NACH GRÁNNA É! Ná spáráil do bhean nó do chapall

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH GRÁNNA É! Ná spáráil do bhean nó do chapall

Ná spáráil do bhean ná do chapall a deireadh cuid de na fir dheasa a bhí ann fadó. Tá an leagan i bhfoclóir an Duinnínigh fiú amháin.

Is é an réasún a bhí ag na fir dheasa leis dá gcaillfí thú go bhfaigheadh do bhean fear eile agus dá gcaillfí do chapall nár thúisce do mhada féin ná madraí an bhaile á hithe.

Ar ndóigh bhí an chomhairle faoi thógáil na ngasúr chomh gránna céanna: sábháil an tslat is mill an páiste.

Ach oiread le ráitis bhreátha eile tá sé seo sa mBíobla: 

‘An té a bhfuil grá aige dá mhac,

tabharfaidh sé léasadh dó go minic.’

Ná spáráil cuid na hoíche le haghaidh na maidine choíche, a deirtí. Tá sé sin bunaithe ar chuntas atá sa mBíobla ar an Manna a chuir an Tiarna chuig Maois i gcomhair chlann Iosrael.

Dúirt Maois leo ‘Ná fágadh aon duine aon chuid de go maidin.’

Ní dhearnadar rud ar Mhaois  agus choimeád cuid acu roinnt de go maidin ach tháinig cruimheanna ann agus boladh bréan uaidh. Bhí fearg ar Mhaois chucu.

Is féidir na focla spáráil agus spárálach a úsáid ar bhealaí go leor eile freisin.

Seo cuid acu:

Caitheamh na scillinge, spáráil na pingine, nó lena a rá ar bhealach eile,  cruas na bpingneacha agus cur amú na scillinge.

Tá an spáráil chomh maith leis an saothrú.

Greim in am spárálfaidh sé naoi ngreim.

Ní spárálfar fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh.

Fear nár spáráil é féin—fear a d’oibrigh go crua.

Tá siad á spáráil féin—tá siad á thógáil go réidh.

Tá sé spárálach ar a chnámha—ní mharóidh sé é féin ag obair.

Fear ramhar, fear spárálach – bíonn sé á spáráil féin.

Bí spárálach leis an im.

Níor spáráil muid seol sa ngeall sin: choinnigh muid an seol líonta amach le teannadh siúil a chur ar an mbád.

Is spárálach an bhean í, tá sí tíosach. Is cosúil mar sin féin gur ceapadh go bhféadfadh bean éirí róthíosach mar bhí an leagan cainte ‘spáráil na circe fraoigh ar an bhfraoch’  ann. 

Deirtí an rann seo lena mhíniú:

‘Spáráil an fraoch, spáráil an fraoch,’

Arsa an chearc leis an gcoileach;

‘A Mhairéad, a Mhairéad,”’ arsa an coileach,

‘An bhfeiceann tú an cnoc seo is an

Cnoc údán thall?

Níl cnoc acu siúd nach bhfásann  fraoch.’

Fág freagra ar 'NACH GRÁNNA É! Ná spáráil do bhean nó do chapall'