Náisiúnach ceaptha ina Cheann Comhairle i Stormont – ré nua?

Níor thit dealbh Carson nuair a ceapadh ball de Shinn Féin ina Cheann Comhairle i Stormont den chéad uair, ach an ré nua atá ann ann nó tuilleadh den ‘ceann duitse, ceann domsa agus ‘tigh diabhail leis an gcuid eile’?

MITCHELL MC LAUGHLIN SINN FEINS ARD FHEIS 2003 REPUBLICANS PORTRAIT LANDSCAPE
Mitchel McLaughlin ó Shinn Féin. Pictiúr: Photocall Ireland

An chéad náisiúnach ceaptha ina Cheann Comhairle i Stormont! Ní náisiúnach den chineál a coinníodh ó dhoras sa chéad seo caite é ach poblachtánach, ball de Shinn Féin. Toghadh An Teachta Mitchel McLaughlin le tacaíocht an DUP.

Níor thit dealbh Carson agus níor shiúil aontachtach ar bith amach ach b’athrú é a bhí do-shamhlaithe tráth. Athrú saoil, fiú i dtéarmaí an lae inniu, ach is beag seans go bhfuil claochló ó bhonn ag teannadh linn.

Siombal an chomhionannais agus na cuimsitheachta, dar le Martin McGuinness; creach á roinnt, dar le hionadaithe eile. Tá an dá mhaíomh fíor ar bhealach. Cor nua ar fad is ea é ach an comhartha sóirt é ar chur chuige nua i Stormont nó ‘ceann duitse, ceann domsa agus ‘tigh diabhail leis an gcuid eile’ ag an dá phríomhpháirtí?

Tá taithí ag Mitchel McLaughlin ar obair an Cheann Comhairle. Bhí sé ina Leas-Cheann Comhairle agus Príomh-Leas-Cheann Comhairle (is maith leo teidil i Stormont). Bhí sé i bhfeighil gnothaí san oifig sin le ráithe. D’aontaigh na Teachtaí ar fad gur iompar sé é féin go cumasach agus mar is ceart sna postanna sin. Céim eile é an príomhphost, áfach.

Tá tacaíocht trasphobail, aontachtach agus náisiúnach, riachtanach lena aghaidh. Ní fhéadfadh Mitchel McLaughlin an post a fháil gan vótaí an DUP; i bhfocail eile, margadh idir an DUP agus Sinn Féin a bhí ann.

D’aontaigh SF agus Iarcheannaire an DUP, Ian Paisley, breis is seacht mbliana ó shin go mbeadh post an Cheann Comhairle ag an DUP i dtosach agus go dtiocfadh ionadaí SF i gcomharbacht airsean.

Nuair a d’éirigh William Hay, DUP, as an gcúram sa bhfómhar seo caite, theip ar an Tionól Ceann Comhairle nua a thoghadh. Dhiúltaigh an DUP tacú le Mitchel McLaughlin ag an am sin mar gheall ar an aighneas idir an dá pháirtí agus ní bhfuair iarrthóir ar bith eile a dhóthain vótaí ó chaon taobh.

Dé Luain, nuair a d’fhill na Teachtaí ar an Tionól tar éis saoire na Nollag, ba léir go raibh an t-easaontas faoin gCeann Comhairle réitithe. Margadh eile ar an gcúlráid, a deir na mionpháirtithe, ceist nár déanadh tagairt di i gComhaontú Stormont ar 23 Nollaig.

Ritheadh an vótáil in athuair agus d’fhógair Peter Robinson, ceannaire an DUP, go gcomhlíonfadh sé an margadh le Sinn Féin toisc go raibh glactha ag an bpáirtí sin le leasaithe ar an gcóras leasa shóisialaigh.

Níos suntasaí fós, thug Gregory Campbell a thacaíocht don chéim. Is fíor gur ag cosaint leagan amach a pháirtí féin a bhí sé, seachas a bheith ag moladh Mclaughlin.

Nuair a rinne SF rud mícheart, thug an DUP aghaidh orthu ach nuair a dhéanann siad an rud ceart, aithníonn an DUP é sin, a dúirt Campbell. “Nuair a ghlac SF le póilíneacht, dúirt an DUP go ndearna siad an rud ceart, agus anois nuair atá glactha acu le leasuithe ar an gcóras leasa shóisialaigh, aithnímid go ndearna siad an rud ceart”.

Ní raibh sé flaithiúil ach comhartha ab ea a chuid cainte nach raibh ‘na heasaontóirí’ taobh istigh den DUP chun achrann a chothú le Robinson faoin gceist seo. Blas beag freisin de ‘sheanchlisteacht’ Robinson ar taispeáint nuair a roghnaíodh Campbell, duine de naimhde roinnt na cumhachta le Sinn Féin, mar an té a labhródh faoi chomhoibriú le toghadh McLaughlin.

Is furasta binib na mionpháirtithe faoi mhargadh rúnda idir na béist mhóra a thuiscint mar go bhfágtar gan éifeacht iad.

Ar an láimh eile tá a leithéid praiticiúil i ngach córas polaitíochta agus sa chóras i dTuaisceart Éireann go háirithe.

Cothaíonn an nósmhaireacht i Stormont ceisteanna faoin dá bhua a ndearna Martin McGuinness gaisce astu – comhionannas agus cuimsitheacht. Conas is féidir a rá go bhfuil daoine comhionann nó go bhfuil seans ag gach dream ar ról fiúntach nuair atá an neart ag dhá pháirtí a bhfuil ceangal na gcúig gcaol acu ar a chéile. Theastódh cleachtais oibre nua agus caolseans go dtiocfadh sin ó cheapachán nua amháin, is cuma cé chomh stairiúil is atá sé.

Fág freagra ar 'Náisiúnach ceaptha ina Cheann Comhairle i Stormont – ré nua?'