Naimhdeas don Chomhaontas Glas le bheith ina chur chuige toghchánaíochta

An fhearg a mheastar a bheith i measc phobal na tuaithe baineann sí go mór leis an ngéilleadh a chreideann siad a rinneadh do chlár oibre na nGlasach

Naimhdeas don Chomhaontas Glas le bheith ina chur chuige toghchánaíochta

Tá pobal na tuaithe ag teacht le chéile mar ghrúpa don chéad olltoghchán eile. Tá an Farmers Alliance i mbun eagrúcháin cheana féin ar a ngrúpa féin agus tá sé tugtha le fios ag an Teachta Dála neamhspleách do Ros Comáin/Gaillimh, Michael Fitzmaurice go bhfuil sé féin i mbun machnaimh ar pháirtí a bhunú le leas na tuaithe a chur chun cinn.

Tá comhghuaillíocht de na Teachtaí Dála neamhspleácha tuaithe, mar a thugann siad orthu féin, Mattie McGrath, Richard O’Donoghue agus Michael Collins ag obair ar bhonn níos foirmiúla a chur faoina ngrúpa le tacaíocht ón bhfear gnó Peter Casey freisin.

Cén fáth an oiread sin suime in ionadaíocht do phobal na tuaithe? Tá sé soiléir don trí dhream a luaigh mé go bhfuil fearg ar dhaoine faoin tuath le polasaithe na nGlasach agus polasaithe atá frith-thalmhaíochta, dar leis na Teachtaí. Tá níos mó ná pobal feirmeoireachta na tíre i gceist, a deir Michael Fitzmaurice, atá le fada ag maíomh go bhfuil polasaithe an rialtais reatha dírithe ar dhaoine a bhrú isteach i mbailte na tíre agus droim láimhe a thabhairt le bealaí traidisiúnta na tuaithe.

Deir sé go deimhin gur comhartha ar a rathúla agus atá ag éirí leis na Glasaigh a gcuid polasaithe a chur i bhfeidhm ag leibhéal an rialtais a thug ugach dó féin breathnú ar ghluaiseacht ionadaíoch ar phobal na tuaithe a bhunú.

Déarfadh Fianna Fáil agus Fine Gael gurb iad féin glór na tuaithe in Éirinn agus go bhfuil siad i mbun ionadaíochta ar an gcosmhuintir ó bunaíodh an Stát. Ach má éiríonn leis an ngluaiseacht nua seo dul i bhfeidhm ar an bpobal ar bhealach ar bith is don dá pháirtí mhóra a dhéanfar dochar. An fhearg a mheastar a bheith i measc phobal na tuaithe baineann sé go mór leis an ngéilleadh a chreideann siad a rinneadh do chlár oibre na nGlasach.

Chuir an rialtas an iomarca béime ar pholasaithe comhshaoil agus aeráide a bhfuil fearg curtha acu ar go leor faoin tuath. Labhair le feirmeoir ar bith agus déarfaidh siad leat go bhfuil siad sásta a gcion a dhéanamh ar son na haeráide ach gur beag is fiú aon iarracht ag an tír seo mura ndéanann leithéidí na Síne, na hIndia agus na Stát Aontaithe gníomh.

Tuigeann na grúpaí stocaireachta atá ag brath ar thabhairt faoin gcéad olltoghchán eile go bhfuil ceacht le foghlaim, mar sin féin, ó na Glasaigh. Téigh i mbun cainteanna leis na páirtithe móra agus bíodh do chuid éileamh soiléir. Seas go daingean le do chuid polasaithe féin agus bí dílis do chur chuige an chomhrialtais. Éireoidh leat roinnt mhaith a bhaint amach.

Is dóigh gur fiú a lua ag an tráth seo go bhfuil na polasaithe Glasa bunaithe ar ghéarchéim dhomhanda a bhfuil aird na cruinne uirthi. Polasaithe a chaithfear a chur i bhfeidhm ar bhealach amháin nó ar bhealach eile as seo go ceann roinnt blianta. Idir an dá linn, díol spéise a bheidh ann lá an chomhairimh cé chomh héifeachtach agus a bheidh naimhdeas don Chomhaontas Glas mar uirlis toghchánaíochta.

Fág freagra ar 'Naimhdeas don Chomhaontas Glas le bheith ina chur chuige toghchánaíochta'