Nádur agus inneach na rásaíochta capall nochta i ‘Being AP’

Ní gá go n-aithneofá crúb thar eireaball chun titim fá gheasa AP agus Chanelle agus an drámaíocht nádúrtha a ghineann siad eatarthu sa scannán nua 'Being AP'

Bhain Tony McCoy craobh an National Hunt scór blianta as a chéile. Níor tháinig aon each thiománaí eile i ngiorracht scread asail dó thar sconsaí.

‘It’s all about numbers’, ar seisean, ‘it was always about numbers’. 4,348 bua san deireadh. Sin farasbarr dhá mhíle ar Ruby Walsh. Sin marcaíocht duit.    

Tá an chuma ar ‘Being AP’ gur eascair an scannán as togra a thosaigh amach chun Tony McCoy a laoch-adhradh. Ansin, an chos sa doras aige, soilsíodh don stiúrthóir Anthony Wonke gur ag tochras ar a cheirtlín féin a bhí AP, is go raibh cloch ar fad eile ar phaidrín a chéile Chanelle.

Is treise go mór an scannán a tháinig as na teannais sin uilig eatarthu.

‘He’s driven by the fear of not being champion jockey,’ ar sise. Bean léirsteanach.

Chreid McCoy go raibh 300 bua ina chumas le linn na rásbliana 2014. Sin figiúr atá geall le bheith doshamhlaithe. Tá faitíos ar Chanelle go marófar san iarracht é. Is bás beag di gach cnámh briste, gach scamhóg pollta, gach comhtholgadh inchinne. Treabhann AP leis, áfach, an dallamullóg á cur aige go saoráideach ar dhochtúir. Rás i ndiaidh ráis, lá i ndiaidh lae, bliain i ndiaidh bliana. Ardaíonn Chanelle, ar deireadh, an taibhse neamhcheadaithe i gcomhrá an teaghlaigh…..

Nár cheart dó, ar deireadh, ar sise, géilleadh don éirí as?                                                                                         

‘Why on earth would any year be a good year to call it a day? I’ve enough of that conversation now,’ ar seisean. 

Muintir McCoy, Chanelle agus AP, agus an stiúrthóir Anthony Wonke. Getty Images
Muintir McCoy, Chanelle agus AP, agus an stiúrthóir Anthony Wonke. Getty Images

Ní gá go n-aithneofá crúb thar eireaball chun titim fá gheasa AP agus Chanelle agus an drámaíocht nádúrtha a ghineann siad eatarthu. Crógacht chantalach an fhir, diongbháilteacht dhaonna na mná.

Sárfhiosrú a chonac ag an Gala Premiere sa Light House le deireanas.

Tháinig lucht rásaí sna táinte – AP McCoy agus Chanelle, JP McManus, Jonjo O’Neill, Ruby Walsh agus Barry Geraghty. Ceiliúráin, den uile dhéanamh, bail ó Dhia orthu. Geallghlacadóirí anaithnid. Capall-Phrotastúnaigh gan náire. Draoithe na margaíochta, sáracháin sóisialta, haiceanna raiceáilte an phreasa. Agus seaimpín an domhain, uair dá raibh, Barry McGuigan, an tréanfhear.

Chuir Jonjo O’Neill tvuít amach – ‘#Being AP was brilliant’. Focail eolgasacha ó dhéada an chapaill, mar a déarfá. Ní gearántá dhom an measúnú sin.

Glactar leis gur nocht Le Mans Steve McQueen (1971) inneach agus nádúr na rásaíochta gluaisteán. Tá an gaisce céanna déanta anois ag Anthony Wonke do rásaí capall.

Fear casta is ea Tony McCoy. ‘I’m an addict to horse racing’, ar seisean, ‘an addict to winning. It’s all about winning.’ Ach ní leor sin mar mhíniú ar an gcraos don mbua a bhí ann – druga a thiomáin thar thairseach na péine é. Ba bheag dó an taisteal síoraí ó cheann ceann na Breataine, milseacht an chéad bhua eile ar a bheola. Níor leor riamh an bua láithreach dó. Ba thábhachtaí i gcónaí an chéad bhua eile. Juncaí na hoidhreachta, curaí na dtaifead, sclábhaí na haidréanailíne a bhí fós le teacht.

Is é bun agus barr ‘Being AP’ ná an chaoi a dtéann Tony McCoy agus Chanelle i ngleic leis an ‘angst’ (meitifisiciúil) a théann le héirí as obair. Agus an chaoi ina n-oibríonn an próiseas sin ar an teaghlach uilig. Chas máthair Chanelle orm sa Lighthouse – bean thuisceanach de phór Oirthear na Gaillimhe. Bean dhiscréideach, mánla, bail ó Dhia uirthi. 

Aithním go bhfuil sólaistí as an gcoitiantacht ag AP McCoy is a bhean. Ach níor mhór an sólás an Bentley ná an vardrús siúl isteach dóibh dá dtarlódh gur ar mias an adhlacóra, mo léan, nó ar fhleasc a dhroma a d’fhágfaí AP ar shála na chéad timpiste eile.

Mo ghraidhin thú, a Chanelle. Rinne tú an rud ceart.

Tá an DVD anois ar fáil. Tá m’ainm ar cheann cheana. Meallta ag an bhfear, ar ndóigh, agus, dáiríre, ag an mBentley. Níor mhór agam riamh, admhaím, an vardrús siúl isteach.

Fág freagra ar 'Nádur agus inneach na rásaíochta capall nochta i ‘Being AP’'