‘Nach iontach an rud go bhfuil an Ghaeilge le clos anois i ndorchadas álainn na pictiúrlainne?’ 

Labhair Colm Bairéad le Tuairisc faoina scannán ‘An Cailín Ciúin’, faoina chúlra féin agus faoi scannánaíocht na Gaeilge

‘Nach iontach an rud go bhfuil an Ghaeilge le clos anois i ndorchadas álainn na pictiúrlainne?’ 

Breis is trí bliana ó shin a léigh Colm Bairéad Foster, gearrscéal de chuid Claire Keegan. Sa tóir ar ábhar do scannán a bhí sé agus fuair sé a raibh uaidh. Mí na Mhárta seo caite, bhuaigh An Cailín Ciúin, an scannán a bhunaigh Bairéad ar ghearrscéal Keegan, an duais don Scannán is Fearr as Éirinn ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath. 

“Bhí cloiste agam faoin ngearrscéal, ach níor léigh mé an scéal go dtí earrach na bliana 2018 nuair a bhí mé sa tóir ar ábhar nua a bheadh feiliúnach d’fhadscannán,” a dúirt sé. 

“Thuigeas ar an bpointe gur saothar tábhachtach, cumasach é seo a bhí múnlaithe ag Keegan – bhain sé deora asam agus mé á léamh – agus chreid mé go láidir go bhféadfainn saothar scannánaíochta a chruthú ón méid a bhí léite agam. Nuair a bhí na cearta aimsithe againn, mhothaigh mé go raibh cúram faoi leith orm ansin, go raibh Keegan ag cur a cuid muiníne ionam agus go raibh dualgas orm – dá bhféadfainn – scannán a chruthú a bheadh ina mhacasamhail ar an méid a bhí cruthaithe aici siúd. 

“Beidh mé buíoch go brách na breithe do Claire Keegan go ndeachaigh sí sa tseans liom.”

Deir Colm go raibh sé dírithe go hiomlán ar scéim Cine4 – scéim de chuid TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann, le fadscannáin Gaeilge a fhorbairt agus a mhaoiniú.

“An taithí ar fad a bhí agam go dtí seo ar chúrsaí scannáin – sé sin scannáin ficsin ina bhfuil aisteoirí i gceist – is trí mheán na Gaeilge a bhí sé,” a dúirt sé. 

“Mar sin, nuair a chuala mé faoin scéim Cine4, bhíos an-tugtha leis mar smaoineamh agus thosaíos ag cuardach ábhair a bheadh feiliúnach dó. Is cúis áthais dom go bhfuil réimse leathan fadscannán á saolú anois ag an scéim agus go bhfuil an teanga le clos i ndorchadas na bpictiúrlann anseo in Éirinn agus thar lear chomh maith. Nach iontach an rud é sin? Ní raibh an Ghaeilge mar chuid den dorchadas álainn sin, dorchadas na pictiúrlainne, ach go hannamh i stair na scannán sa tír seo.”

Tá sé sin tar éis athrú thar oíche nach mór, a deir sé, a bhuíochas don fhís a bhí ag TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann. 

“Tá moladh nach beag tuillte acu. Is rud réabhlóideach é ar bhealach, ach rud iomlán loighciúil agus nádúrtha chomh maith.”

Tá an-chuid gradam bainte amach ag An Cailín Ciúin cheana féin, ocht ngradam IFTA ina measc.

Cén chaoi a n-airíonn Colm faoi na duaiseanna agus an moladh ar fad atá faighte ag an scannán?

Tá sé cineáilín deacair é a chreidiúint le bheith fírinneach, na gradaim agus an moladh ar fad. Ní bhíonn tú cinnte riamh cén bealach go díreach a nglacfar le rud éigin a chruthaíonn tú,” a dúirt sé. 

“Ach chreideamar féin sa scannán sula ndeachaigh sé amach sa saol, más maith leat. Chreideamar go raibh rud éigin speisialta idir lámha againn agus bhíomar dóchasach go rachadh sé i bhfeidhm ar dhaoine agus gur leagan fiúntach a bhí ann den mbunsaothar. É sin ráite, ní fhéadfaimis an rath a bhí ar an scannán sna IFTAs, mar shampla, a thuar, ná baol air. Bhí sé sin dochreidte amach is amach.”

Caithfidh go bhfuil rud éigin an-speisialta faoin scannán seo chun an oiread sin duaiseanna a bhuachan agus an oiread sin cainte a spreagadh.

“Ceapaim go dtéann an scannán i bhfeidhm ar dhaoine. Sin an chéad rud. Tagann tocht orthu, is scéal an-mhothúchánach é. Ach tá rud éigin faoin mbealach go n-éiríonn leis an scannán é sin a dhéanamh atá spéisiúil. Tá sé corraitheach gan a bheith maoithneach, ceapaim.”

