag mionghrúpaí poblachtacha – ach d’fhreastail an-chuid ó gach ceard agus gach aicme ar léachtaí agus taispeántais. Chraol an BBC logánta uaireanta an chloig d’ábhar ó na searmanais – beart a bhí doshamhlaithe cúig bliana fichead ó shin gan trácht ar leathchéad bliain ó shin.

’Siad na polaiteoirí a sheachain imeachtaí. An raibh éinne thíos lena gcinneadh? Sin ceist. B’fhéidir nár cheart a bheith ag iarraidh orthu freastal ar imeachtaí a bhfuil oiread sin coimhthís acu leo. Fad is nach n-éilíonn siad go nglacfadh gach duine lena leagan siúd den stair, fágaimis gach duine ar a dhóigh féin.

Fág freagra ar 'Náisiúnaithe ag comóradh agus formhór na n-aontachtaithe ag casaoid'