Clúmhach ná raibh ar do lachain
Ál ná raibh ag do cheaircín
Im ná raibh ag do bhainne
Agus feannadh ar do bhó.
Do shíol nár thaga as talamh,
Iasc nár ghabh i d’eangach
Ciall ná raibh ag do leanbh
Agus lúth ná raibh ag a dheaidí
Le maith a dhéanamh dhó.
Gach bealach gearr is fada,
Nár dhéana tú do leas ann,
Agus go bhfuil mo chasóigín
Daor ort go leor!
Rann é seo a leagtar ar Raiftearaí file agus é ag cur a sheacht míle mallacht ar an té a ghoid a chóta. Tá an eascaine bhreá seo agus saothar eile Raiftearaí le fáil sa leabhar iontach a d’fhoilsigh Futa Fata le déanaí Amhráin agus Dánta Raiftearaí le Dúghlas de Híde (leagan athchóirithe le Nollaig Ó Muraíle).
Fág freagra ar 'Nach gránna é? Clúmhach ná raibh ar do lachain Ál ná raibh ag do cheaircín…'