 “Tá guaim nó féinsmacht ag baint leis mar phíosa scannánaíochta. Tugann sé spás do na carachtair agus don lucht féachana, ní bhrúnn sé aon rud orthu, nó má bhrúnn is ar bhealach an-leochaileach a dhéantar é.”

Ceapann sé go mbailíonn an scannán a neart ón ‘srian’ sin a chuireann sé air féin mar phíosa. 

“Tá an srian céanna sin le braistint ó na haisteoirí chomh maith, tá chuile dhuine acu ag teacht trasna ar bhealach atá iomlán inchreidte, nádúrtha, a thugann le fios gur mó go mór na rudaí nach bhfuil ráite ná na focail a deirtear,” ar sé. 

“Creidim chomh maith, mar shaothar teicniúil, gur scannán é a bhfuil ardchaighdeán bainte amach aige sa chineamatagrafaíocht, san eagarthóireacht, dearadh, feistis, ceol, fuaimrian. Rinne na rannóga sin ar fad obair den chéad scoth. Táim thar a bheith bródúil faoi sin.”

An raibh sé deacair teacht ar an aisteoir óg ceart chun ról Cáit a imirt? 

“Bhí sé deacair agus bhí sé éasca!” a deir Colm. 

“Deacair sa mhéid is gur chaitheamar míonna ag déanamh éisteachtaí le daoine óga go dtí gur chuir Covid stop leis an gcleachtas sin agus chuir sé iallach orainn ‘féintéipeanna’ a lorg ó dhaltaí Gaelscoile. 

“Ar deireadh tháinig ‘féintéip’ isteach ó chailín óg darb ainm Catherine Clinch ó Ráth Maonais agus bhíomar cinnte nach mór ar an bpointe go raibh ‘Cáit’ aimsithe againn. Mhothaigh sé sin éasca! Thit an cailín seo isteach inár saol ar bhealach, mar a bheadh draíocht ann. Bhí saghas draíocht ag baint leis, mar ba í Catherine, i ndáiríre, an t-aon duine gur bhuaileamar leo gur chreideamar go hiomlán iontu agus go raibh muinín dhocht dhaingean againn inti go bhféadfadh sí tabhairt faoin ndúshlán seo.”

Tosaíonn an scéal i gContae Chill Mhantáin agus ansin bogann sé go Gaeltacht na Rinne/an tSeanphobail, ach rinneadh an scannánaíocht ar fad i gContae na Mí, cé is moite de radharc amháin ar an trá a rinneadh i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath. 

“Tarlaíonn ‘aicsean’ an scéil ar dhá fheirm go bunúsach – feirm muintir Cháit agus feirm na gCinnsealach, gaolta de chuid mháthair Cháit,” a deir Colm. 

“Bhí an t-ádh dearg orainn gur thángamar ar dhá theach a bhí ceart don ré ina bhfuil an scannán suite (1981) laistigh de 15 nóiméid dá chéile. Bíonn obair i gceist i gcónaí le scannán atá suite san am atá caite, ach d’éirigh linn chuile rud a aimsiú i gContae na Mí, rud a chabhraigh go mór ó thaobh na lóistíochta de.”

Is scannán é faoi chailín óg, Cáit, a thagann ó theaghlach “plódaithe, briste, mífheidhmiúil” agus a sheoltar chun cónaí le gaolta a máthar don samhradh, fad is a mam ag iompar,” ar sé. 

Sa teach eile seo, teach na gCinnsealach, tagann Cáit ar thuiscint nua ar shaol an teaghlaigh agus osclaítear a croí agus a hanam. 

“Ach sa teach seo nach gcoinnítear rún ann, nochtann sí rún pianmhar amháin. Is scannán é i ndeireadh na dála faoin ngrá, faoin ngrá sin a chothaíonn muid agus muid ag fás aníos. Ach is scéal é chomh maith faoin deacracht, agus faoin mbaol fiú, a bhaineann le do chroí a oscailt.”

A bhuíochas le saothar leithéidí Choilm agus Cine4, scéim TG4, tá borradh faoin bhfadscannán Gaeilge agus duaiseanna go leor á bhfáil ag scannáin Ghaeilge le tamall. Ach an bhfuil éileamh ar scannáin Ghaeilge?

“Creidim go bhfuil margadh ann do scéalta a bhfuil fiúntas ag baint leo,” a deir sé. “Scéalta a théann i ngleic le téamaí uilíocha agus atá inste ar bhealach ealaíonta. Beidh éileamh i gcónaí orthu sin creidim. Tá ráite ag TG4 go bhfuil sé mar sprioc acu Oscar a bhuachaint sa chatagóir ‘An Scannán Idirnáisiúnta is Fearr’. Cá bhfios nach féidir a leithéid a dhéanamh? Cad ina thaobh nach féidir?

