‘Náireach’ agus ‘maslach’ nach bhfuil scéim chúitimh fógartha ag an stát do na coláistí samhraidh

Deir CONCOS go mbeidh earnáil na gcoláistí samhraidh agus todhchaí gheilleagar na Gaeltachta i mbaol mura gcuirfí cúiteamh ar fáil

‘Náireach’ agus ‘maslach’ nach bhfuil scéim chúitimh fógartha ag an stát do na coláistí samhraidh

Tá cáineadh déanta ag an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar na coláistí samhraidh ar fud na tíre faoin moill atá ar chiste cúitimh don earnáil a fhógairt.

Deir CONCOS go bhfuil sé “náireach” agus “maslach” go bhfuil na coláistí samhraidh fós ag fanacht ar scéim chúitimh cé gur gealladh dóibh go mbeadh fógra déanta roimh dheireadh an tsamhraidh.

Deir CONCOS go mbeidh earnáil na gcoláistí samhraidh agus todhchaí gheilleagar na Gaeltachta i mbaol mura gcuirfear cúiteamh ar fáil toisc gur cuireadh cúrsaí Gaeilge 2021 ar ceal don dara bliain as a chéile.

Tá CONCOS agus ár mball coláistí fós ag fanacht agus mífhoighne orthu nach bhfuil fógra déanta go fóill ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta agus an Meán maidir le Ciste Cobhsaithe COVID-19 d’earnáil na gColáistí Gaeilge.

“Thug an tAire Stáit Jack Chambers agus feidhmeannaigh na Roinne geallúint do CONCOS ag cruinniú ar an 28 Iúil 2021 go mbeadh an fógra sin déanta roimh dheireadh Lúnasa 2021.”

Fógraíodh pacáistí faoisimh cheana do mhná tí na Gaeltachta agus do na hallaí pobail a chuireann áiseanna ar fáil do na coláistí samhraidh ach tá lucht stiúrtha na gcoláistí féin fós ag fanacht ar fhógra faoi thacaíocht na Roinne.

“Tá sé náireach agus maslach go bhfuil earnáil na gColáistí Gaeilge atá chomh tábhachtach do cheantair na Gaeltachta fágtha gan cúiteamh stáit go dtí seo,” a deir urlabhraí CONCOS.

“Ní féidir leis na Coláistí Gaeilge leanacht ar aghaidh ag trádáil mar ghnó do thodhchaí na hearnála agus todhchaí gheilleagar na Gaeltachta gan an cúnamh airgid seo.”

Cé go raibh geallta ag Roinn na Gaeltachta go bhfógrófaí an scéim chúitimh roimh dheireadh an tsamhraidh, tugadh le fios an mhí seo caite go rabhthas fós ag lorg eolais maidir le sonraí airgeadais na gcoláistí.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta le fios ian tseachtain seo  go raibh sé i gceist aige an ciste do na coláistí samhraidh a fhógairt “go luath” ach níor luaigh sé dáta ar leith.

I dtuarascáil a cuireadh faoi bhráid Thithe an Oireachtais an mhí seo moladh go n-íocfaí an cúiteamh paindéime céanna leis na coláistí féin is a íocadh leo an samhradh seo caite.

Deirtear sa tuarascáil ó Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta go bhfuil an baol ann nach n-osclóidh coláistí samhraidh an bhliain seo chugainn mura bhfaighidh siad cúiteamh.

Moltar freisin gur cheart airgead breise a chur ar fáil d’earnáil na gcoláistí samhraidh agus ciorruithe a cuireadh i bhfeidhm thart ar dheich mbliana ó shin a chur ar ceal.

Tá éiginnteacht ann faoin gcineál pacáiste cúitimh a chuirfear ar fáil i mbliana do na coláistí samhraidh i ndiaidh don Roinn rabhadh a thabhairt d’úinéirí na gcoláistí gan a bheith ag brath ar an gcúiteamh céanna a fuair siad anuraidh a fháil i mbliana. Is chun éarlaisí a aisíoc le tuismitheoirí a cuireadh formhór an chiste cúitimh €3.1 milliún ar fáil do na coláistí samhraidh anuraidh.

Ní dhearnadh aon tagairt shonrach d’éarlaisí sa cheistneoir faoi chúrsaí airgeadais a scaip an Roinn ar na coláistí samhraidh.

Fógraíodh mí Iúil ciste €2.2 milliún do na mná agus fir tí a chuireann lóistín ar fáil do na scoláirí a thagann go dtí an Ghaeltacht sa samhradh ag foghlaim na Gaeilge. Ciste €240,000 a fógraíodh do na hallaí pobail i mbliana.

Fág freagra ar '‘Náireach’ agus ‘maslach’ nach bhfuil scéim chúitimh fógartha ag an stát do na coláistí samhraidh'