Tá 46 leasú ar Bhile nan Cànan Albannacha (Bille na dTeangacha Albanacha) molta ag Pàrtaidhe Uaine na h-Alba (Comhaontas Glas na hAlban) a chuirfeadh an Ghàidhlig agus an Albainis ar comhchéim leis an mBéarla in Albain.
Mhol an Feisire Parlaiminte Ross Greer leasuithe ar an reachtaíocht teanga atá ag dul trí Phàrlamaid na h-Alba i láthair na huaire, ionas go sainmhíneofaí an ‘stádas oifigiúil’ a thabharfaí do na teangacha sa reachtaíocht nua agus a dhéanfadh soiléir go mbeadh na trí theanga ar comhchéim.
“Is teangacha de chuid na hAlban iad an Albainis agus an Ghàidhlig ach mar gheall ar na céadta blianta d’iarrachtaí iad a scrios tá an dá theanga brúite ar imeall an tsaoil chomhaimseartha. Tá an Ghàidhlig i mbaol a báis ach is féidir léi teacht aniar ach an tacaíocht chuí a bheith aici. Tugann mo chuidse leasuithe an tacaíocht sin di. Mura gcosnóidh Pàrlaimid na h-Alba teangacha na hAlban, cé a chosnóidh iad?
“Tá an iomarca teangacha caillte againn ar fud an domhain. Ní féidir linn ligean don Ghàidhlig imeacht le gaoth freisin. Tá sí de dhlúth agus d’inneach inár bpobal ar fud na hAlban agus tá ról ar leith aici inár stair. Is é an rud is lú is féidir a dhéanamh ná an meas céanna a léiriú ar an nGàidhlig agus ar an Albainis is a léirímid ar an mBéarla nuair is cuí,” a dúirt Greer in agallamh leis an nuachtán The National.
D’impigh sé ar na feisirí parlaiminte ó pháirtithe eile tacú le leasuithe na nGlasach agus “teachtaireacht láidir tacaíochta” a sheoladh don Ghàidhlig agus don Albainis a léireodh gur féidir “todhchaí bhríomhar” a bheith amach roimh an dá theanga in Albain.
Cuireadh 97 leasú ar an mbille isteach go dtí seo agus ba é Greer a scríobh 46 acu sin. Baineann leasú eile dá chuid leis na dualgais teanga a bheadh ar choláistí, ollscoileanna, an comhlacht iarnróid ScotRail, agus an comhlacht uisce Scottish Water.
Tugadh Bile nan Cànan Albannacha isteach i mí na Samhna seo caite agus tá sé anois ag an dara céim sa phróiseas reachtaíochta i bPàrlamaid na h-Alba. Beidh céim amháin ann sula n-achtófar é.
Fág freagra ar 'Nach mór 100 leasú molta ar Bhille na dTeangacha Albanacha'