Nach iontach go deo an spéis atá ag feisirí Westminster ionainn ar an aimsir seo?

Tá cúrsaí Thuaisceart Éireann lárnach i ngnóthaí Westminster. Más mall, is mithid…

Nach iontach go deo an spéis atá ag feisirí Westminster ionainn ar an aimsir seo?

Ar mo bhealach amach as foirgneamh poiblí i mBéal Feirste chuir mé suntas i gcomhráite i measc na ndaoine a bhí ag teacht agus ag imeacht. Is annamh a chloisfeá caint ar an tsráid abhus faoi imeachtaí sa Pharlaimint in Westminster ach níorbh amhlaidh an scéal Déardaoin. Bhí formhór na ndaoine a raibh mé ag cúléisteacht orthu ag plé vótaí i dTeach na dTeachtaí.

Ní nach ionadh bhí tuairimíocht le clos faoi cé a bheadh mar chomharba ar Theresa May, daoine ag déanamh talamh slán de go raibh an ceart ag na

geallghlacadóirí gurb é Boris Johnson a bheidh ina Phríomh-Aire beag beann ar a inniúlacht don phost.

Imní thar aon ní eile a bhí le braistint. Bhí roinnt sásta go ndeachaigh feisirí i ngleic le ceisteanna a bhain lena saol abhus agus go leor ag déanamh iontais faoi conas a oibreoidh an laincis ar Bhreatimeacht gan margadh atá bunaithe ar an bhfolús in Stormont.

Nach iontach go deo an spéis atá ag feisirí ionainn ar an aimsir seo a chuala mé fear ag rá lena chompánach.

B’fhíor dó. Is minice sneachta samhraidh ná díospóireachtaí substaintiúla faoi Thuaisceart Éireann sa Pharlaimint ach bhí an réigiún seo i lár an aonaigh le cúpla seachtain.

Ní hamháin gur deineadh cinntí faoi reachtaíocht shóisialta anseo ach cuireadh gnóthaí abhus ag croí na gcinntí sa bhfómhar faoin mBreatimeacht.

Nuair a chuir an Státrúnaí Karen Bradley a bille faoi bhráid na Parlaiminte chun an riachtanas toghchán Tionóil a ghairm cheal Feidhmeannais in Stormont shíl sí go nglacfaí leis gan díospóireacht. Cuireadh iallach uirthi áfach plé a cheadú. Glacadh lena Bille le móramh ollmhór Déardaoin (328 v 65), ach bhí i bhfad níos mó ann ná mar a bhí beartaithe ag an Státrúnaí.

Bhí leasuithe déanta a cheadaigh pósadh comhghnéis sa tuaisceart a chur ar bhonn reachtúil agus díchoiriú a dhéanamh ar ghinmhilleadh mura mbeidh Stormont ag feidhmiú faoin 21 Deireadh Fómhair. Rinne an Bhanbharún Nuala O’Loan agus Tiarnaí eile iarracht na leasuithe sin a chealú ach theip orthu.

Ós daoine neamhthofa iad ní raibh a maíomh go raibh an cinneadh ‘neamhdhaonlathach’ mealltach.

Ba é an leasú a bhain leis an mBreatimeacht an ceann ba chonspóidí ar fad. Mhol Hilary Benn, Lucht Oibre go mbeadh ar an Rialtas tuairiscí a sholáthar go tráthrialta ó Mheán Fómhair faoi staid na n-iarrachtaí chun Stormont a athnuachan.

Chaithfí díospóireacht ar na tuairiscí a cheadú freisin, gach coicís ó thús Dheireadh Fómhair go Nollaig. Sháraigh suas le leathchéad Caomhach aoireacht an pháirtí chun vótáil ar son an rúin nó staonadh. Glacadh leis le móramh 41.

Dúirt Benn nárbh fhéidir neamhshuim a dhéanamh den dochar a dhéanfadh Breatimeacht gan mhargadh do Thuaisceart Éireann ach thairis sin go gcinnteodh a leasú nach bhféadfadh Príomh-Aire an Pharlaimint a dhíscor.

Bhí feisirí buartha go gcuirfeadh Johnson an Pharlaimint ar fionraí chun vóta in aghaidh imeacht gan mhargadh a sheachaint; níor chuir sé as an áireamh é sa bhfeachtas do cheannaireacht na gCaomhach. Cuirfear an bille faoi bhráid na dTiarnaí arís amárach agus ceaptar nach n-éireoidh le hiarrachtaí chun stop a chur leis.

Bhí an DUP ar buile agus mhaígh Nigel Dodds go raibh bradaíl déanta ar an reachtaíocht ag daoine a bhí ag tochras ar a gceirtlín féin. Níor tugadh aird air. Dúirt Jeffrey Donaldson gur bhotún mór é laincis a chur ar an bPríomh-Aire nua – baineadh mír mhargántaíochta thábhachtach de leis an iarracht chun bac a chur ar Bhreatimeacht gan mhargadh. Ba mhaith leis é a chur ar ceal ach dúirt an rialtas nach ndéanfar sin.

Ní bá leis an DUP ach a mhalairt a bhí le clos. Mar sin féin tá an páirtí ag dréim leis an gcumhacht a bheidh acu nuair a thiocfaidh an Príomh-Aire nua isteach. Beidh gá aige leo mura mbíonn olltoghchán eile ann – agus gan móramh ag dream ar bith dá n-uireasa. Ba mhaith leo Tuaisceart Éireann a bheith lárnach i ngnóthaí na Ríochta Aontaithe – ach ar an gclár oibre s’acusan.

An mbrostóidh an cor seo margadh in Stormont? Tá dhá léamh ar sin – gríosú do na páirtithe chun cinntí in Westminster a sheachaint nó deis chun na mórfhadhbanna a fhágáil faoi fheisirí Parlaiminte sula bhfillfeadh Teachtaí go Stormont le scláta glan. Cibé, níl fuascailt á tuar go luath. Is cosúil gur riail dhíreach nó meathriail an chinniúint go ceann tamaill. Mór is fiú go bhfuil suim in Westminster i ngnóthaí abhus. Más mall, is mithid.

Fág freagra ar 'Nach iontach go deo an spéis atá ag feisirí Westminster ionainn ar an aimsir seo?'