‘Náireach’ go gcaithfidh ceoltóirí Gaeilge ‘dul tríd an gcúldoras’ le bheith ar sheinnliosta stáisiún náisiúnta

Tá páirtíocht nua ar bun idir RTÉ 2FM, RTÉ RnaG agus an iris ar líne Nós chun deis a thabhairt do cheoltóirí Gaeilge áit a fháil ar sheinnliosta 2FM

‘Náireach’ go gcaithfidh ceoltóirí Gaeilge ‘dul tríd an gcúldoras’ le bheith ar sheinnliosta stáisiún náisiúnta

Tá sé “náireach” go gcaithfidh amhránaithe agus bannaí ceoil na Gaeilge “dul tríd an gcúldoras” le go mbeadh amhráin dá gcuid á gcasadh ar an stáisiún náisiúnta 2FM, dar le Richie Ó hEadhra ón mbanna ceoil Rís.

Dúirt Ó hEadhra le Tuairisc.ie inniu go bhfuil sé “náireach go gcaithfear comórtas a reáchtáil le go mbeadh amhrán comhaimseartha Gaeilge á chasadh ar stáisiún náisiúnta” agus gur cheart an t-ardán sin a thabhairt d’amhráin mhaithe Éireannacha beag beann ar an teanga ina gcantar iad.

Fógraíodh ag ócáid sa Ruin Bar i mBaile Átha Cliath aréir go mbeidh an clár Bláthnaid Libh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, i gcomhar le RTÉ 2FM, mar pháirtí oifigiúil raidió don ghradam Amhrán na Bliana a reáchtálfaidh an iris Nós an mhí seo chugainn.

Déanfar taifeadadh as an nua ar an amhrán a bhuafaidh an comórtas sin i stiúideonna raidió RTÉ agus déanfaidh Ciarán Byrne athmháistriú ar an traic sula gcuirfear ar sheinnliosta RTÉ 2FM é ar feadh seachtaine.

Dúirt RTÉ gur “deis eisceachtúil aon uaire” atá sa duais, agus go mbeidh Eoghan McDermott, craoltóir aitheanta de chuid 2FM, Eleanor McEvoy, Cathaoirleach IMRO, agus Ciarán Byrne féin ina moltóirí ar an gcomórtas.

Dúirt Bláthnaid Ní Chofaigh go bhfuil sí “an-sásta” go bhfuil a clár féin, RTÉ 2FM agus Nós.ie ag obair le chéile ar an togra agus go bhfuil “ciall leis go mbeadh an craoltóir náisiúnta ag tabhairt ardán don cheol seo, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta”.

“Ceol is ea ceol, is cuma cén teanga!” a dúirt Ní Chofaigh aréir.

Ach tá Ó hEadhra, a bhain gradam ceoil Nós amach sa bhliain 2015 do ‘Ghig Bheo na Bliana’ agus atá ina bhall den bhanna Rís a ainmníodh do bhanna ceoil na bliana 2017, den tuairim gur cheart go mbeadh amhráin i nGaeilge á gcasadh ar RTÉ i gcaitheamh na bliana, agus nár cheart gur ghá comórtas a reáchtáil le ceann a aimsiú.

“Tréaslaím le Nós agus le Tomaí Ó Conghaile as an ardán agus an tacaíocht atá tugtha acu don cheol comhaimseartha Gaeilge le fada an lá ach tá ceisteanna le freagairt ag leithéidí RTÉ 2FM.

“Murach Nós ní ghabhfadh 2FM i ngiorracht scread asail do cheol Gaeilge. Cén fáth a gcaithfidh muid dul le leagan amach an chomórtais? Tá ceol comhaimseartha Gaeilge ar comhchéim le haon chuid den raiméis Bhéarla a chastar ar na stáisiúin sin,” a dúirt sé.

Dúirt Ó hEadhra go bhfuil “dóthain ceol comhaimseartha ar ardchaighdeán” i nGaeilge chun go mbeadh stáisiúin náisiúnta sásta amhráin Ghaeilge a chasadh.

“Níl mé ag baint den chomórtas ná d’obair Nós, ach is ag díriú ar na stáisiúin féin atá mé. Níor cheart caitheamh leis an duais seo mar bhronntanas ó Dhia do cheoltóirí Gaeilge. Is iontach go bhfuil an deis ag an dream óg amhrán a thaifeadadh i stiúideo gairmiúil agus is dóigh go spreagfaidh an comórtas níos mó daoine amhráin nua a scríobh.

“Ach ba chóir go mbeadh ceoltóirí Gaeilge ar comhchéim le ceoltóirí Béarla agus go mbeadh an teacht céanna acu ar dheis a bheith á gcasadh ar stáisiúin náisiúnta ar aon chaoi,” a dúirt sé.

Dúirt Ó hEadhra le Tuairisc.ie go bhfuil dlúthdhioscaí seolta ag a bhanna ceoil féin, Rís, chuig stáisiúin náisiúnta, RTÉ 2FM ina measc, ach nár casadh na hamhráin riamh, agus go raibh a fhios aige gur “caolseans” go gcasfaidís iad.

“Tá sé ró-éasca a bheith ag rá ‘yé’ le chuile shórt an t-am uilig. Cinnte tá Tomaí [Ó Conghaile] tar éis rud éicint iontach a dhéanamh, agus is deis mhaith í seo do cheoltóirí óga na Gaeilge, ach tá go leor ceisteanna le freagairt ag RTÉ faoi,” a dúirt sé.

Is féidir le haon cheoltóir nó banna ceoil atá ag saothrú i nGaeilge cur isteach ar an ngradam. Is é 14 Nollaig an spriocdháta d’Amhrán na Bliana. Fógrófar an gearrliosta roimh an Nollaig ar chlár Bhláthnaid Ní Chofaigh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus fógrófar an buaiteoir ag Gradaim Nós 2018 sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath ar an 12 Eanáir.

Fág freagra ar '‘Náireach’ go gcaithfidh ceoltóirí Gaeilge ‘dul tríd an gcúldoras’ le bheith ar sheinnliosta stáisiún náisiúnta'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Ag súil le hamhráin Ghaeilge a chluinstean ar na meáin Béarla seo gan mhoill… Náireach amach is amach nach gcraoltar amhráin Ghaeilge ar na meáin náisiúnta RTÉ!

    Fosta ag fanacht leis na láithreoirí seo, a bhfuil Gaeilg acu, í a labhairt anois is arís nuair a bhíonn siad beo ar an aer. Ag súil le John Creedon a chluinstean ag labhairt na Gaeilge thar tréimhse na Nollag agus ar lá na bliana úire i mbliana – clár idirnáisiúnta do mhuintir na hÉireann atá thar lear ag an am seo bliana , nach cinnte go mbeadh siad ag iarraidh teangaidh náisiúnta na hÉireann a chluinstean, is cuma cá háit ar domhan a bhíonn siad?