“Má bhreathnaíonn muid ar shaol na litríochta, tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag mórshaothar na Gaeilge. Ba cheart do lucht déanta scannáin na Gaeilge a bheith ag smaoineamh ar an mbonn céanna, ba cheart go mbeadh na scannáin seo ag seasamh gualainn ar ghualainn le scannáin na Fraince nó na Cóiré Theas nó tír ar bith eile.”

Tógadh Colm Bairéad i dteaghlach dátheangach i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath. Níor labhair a athair Béarla leo ariamh agus ní labhraíonn fós. Ach is é an Béarla a labhair agus a labhraíonn a mháthair leo. Bhunaigh athair Choilm Gaelscoil Míde – agus is ansin a chuaigh siad ar scoil. Bhí Colm ina dhalta i gColáiste Eoin níos déanaí agus é ar an meánscoil. 

“Thaitin sé liom i gcónaí a bheith ag plé le scannáin Ghaeilge,” ar sé. “Tá an grá atá agam don teanga fite fuaite ceapaim leis an ngrá atá agam do m’athair, don chultúr agus do m’óige féin ar bhealach. 

“Ach tá sé tábhachtach a lua, na scannáin Ghaeilge ar fad atá déanta agam, is scannáin dhátheangach iad go pointe – bíonn an Béarla i gcónaí ansin mar ghné áirithe den scéal. Seans go bhfuil claonadh ionam i dtreo an taithí saoil a bhí agam maidir leis an dteanga – sé sin gur in aontíos a bhí an Ghaeilge agus an Béarla i gcónaí i mo shaol.”

Cén uair a thosaigh Colm ag cur suim sna scannáin?

“D’fhás mo chuid suime i gcúrsaí scannáin ó m’athair i dtús aimsire. Nuair a cheannaigh sé meaisín VHS don teaghlach sa bhliain 1990, shocraigh sé ar iarracht a dhéanamh scannáin fhiúntacha a chuir faoinar mbráid,” ar sé. “Bhí meascán iontach i gceist, gach rud ó na seanscannáin thostacha, leithéidí Modern Times le Chaplin go seónna ceoil na 30idí, 40daí agus na 50idí in Hollywood, go scannáin Ernst Lubitsch, John Huston, Akira Kurosawa, David Lean, Sidney Lumet. D’fhás mo chuid suime ón gcosán álainn sin a thaispeáin sé dúinn.”

Cén cineál scéalta eile gur mhaith le Colm insint tríd an scannánaíocht?

“Tá suim faoi leith agam faoi láthair sa tír seo mar a bhí idir lár an chéid seo caite agus ré m’óige féin sna hochtóidí,” ar sé. “Tá spéis agam an tsochaí sin a iniúchadh agus a thuiscint ar bhealach níos gléine.”

Faigheann sé spreagadh ó scannánóirí, stiúrthóirí agus scríbhneoirí a thaitníonn go mór leis.

“Tá meas faoi leith agam ar shaothar Kelly Reichardt (Certain Women, Meek’s Cutoff, First Cow). Is máistir í ar chur chuige a mhothaíonn fírinneach nó ionraic dom, agus is ábhar iontais dom an doimhneacht a eascraíonn as an stíl shimplí atá aici,” a deir Colm. 

“Ach tá suim agus meas agam ar iliomad stiúrthóirí, idir bheo agus mharbh, Krzysztof Kieslowski, Lynne Ramsay, Andrea Arnold, Kenji Mizoguchi, Jane Campion, Francesco Rosi ina measc.”

Tá sé ag léamh gearrscéalta John McGahern faoi láthair agus leabhar de chuid an chriticeora scannáin David Thomson, dar teideal Sleeping with Strangers – How the Movies Shaped Desire, ar sé.

Tá cúpla togra á bhforbairt aige faoi láthair, ar sé. 

“Beidh mé ag luí isteach ar obair scripte ar thogra faoi leith go luath tar éis do An Cailín Ciúin teacht amach sna pictiúrlanna. Is togra é a bhfuil maoiniú forbartha faighte againn dó ó Fís Éireann.

“Táim ar bís faoin todhchaí. Is aoibhinn liom a bheith ag plé le scannáin, is aoibhinn liom an próiseas, an chastacht, an comhoibriú, an chruthaitheacht. Mothaím go bhfuil neart eile ionam mar stiúrthóir agus mar scríbhneoir agus táim ag súil go mór leis sin a thabhairt chun solais.”

Fág freagra ar '‘Nach iontach an rud go bhfuil an Ghaeilge le clos anois i ndorchadas álainn na pictiúrlainne?’ '

  • Páidí

    Tá mé i ndiaidh An Cailín Ciúin a fheiceáil i mBloomsbury i Londain aréir. Molaim go hard na spéire an scannán seo. Scannán fíorghálánta. Chaoin mé uisce mo chinn ag an deireadh!