Nach gránna é? Taoscfaidh mé tobar Briocán ort…
Taoscfaidh mé Tobar Briocán ort a déarfadh duine i Ros Muc a bheadh ag bagairt dochar a dhéanamh do namhaid.
Chaití cúpla braon amach as an tobar nó thaosctaí leis an láimh é.
Bhíodh an chontúirt ann i gcónaí ar ndóigh go bhfilleadh an feall ar an bhfeallaire agus gur ar an té a bheadh ag déanamh na heascaine a thitfeadh an mí-ádh sa deireadh.
Bhíodh scéal ann faoi bhean a rinne turas tuathal ag Tobar Briocán agus ba é an deireadh a bhí léi gur loisceadh ina beatha í.
Thriomaigh an tobar go ceann 25 bliain.
Bhí mallacht eile ann a chuirtí ar an gcaoi seo: go dtóige [dtóga] an diabhal go tobar na luatha thú chúig mhíle taobh thíos d’Ifreann.
Fág freagra ar 'NACH GRÁNNA É? Taoscfaidh mé tobar Briocán ort…'